Sléacht Katyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sléacht Katyn
Bolscaireacht Naitsíoch sa bhliain 1943, ag cur eagla ar na comhghuaillithe

Chuir na Sóivéadaigh na mílte Polannach chun báis i bhforaois Katyn sa bhliain 1940, Sléacht Katyn a thugtar ar inniu (an Pholainnis: zbrodnia katyńska ; an Rúisis: Катынская резня / Katynskaya reznya).[1] Is ar an teorann idir an Rúis agus an Pholainn a rinne an tAirm Sóivéadach an tsléacht. Inniu tá Katyn suite sa Rúis, in aice le Smolensk.[2][3]

Postaer a rinne na Naitsithe sa bhliain 1944ː chuir siadsan an locht ar na Sóivéadaigh (agus an ceart acu)
Katyn massacres 1940 map-de.svg

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1940, d’ordaigh Lavrenty Beria, i mbun an NKVD (an tseirbhís rúnda), dúnmharú 20,000 Polannach, oifigigh agus intleachtóirí go háirithe. D'aontaigh ceannaire an tAontas Sóivéadach, Iósaf Stailín, leis.

In 1943, tháinig na Naitsithe ar na holluaigheanna i Katyn agus áiteanna eile (Kalinin (Tver inniu), Kharkiv, srl).

Sheán an tAontas Sóivéadach an scéal agus chur siadsan an locht ar na Naitsithe.[4] Ba mar seo a sheas an scéal ar feadh caoga bliana agus Katyn taobh thiar den Chuirtín Iarainn

Taispeántas i Katyn

Ansin sa bhliain 1990, d’admhaigh Uachtarán an tAontas Sóivéadach, Míchail Gorbaitseov, go raibh na Sóivéadaigh freagrach as an Sléacht.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aonghus (2013-06-07). "Aisteoirí Bulfin: KATYN A THIOCFAIDH TÚ ABHAILE?". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2021-03-05.
  2. "Katyn (rural locality)" (in en) (2021-03-05). Wikipedia. 
  3. Google Maps. "Katyn" (en). Katyn. Dáta rochtana: 2021-03-05.
  4. "‘Herody Kaytn’ a léiriú ag Aisteoirí Bulfin < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-05.