Iarracht ar coup d'état san APSS i 1991

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIarracht ar coup d'état san APSS i 1991
Colláis
Íomhá
Cineáliarracht coup d'état
Putsch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósLúnasa 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRéabhlóidí 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse19 - 21 Lúnasa 1991
Dáta na blianaLúnasa 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLúnasa 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMoscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leisForógra Saoirse na hÚcráine Cuir in eagar ar Wikidata


D'fhógair Boris Yeltsin ar an 22 Lúnasa 1991 go raibh an coup thart

Rinneadh iarracht ar coup d'état san Aontas Sóivéadach (APSS) ar 19 Lúnasa 1991. Bhí na réabhlóidí ag iarraidh sóisialachas lomtheagascach a chur i bhfeidhm.

Tancanna T-80 le linn an coup

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1985, ghlac Míchail Gorbaitseov ceannaireacht an pháirtí. B'iad na focail 'peireastráice" (perestroika, "atógáil, athstruchtúrú") agus "gleasnast" (glasnost', "neamhbhailbhe") a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas, de réir mar a cheadaigh Alt a 72 i mBunreacht an Aontais Shóivéadaigh, cé nár ghlac aon duine an fhoráil sin dáiríre roimhe sin.

Bhí na daoine i mbun na mbaracáidí,

Is iomaí poblacht a chóirigh an chéad toghchán saor leis an bparlaimint náisiúnta a vótáil isteach sa bhliain 1990. Na parlaimintí a toghadh san am sin, thosaigh siad ag achtú dlíthe nach raibh ag teacht le reachtaíocht an Aontais Shóivéadaigh, agus thosaigh "Cogadh na nDlíthe" idir an tAontas agus na poblachtaí seo.

Sa bhliain 1989, tháinig Comhdháil nua Ionadaithe an Phobail le chéile i bPoblacht Shóisialach Fheidearálach Shóivéadach na Rúise. Toghadh Boris Yeltsin ina Chathaoirleach ar an gComhdháil seo. Ar 12 Meitheamh 1990, d'fhógair an Chomhdháil seo forlámhas na Rúise ar thailte na Rúise.

Mhair an éiginnteacht dhlíthiúil seo ar feadh na bliana 1991.

Coup[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1991, bhí an geilleagar go fóill i ngéarchéim agus ba chosúil go raibh an tsochaí ag titim as a chéile. Bhí an Rúis roinnte idir iad siúd a shíl go raibh barraíocht athruithe ann agus an mhuintir a shíl nach raibh go leor ann go fóill.

Bhain Yeltsin dea-cháil amach

Ar 19 Lúnasa 1991, thug dochtairí nó antoiscigh pholaitiúla iarraidh Gorbaitseov a chur dá bhuille. Chuir trúpaí a bhí dílis do Ghorbaitseov an coup faoi chois agus ba ghairid gur insealbhaíodh ar ais in oifig é.[1]

Theip ar na ceannaircí. D'fhógair Boris Yeltsin ar an 22 Lúnasa 1991 go raibh an coup thart. Bhain sé dea-cháil amach.

Comhlathas na Stát Neamhspleách

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Laistigh de cheithre mhí eisreachtaíodh an Páirtí Cumannach sa Rúis agus Thit an rialtas Sóivéadach as a chéile. Bhí a neamhspleáchas fógartha ag gach ceann de na 15 poblacht san APSS. Chruthaigh triúr de na stáit ba mhó, an Rúis, an Úcráin agus an Bhealarúis aontas nua darb ainm Comhlathas na Stát Neamhspleách.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.