Alastar I na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Alastair I na Rúise)
Infotaula de personaAlastar I na Rúise

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Александр I
Beathaisnéis
Breith12 Nollaig 1777 (Iúlach)
Cathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Samhain 1825 (Iúlach)
47 bliana d'aois
Taganrog Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Fiabhras tíofóideach)
Áit adhlacthaPeter and Paul Cathedral (en) Aistrigh (1826 (Iúlach)–) Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Rúise Uile
12 Márta 1801 (Iúlach) – 19 Samhain 1825 (Iúlach)
← Pól I na RúiseNioclás I na Rúise → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Áit chónaithePálás an Gheimhridh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Rúis (1801–1825)
Amstardam Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhillteach
GéillsineImpireacht na Rúise
Céim mhíleatamarascal
marascal machaire Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogaí Napoléon
Eile
Teideal uasalImpire na Rúise Uile Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachHolstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileElizabeth Alexeievna (Louise Baden) (1793 (Iúlach), 1793–1825 (Iúlach)) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMaria Naryshkina (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteArd-Bhandiúc Maria Alexandrovna na Rúise
 ( Elizabeth Alexeievna (Louise Baden))
Mariya Parizhskaya
 ( Marguerite Georges)
Wilhelmine Alexandrine Pauline Alexandrov
 ( )
Gustaw Ehrenberg
 ( Veronica Dzierzanowska (en) Aistrigh)
Maria (?)
 ( Barbara Tourkestanov, Princess Tourkestanova (en) Aistrigh)
Emmanuil Naryshkin
 ( Dmitry Naryshkin (en) AistrighMaria Naryshkina (en) Aistrigh)
Zenaida Narishkin
 ( Maria Naryshkina (en) Aistrigh)
Sofya Naryshkina
 ( Dmitry Naryshkin (en) AistrighMaria Naryshkina (en) Aistrigh)
Nikolai Lukash
 ( Sofiya Meshcherskaya (en) Aistrigh)
Ard-Bhandiúc Elizabeth Alexandrovna na Rúise
 ( Elizabeth Alexeievna (Louise Baden))
Nikolay Isakov
 ( Maria Ivanova Katatcharova (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPól I na Rúise  agus Maria Feodorovna
SiblínNioclás I na Rúise, Ard-Diúc Konstantin Pavlovich na Rúise, Ard-Diúc Michael Pavlovich na Rúise, Anna Pavlovna na Rúise, Ard-Bhandiúc Maria Pavlovna na Rúise, Ard-Bhandiúc Alexandra Pavlovna na Rúise, Catherine Pavlovna na Rúise, Ard-Bhandiúc Elena Pavlovna na Rúise agus Ard-Bhandiúc Olga Pavlovna na Rúise
Gradam a fuarthas
Síniú

Musicbrainz: 3077b2ee-3fb2-4f2a-982a-cbee2f7b7bbe Find a Grave: 52462952 Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Alastar I (Rúisis: Александр I Павлович, Aleksandr I Pavlovich) impire na Rúise ó 23 Márta 1801 go 1 Nollaig 1825.

Sár[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é Alastar a hAon an chéad Sár sa naoú haois déag; chuaigh sé i gceannas ar an tír in Earrach na bliana 1801; agus dealraíonn sé go raibh sé ar an Impire ba chumasaí dár rialaigh an tír san aois sin.

I dtús a réimis shocraigh sé síocháin le Sasana agus leis an bhFrainc, le súil is go gcoinneodh sé an Rúis glan ar an gcogadh idir an bheirt eile. De réir is mar a bhí Napoleon ag éirí bagrach, áfach, fuair Alastar riachtanach dul i gcomhghuaillíocht le Sasana agus leis an Ostair in éadan na Fraince. Rinne na Francaigh ciolar cíot d'arm na hOstaire is na Rúise in Austerlitz (Slavkov i bPoblacht na Seice sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1805, agus nuair a madhmadh ar na Prúisigh dhá bhliain ina dhiaidh, fuair Napoleon geataí na Rúise oscailte roimhe. Bhí Alastar cinnte nach dtiocfadh leis an fód a sheasamh in éadan Napoleon, agus shocraigh sé síocháin leis an bhFrainc le hanáil a tharraingt agus scíth nó cairde a fháil roimh an chéad teagmháil eile.

Portráid eachrach d'Alastar I (1812)

D'iarr Napoleon ar Alastar cogadh a chur ar an tSualainn nach raibh sásta páirt a ghlacadh in Imshuí na hIlchríche, is é sin, an scéim a bhí ag Napoleon ilchríoch na huile Eorpa a dhúnadh ar longa na Sasanach.

Rinne Alastar mar a hiarradh air - ar a laghad, d'ionsaigh sé an tSualainn agus ghabh sé an Fhionlainn ó na Sualannaigh sa bhliain 1809. Dearbhaíodh an nascghabháil i gconradh síochána Hamina/Fredrikshamn. Thairis sin, chuir Napoleon duine dá chuid marascal, Jean Baptiste Bernadotte, i gceannas ar an tSualainn. Ní raibh Bernadotte, - ar gaireadh Rí na Sualainne de faoin ainm Séarlas Eoin (Karl Johan) - chomh mór sin istigh le Napoleon mar a shamhlófá le ginearál dá chuid.

Nuair a tuigeadh do Bhernadotte agus d'Alastar araon nach raibh an t-imshuí ach ag dul chun dochair don dá thír, idir an Rúis agus an tSualainn, chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le chéile in aghaidh na Fraince. Ní thabharfadh Alastar an Fhionlainn ar ais don tSualainn, ach gheall sé do Bhernadotte go raibh cead aige an Iorua a ghabháil ón Danmhairg in éiric na Fionlainne.

Cogadh Alastair agus Napoleon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair Napoleon amach faoin uisce faoi thalamh seo, chruinnigh sé le chéile na sluaite síoraí de shaighdiúirí as na tíortha uile a bhí faoina smacht faoin am seo - an Grande Armée, mar a tugadh ar an arm úd. Thrasnaigh an Grande Armée teorainn na Rúise i ndeireadh Mhí an Mheithimh den bhliain 1812, ach má thrasnaigh féin, ní raibh moill ná cúl ar mhuintir na Rúise cur le chéile ar mhaithe leis an Sár, leis an tír agus leis an gcreideamh, in aghaidh an "tíoránaigh aindiaga", mar a chonacthas Napoleon dóibh.

Napoleon i Moscó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh chath Borodino i Mí Mheán Fómhair den bhliain chéanna d'éirigh le Napoleon Moscó a bhaint amach. Bhí an chuma ar an scéal go raibh na saighdiúirí á gcur thar a n-acmhainn aige, agus súil aige go dtiocfaidís trasna ar bhia is ar bheatha sa chathair. Bhí na Rúisigh tar éis an áit a thréigean, a bheag nó a mhór, gan plaic bhia a fhágáil ina ndiaidh.

Le teann frustrachais, chuir Napoleon cuid den chathair trí thine, ach má chuir féin, ní raibh gar ann: ní bhfaigheadh sé aon tairiscint síochána ó Alastar cuma cá fhad eile a d'fhanfadh sé.

Sa deireadh thiar thall, ní raibh de rogha aige ach filleadh abhaile. Ansin, áfach, bhí geimhreadh míchlúiteach na Rúise ag teannadh ar a chuid saighdiúirí, agus chuir treallchogaíocht na Rúiseach go mór mór leis an éag a bhí ag siúl ar an nGrande Armée. Nuair a d'fhág Napoleon an Rúis, ní raibh ach fear amháin fágtha aige as gach cúigear déag a bhí aige nuair a thosaigh sé ar an bhfeachtas.

Elizaveta Alexeevna, Vigee-Lebrun (1802)

Alastar ina Laoch - Fuascailteoir na hEorpa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig díormaí dochloíte Alastair sna sálaí ag Napoleon, áfach. Faoi cheannas an tSáir chruinnigh stáit na hEorpa le chéile in aghaidh na bhFrancach, go dtí go ndeachaigh an dá arm chun teagmhála i gCath na Náisiún in aice le Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1813.

An bhliain dár gcionn, 1814, bhain Alastar amach príomhchathair na Fraince, áit a bhfuair sé fáilte an laoich ó mhaithe agus ó mhóruaisle na hEorpa.

An Dá Alastar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú mhaith ar Alastar i gcónaí, go háithrid i bhfarradh is an cineál Impire a bhí ina athair. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an dá Alastar ann, nó, i mbreis ar an oideachas shaorealaíonta a fuair sé, níor spáráladh diantréanas an tsaighdiúra air ach an oiread, nó bhí a athair géarbharúlach go gcaithfeadh an buachaill an taobh sin den tsaol a fheiceáil chomh maith céanna. B'é ba toradh don déscarúint seo go raibh Alastar ag guagaíl idir an dá thine Bhealtaine go lá a bháis.

I dtús a réimis chuir Alastar ar bun club comhrá, "coiste na maitheasa poiblí", mar a bhaist sé air in aithris ar ainm an rialtais réabhlóidigh sa Fhrainc. Ní raibh i gceist leis an gcoiste seo ach fir uaisle ag útamáil le smaointí radacacha nach raibh inchurtha i gcrích sa Rúis ar aon nós ná slí. Nuair a d'éirigh ina chogadh dhearg idir an Rúis agus an Fhrainc an chéad uair, scoir Alastar an coiste seo.

S.S. Shchukin (fl. c. 1800)
Éirí Amach Mhí na Nollag

Ní raibh mórán ratha ar Mikhail Speranskiy ach an oiread. Bhí seisean ina Phríomh-Aire (nó ina Phríomh-Státrúnaí, de réir na téarmaíochta oifigiúla) sna blianta 1807-12, agus é as pabhar díocasach ag féacháil le córas rialtais na tíre a leasú is a chur in oiriúint don aois úr. Theastaigh uaidh dumaí nó tionóil ionadaíochta a bhunú ar gach leibhéal i riarachán na tíre - ó dhuma an pharóiste go duma na huile Rúise (sin le rá, bhí sé meáite ar pharlaimint cheart a chur ar bun sa tír) - ach nuair a tháinig a chuid pleananna a fhad leis seo, thosaigh Alastar ag cur amhrais iontu: ní raibh sé ag dréim lena dhath dá chumhacht uathlathach a thabhairt uaidh, i ndiaidh an iomláin. Sa bhliain 1812, chaill Speranskiy a phost, agus díbríodh go dtí an tSibéir é. Mar sin féin, cuireadh cineál duma nó comhairle stáit ag obair de réir mar a bhí leagtha amach ag an bpríomh-aire mí-ádhúil. Ní parlaimint d'aon chineál a bhí ann, áfach, ach comhthionól comhairleach, agus an Sár féin ag ainmniú na gcomhaltaí. Seanghinearáil a bhíodh ar an gcomhairle seo, an chuid ba mhó acu.

Nuair a bhí Napoleon cloíte, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i Vín le caoi cheart a chur ar chúrsaí na hilchríche aríst. Fágadh an Rúis i seilbh na Fionlainne, agus bronnadh an Iorua ar an tSualainn ina héiric. D'éirigh ina achrann mór idir Alastar agus lucht rialtais na Prúise is na hOstaire faoin bPolainn, nó bhí Alastar barúlach gur chóir an Pholainn a athbhunú mar stát a bheadh neamhspleách go foirmiúil, ach é a bheith faoi aon choróin leis an Rúis.


Sa deireadh thiar thall, fuair Alastar an chuid lárnach den tír sin, limistéar ar tugadh "Polainn na Comhdhála" nó "Ríocht na Comhdhála" air, ós rud é go mb'í Comhdháil Vín a chruthaigh an stát seo. (Królestwo KongresoweKongresówka an leagan Polainnise.) D'fhág Alastar cineál féinrialtais ag na Polannaigh, ach má d'fhág, níor mhair sé ach tamall. Sna blianta a bhí chugainn, d'iompaigh sé amach nach mó ná sásta a bhí na Polannaigh le bronntanas seo an tSáir, agus iad ag éirí amach ina éadan uair i ndiaidh uaire, go dtí go bhfacthas don Impire nach raibh de rogha aige ach an féinrialtas a chur ar ceal agus gnáthchúige a ghairm den "ríocht".

Mar ba dual don Rúiseach, bhí féith an reiligiúin is na rúndiamhrachta reiligiúnda in Alastar féin, agus mhol sé do na ríthe is na rialtóirí eile comhghuaillíocht a shocrú le chéile "leis an tsíocháin bhuan is an creideamh Críostaí a chosaint in éineacht". B'í seo an Chomhghuaillíocht Naofa, agus an chuid eile de lucht rialtais na hEorpa barúlach nach raibh ann ach seafóid. Mar sin féin, b'é ba toradh don chomhdháil is don chomhghuaillíocht gur thosaigh na polaiteoirí Eorpacha ag glacadh na Rúise dáiríre mar pháirtí comhoibrithe. Thar aon rud eile, bhí na ríthe is na polaiteoirí coimeádacha i dtíortha eile meáite ar iarsmaí na réabhlóide Francaí a choinneáil faoi smacht, lucht leanúna nó adhartha Napoleon ach go háirithe. Bhí an Rúis araiciseach chun cuidiú leis an gcuid eile acu san obair seo, rud a thabhaigh an-mhíchlú don tír i measc lucht an radacachais ar fud na hEorpa: bhaist siad "póilín airm (gendarme) na hEorpa"ar an Rúis.

G.Dawe (1826, Peterhof)

Tháinig Alexey Arakcheyev i gcomharbacht ar Speranskiy. Ginearál a bhí in Arakcheyev, agus dearcadh dian míleata aige ar chúrsaí na tíre. D'fhág sé a shliocht ar an gcuid deiridh de réimeas Alastair, ach ní raibh sé ábalta na leasuithe sóisialta a stopadh a raibh bun curtha leo ag Speranskiy. Deirtear go seasann an dá thréimhse agus an dá chineál Príomh-Aire i réimeas Alastair don dhá chineál Alastair a bhí ann, an leasaitheoir forásach agus an saighdiúir dian dána.

Bás Alastair agus an comharbas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bás Alastair I in Taganrog (liteagraf de chuid an 19ú haois.

Fuair Alastar bás sa bhliain 1825, agus praiseach déanta aige de chúrsaí na comharbachta. D'eitigh an duine ba sine dá chlann mhac, Konstantin, don choróin ó thús; mar sin, ní bhfuair an Sár de bhealach éalaithe ach ordú rúnda a thabhairt uaidh ag gairm ríchomharba den mhac eile, Nikolay (Nioclás). Bhí an t-ordú seo ag teacht crosach ar an dlí a bhí achtaithe sa bhliain 1797 le achrann comharbachta a sheachaint, agus nuair a tháinig Nioclás i réim in áit Konstantin, shíl go leor daoine gur forghabháil mhídhlíthiúil cumhachta, nó coup d'état, a bhí déanta ag Nioclás.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]