An tSairdínis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSairdínis
sardu

Cineálteanga, teanga mhionlaigh, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais1,300,000 (2017)
Dúchasach doan tSairdín
Stáitan Iodáil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
Southern Romance (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-1sc
ISO 639-2srd
ISO 639-3srd
Glottologsard1257
Ethnologuesrd
IETFsc

Labhraítear Sairdínis sa tSairdín. Is í an Iodáilis teanga oifigiúil na Sairdíne cosúil leis an gcuid eile den Iodáil, ach úsáideann muintir dhúchasach an oileáin canúintí atá níos gaire don tseanLaidin féin ná don Iodáilis. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil a leithéid de theanga ann agus an tSairdínis, nó Sardu.

Tá an teanga roinnte ina dhá príomhchanúint, mar atá, an Logudóiris agus an Champadáinis, agus iad chomh difriúil le chéile is go bhfuil sé beagnach dodhéanta aon teanga liteartha amháin a chaighdeánú don bheirt acu. Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, labhraítear dhá chanúint eile sa tSairdín nach ndearcann lucht a labhartha orthu mar Shairdínis, is é sin, an tSasáiris agus an Ghalúiris. Le fírinne, is fearr a rá gur canúintí Corsaicise iad seo, más fíor nach canúintí Iodáilise iad. Thairis sin, is í an Chatalóinis teanga Chathair Alghero.

Teangacha sa tSairdín

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]