Alastair II na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alastair II na Rúise
Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise
Tsar Alexander II -6.jpg
An tImpire Alastair II.
Réimeas 2 Márta 185513 Márta 1881
Dáta breithe 29 Aibreán 1818
Áit bhreithe Moscó
Dáta báis 13 Márta 1881
Áit bháis Cathair Pheadair
Réamhtheachtaí Nioclás I
Comharba Alastair III
Rítheaghlach Romanov

Bhí Alastair II (29 Aibreán 181813 Márta 1881) (Rúisis: Александр II Николаевич, Aleksandr II Nikolaevich) ina impire ar an Rúis ó 2 Márta 1855 go dtí lá a bháis sa bhliain 1881.

Thabhaigh sé clú an liobrálachais is na caoinfhulaingthe dó féin. Scéal eile, ar ndóighe, an raibh mórán de dhíth ar aon nós le sin a dhéanamh, i bhfianaise chomh dian is a bhí an t-uathlathas is an t-anlathas i mblianta Niocláis I.

An Saoradh ó Bhráca faoi dheoidh![athraigh | edit source]

Bhí Alastair meáite ar an gcóras a leasú, go háirithe an seirfeachas a chur ar ceal agus na seirfigh a shaoradh ó bhráca. Ó nach raibh an scéim seo ag taithneamh go rómhaith leis na huaisle - leis na tiarnaí talún - b'eigean don Impire dul i muinín na státseirbhíseach lena chumhacht a bhuanú agus a chuid leasuithe sóisialta a chur i gcrích. Mar sin, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag mo dhuine ach treisiú leis an maorlathas.

Bhí srianta le leasuithe Alastair féin, ná creideadh aon duine a mhalairt. Ní raibh sé sásta oiread is cluas éisteachta a thabhairt dóibh siúd a bhí ag áitiú air parlaimint nó tionól náisiúnta a chur ar bun don Rúis. Má bhí sé ag iarraidh saoirse a bhronnadh ar na seirfigh, ní raibh mórán liobrálachais ná radacachais de dhíth lena aghaidh sin: tar éis an tsaoil, bhí an tír ar coipeadh le ceannaircí scológ agus trioblóidí tuaithe, agus fuascailt ag teastáil go dóite leis an tír a thabhairt chun síochána.

An dóigh ar cuireadh an seirfeachas ar ceal, níor leigheas sé fadhbanna na tuaithe ach ar éigean. B'éigean do na seirfigh dul ag saothrú a gcuid tailte le luach a bhfuascailte a íoc - ní saor in aisce a bronnadh orthu iad. Ba mhinic nach raibh siad in ann ach cuid a cheannach den talamh go léir a bhí siad a shaothrú roimh an saoradh ó bhráca. Ón taobh eile de, ní raibh siad ceangailte den talamh a thuilleadh - mar sin, d'fhéadfaidís fód a ndúchais a fhágáil le gléas beo ní b'fhearr a bhaint amach sna cathracha. B'é ba toradh don leasú seo, i ndiaidh an iomláin, ná go raibh idir scológ agus thiarna talún thíos leis.

Go nuige seo, choinníodh na seirfigh na maintithe móra ag imeacht agus iad faoi dhualgas a gcion féin a shaothrú i bpáirc an tiarna talún. Anois, áfach, chaithfeadh an tiarna talún pá a íoc lena lucht oibre - chaithfeadh sé éirí as an bhfeodachas agus talmhaíocht chaipitlíoch a thabhairt isteach ina áit. Is é sin, chaithfeadh a chuid tailte a bheith ag táirgiú barraí indíolta le gléas beo a chinntiú dó féin agus pá an lucht oibre a íoc. Ba mhinic nár éirigh a leithéid d'éacht leis na huaisle tuaithe, agus b'é deireadh an scéil gur cuireadh na tailte ar ceant leis na fiacha a ghlanadh. Ón taobh eile de, nuair nach raibh na scológa in inmhe iomlán a gcuid tailte a cheannach, fuair siad iad féin in anás talún agus bia. Chuaigh an t-ampla talún in olcas ar fud na Rúise, agus praghas na talún ag dul in airde dá réir.

Ba sa bhliain 1861 a cuireadh deireadh leis an seirfeachas, ach tharraing an leasú seo tuilleadh ina dhiaidh. Tháinig athrú ar an rialtas áitiúil le bunú na dtionól áitiúil, nó na seimstveanna - tá gaol ag an fhocal seo, zemstvo, le zemlya, an focal Rúisise a chiallaíonn "talamh".

B'iad na huaisle a stiúraíodh na seimstveanna, ach mar sin féin, ba chéim chun tosaigh iad, no cibé locht a bhí orthu, chuidigh siad le meabhraíocht éigin polaitíochta agus fonn féinrialtais a chothú i measc na cosmhuintire féin. Mar sin, tháinig cúrsaí na sláinte, mar shampla, go mór ar aghaidh faoi stiúrú na seimstveanna.

San am céanna, sa bhliain 1864, leasaíodh an córas dlí agus cirt fosta le hiarsmaí an fheodachais a throid. Go dtí seo, bhí na seirfigh fágtha faoi dhlínse a dtiarna talún, ach nuair a tháinig deireadh leis an seirfeachas féin, ba mhithid an dlínse seo a bhaint den tiarna agus cumhacht neamhspleách bhreithiúnach a chur ar bun, mar ba dual d'aon stát faoi riail an dlí.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, d'athchóirigh an Sár an t-arm in aithris ar an bPrúis. Cuireadh coinscríobh ceart in áit na seanphriosála, agus giorraíodh téarma na seirbhíse armtha go mór - ó bhreis is fiche bliain síos go sé bliana amháin. hAthraíodh na dlíthe cogaidh fosta, nó tháinig deireadh leis na pionóis bhrúidiúla chorpartha, le linn na síochána ar a laghad. Thairis sin, bunaíodh scoileanna míleata le scileanna proifisiúnta nó speisialta na n-oifigeach a fheabhsú, gan aon trácht ar léamh agus scríobh a bheith á mhúineadh do na saighdiúirí úrearcaithe ón tuath - ba mhinic nach raibh ceá ná ciú acu.

Bhí an scolaíocht ar ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín Alastair ar bhealaí eile fosta. Mar sin, thug sé cead a gcinn do na hollscoileanna a gcuid cúrsaí a reachtáil go neamhspleách, chomh maith le tacú leis na seimstveanna agus iad ag féachaint le scoileanna bunteagaisc a thógáil faoin tuath. Tháinig an-dlús le bunú na scoileanna faoi cheannas Alastair. Nuair a bhí sé ina Impire, bhí litríocht na Rúisise ag dul chun cinn fosta, nó chuala an saol mór iomrá ar scríbhneoirí na linne.

Fuair Alastair é féin in abar de réir a chéile, nó ní raibh sé ábalta ag seachthorthaí a chuid polasaithe. Sin é an phríomhdheacracht le stát uathlathais: nuair atá aon duine amháin i gceann na gcúrsaí, agus é ag cinneadh ar leasú a dhéanamh ar an tsochaí, ar ndóighe níl sé in ann a theacht roimh na seachthorthaí ná súil aige leo; agus na daoine féin, níl cead acu a gcuid mioncheartuithe-san a dhéanamh ar an leasú a bhrúigh an Sár anuas orthu, ná fiú a saol féin a chur in atheagar leis na hiarmhairtí gan choinne a sheasamh ní b'fhearr. Níl aon solúbthacht i gcóras an uathlathais Impiriúil. Mar sin, ba dual córais d'Alastair brachán a dhéanamh de na leasuithe, siúd is nach féidir mórán locht a fháil ar a dhea-thoil ná ar a ionraiceas.

Bhí fadhbanna ag Alastair leis an bPolainn, fosta. Tháinig le mo dhuine an chuid ba saibhre d'uasalaicme na tíre a chealgadh chun comhoibriú, ach má tháinig, bhí an chuid eile den náisiún chomh reibiliúnta is a bhí riamh. Sa bhliain 1863, d'éirigh na Polannaigh amach arís mar ba ghnách, cloíodh iad mar ba ghnách, agus d'imigh ainm na Polainne féin de mhapaí oifigiúla na Rúise: is é an t-ainm a baisteadh ar an tír sin ná Privislinye, nó an cúige chois na habhainne úd Wisła (Vistula as Béarla, Weichsel as Gearmáinis).

Moscó sa bhliain 1867
Moscó sa bhliain 1867

Fréamha an Radacachais sa Rúis[athraigh | edit source]

An dóigh a ndeachaigh d'Alastair fadhbanna na tuaithe a fhuascailt tríd na seirfigh a shaoradh ó bhráca, d'fhág sé go leor siocracha ag na radacaigh trioblóid a tharraingt i measc na cosmhuintire. B'iad na raznochintsy, "lucht na n-ilaicmí", ba mhó a chuir suim sa réabhlóideachas agus sa radacachas. Thar aon rud eile, ba chlann do na heaglaisigh iad na fir óga seo. Tá cead pósta ag sagairt na hEaglaise Ceartchreidmhí, agus le cuid de na postanna eaglasta a bhaint amach, fiú, caithfidh siad a bheith pósta. Deirtear go bhfuair Impire éigin de chuid na Rúise foláireamh ó státaire Chaitliceach, gur botún a bhí ann cead a bpósta a fhágáil ag na heaglaisigh, ó nach raibh aon áit cheart ar fáil dá gclann i sochaí le scoilteacha dosháraithe idir na haicmí éagsúla - cosúil le sochaí na Rúise. B'fhéidir nach bhfuil ann ach scéilín magaidh den chineál apacrafúil, ach is léir go raibh sliocht na n-eaglaiseach go mór mór chun tosaigh i measc na radacach is na réabhlóidithe. I mbreis orthusan, lucht féinteagasctha a bhí i gcuid mhaith de na h-"ilaicmigh". Daoine a bhí ann a tháinig as measc na scológ is na mbochtán agus iad ag súil le háit sheascair shócúlach sa tsochaí, ó bhí siad i ndiaidh dintiúirí oiliúna agus oideachais a bhaint amach. Ós rud é go raibh na teorainneacha idir na haicmí comh righin is a bhí, ní raibh an dul chun cinn sóisialta ar fáil do na daoine seo, agus is léir gur éirigh siad míshásta.

San am chéadna, bhí radacachas de chineál nua - radacachas éadóchasach, éadrócaireach - á fháscadh as na smaointí faiseanta ag scríbhneoirí agus ag intleachtóirí óga ar nós Nikolay Chernyshevskiy. Scríobh Chernyshevskiy an t-úrscéal ab fhearr le Léinín - Chto delat'? nó "Cad é ba chóir a dhéanamh?" - agus é ag móradh na brúidiúlachta crua cranraithe a ba dual don fhíor-réabhlóidí, dar leis.

Na Naroidnicí[athraigh | edit source]

Maidir leis na scológa, is dócha gurbh iad na Naroidnící ba mhó a d'fhéach lena gcúis siúd a chur chun cinn sa tsochaí. Gluaiseacht a bhí sna Naroidnící - nó na Cosmhuintirigh, más fearr leat an focal Rúisise a aistriú go Gaeilge - a bhí ag iarraidh meabhraíocht pholaitiúil a chruthú is a chothú faoin tuath. Ós rud é gur fágadh go leor scológa in anás talún nuair a bhí an seirfeachas curtha ar ceal, bhí an-phoitéinseal réabhlóideach sna hiar-sheirfigh, ach é a chanálú ar mhaithe leis an ghluaiseacht.

Bhí cuid de na Naroidnící sásta cloí le modhanna síochánta oibre, agus iad ag cur béime ar an scolaíocht agus ar an tsoilsitheoireacht, nó ba dóigh leofa gurb í an stair féin a chuirfeadh an réabhlóid i gcrích, chomh túisce is a thiocfadh an lá ceart; go dtí sin, dar leo, ba chóir don ghluaiseacht - fiú más gluaiseacht réabhlóideach a bhí ann - na scológa a mhuscailt agus a chur ar a gcumas a réabhlóid féin a dhéanamh, ar acht gur mhian leo é. Bhí na Naroidnící inbharúla gur chóir urraim agus ómós a thabhairt do na traidisiúin áitiúla agus do riachtanaisí na scológ féin, seachas an tsochaí a leasú ón uachtar anuas, beag beann ar an dóigh a raibh na scológa ag dearcadh ar a gcás féin. Na hiarrachtaí a bhí ar cois ag an Impire, ionraic is uile mar a bhí siad, ba mhinic nach ndeachaigh siad chun mórán leasa don chosmhuintir i ndiaidh an iomláin, ó nach raibh na húdaráis sásta na pleananna a thabhairt i gcrann ná na leasuithe a chur i gcrích i gcomhar ná i gcomhthuiscint leis an chosmhuintir féin.

An chuid eile de na Naroidnící, áfach, chuaigh siad le sceimhlitheoireacht, agus ó bhí na síochánaithe is na sceimhlitheoirí in aon eagraíocht le chéile, chuir an Stát cath ar an dá eite. Mhéadaigh sin go mór mór ar an radacachas, ar ndóigh. Siúd is gur thit gluaiseacht na Naroidnící as a chéile faoi dheireadh sa bhliain 1879, agus an dá eite ag bunú eagraíochtaí dá gcuid féin, d'fhág siad a sliocht ar pholaitíocht na Rúise a mhair beo breabhsánta bíogúil go lá na réabhlóide. B'iad na Réabhlóidithe Sóisialacha - an páirtí Sóisialach a bhí i muinín na tuaithe is na sluaite móra faoi choinne tacaíochta - ba phríomhoidhrí polaitiúla do na Naroidnící.

Bás an Impire[athraigh | edit source]

B'iad na Naroidnící radacacha - lucht leanúna na heagraíochta úd Narodnaya Volya, nó Toil an Phobail - a thug bás an tSáir Alastair. Is iomaí iarracht a rinne siad leis an Impire a mharú ón mbliain 1879 i leith, agus tháinig imní agus oibriú intinne ar an targaid féin de thoradh na n-iarrachtaí seo, ní nárbh ionadh. Mar bhfreagra ar an fheachtas sceimhlitheoireachta, chuaigh an tImpire i dtuilleamaí an Ghinearáil Mikhail Loris-Melikov a raibh clú na dúthrachta is na héifeachtúlachta air. Chuaigh Loris-Melikov i gceann na Roinne Gnóthaí Inmheánacha, agus bhronn an Sár cumhachtaí an deachtóra air.

Chuir Loris-Melikov i dtoll le chéile plean leasaithe na sochaí le fréamhacha na sceimhlitheoireachta a stoitheadh. Fuair sé faomhadh an Impire, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh leis na sceimhlitheoirí an t-anam a shéideadh as Alastair le buama a phléasc siad i gCathair Pheadair sa bhliain 1881.

Shíl na sceimhlitheoirí go dtiocfadh an réabhlóid ar lorg dhúnmharú an tíoránaigh, ach cosúil le lucht Mhí na Nollag rompu, bhí fuar acu. Nó is é an rud a fuair siad ar son a bhfuadair ná tíoránach a bhí i bhfad Éireann ní ba mheasa.



Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev