Poblacht Ghenova

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Críocha Phoblacht Ghenova (limistéir tionchar eacnamaíocha a thaispeántar i mbándearg) ar fud cóstaí na Meánmhara agus na Mara Duibhe, sa bhliain 1400, ós rud é an Codex Latinus Parisinus (1395).

Ba stát neamhspleách í Poblacht Ghenova (An Iodáilis: Repubblica di Genova, An Liogúrais: Repúbrica de Zêna) ón bhliain 1005 go 1797 i Liogúria ar chósta iarthuaisceart na hIodáile, ag ionchorprú an Chorsaic 1347-1768, agus na iliomad críocha eile ar fud na Meánmhara]].

Thosaigh Genova amach mar común ceannasach laistigh de Regnum Italicum , agus cuireadh críoch léi nuair chloígh an Chéad Phoblacht Fhrancach faoi Napoléon Bonaparte í agus cuireadh An Phoblacht Liogúrach ina háit. Géilleadh an Chorsaic sa Chonradh Versailles (1768). Nasc-ghabhadh Céad Impireacht na Fraince an Phoblacht Liogúrach sa bhliain 1805, agus fograíodh a hathbhunú go hachomair sa bhliain 1814 tar éis briseadh Napoléon, ach ar deireadh gabhadh í isteach i Ríocht na tSairdín sa bhliain 1815.