"Comhdháil Vín" - pictiúir le Jean-Baptiste Isabey (1819)
Is éard a bhí i gceist le Comhdháil Vín ná cruinniú idirnáisiúnta a tháinig le chéile i Vín, príomhchathair na hOstaire, i Mí na Samhna 1814 agus a scoir i Mí an Mheithimh 1815. Ba é an Prionsa Klemens Wenzel von Metternich, an státaire Ostarach, a d'eisigh an ghairm chruinnithe agus a bhí ina chathaoirleach. Bhí sé de chuspóir ag an gcomhdháil ná cuma cheart a chur ar an Eoraip i ndiaidh réabhlóid na Fraince agus chogaí Napoleon, go háirithe ó tháinig deireadh le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh. De thoradh na Comhdhála, d'athraigh na teorainneacha ina lán áiteanna ar fud na hEorpa.
Tháinig toscaireacht oifigiúil ón Rúis faoi cheannas Karl Robert Nesselrode, Aire Gnóthaí Eachtracha na hImpireachta, ach bhí an tImpire féin, Alastar a hAon, i láthair.
Maidir leis an bhFrainc, níor chuir sé iontas ar aon duine go raibh Talleyrand - Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord, an seantaidhleoir cliste a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa Fhrainc le linn na Réabhlóide, i réimeas na ríthe agus i ré Napoleon - ag coinneáil súile ar shainleas a thíre féin le linn na comhdhála seo fosta.
Agus maidir leis an "gcúigiú mórchumhacht", an Phrúis, bhí an Seansailéir Karl August von Hardenberg agus an scoláire clúiteach Wilhelm von Humboldt i láthair, chomh maith le rí a dtíre, Feardorcha Uilliam (Friedrich Wilhelm) a Trí.
Fuair an Rúis an chuid ba mhó de Dhiúcacht Vársá (an stát soip a bhunaigh Napoleon do na Polannaigh). Sa bhliain 1809, shealbhaigh an Rúis an Fhionlainn ón tSualainn, agus cheadaigh an Chomhdháil don Impire Alastar an gabháltas seo a choinneáil.
Tugadh dhá chúigiú cuid den tSacsain don Phrúis, chomh maith le tailte iartharacha Dhiúcacht Vársá, chomh maith le Danzig agus Westfalen.
Cuireadh Cónaidhm na Gearmáine in áit na hImpireachta Naofa Rómhánaí, agus d'aontaigh an Chomhdháil an 360 mionstát a bhí sa Ghearmáin roimhe seo go 38 stát faoi uachtaránacht Impire na hOstaire. Níor chuireadh ach codanna de chríoch na hOstaire agus na Prúise isteach sa Chónaidhm.
Aontaíodh an Ollainn agus "Deisceart na hÍsiltíre" (= An Bheilg, a bheag nó a mhór) in aon mhonarcacht amháin, agus rí den rítheaghlach Oráisteach (Nassau-Oranje) á rialú.
Fuair an Phrúis "Pomaráin na Sualainne", is é sin, na tailte i dTuaisceart na Gearmáine, timpeall Stralsund agus Greifswald, a bhí faoi fhorlámhas na Sualainne go dtí an bhliain 1814 agus a tugadh don Danmhairg sa bhliain sin.
Fuair an Pápa a chuid Stát san Iodáil ar ais, ach choinnigh an Fhrainc seilbh ar Avignon agus ar Comtat Venaissin (an réigiún timpeall ar Avignon).
Fuair Rí na Sairdíne ar ais a chuid tailte i bPiemonte, i Saváí agus i Nice, agus thairis sin, cuireadh Poblacht Genoa ar ceal agus tugadh na tailte do Rí na Sairdíne.