Plé:Míchail Gorbaitseov

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Má Ghaelaítear an t-ainm, ní mór cloí leis an riail sin "caol le caol agus leathan le leathan". Ós rud é nach bhfuil scéim oifigiúil ann le hainmneacha Rúisise a Ghaelú, níl mé féin ródhíograiseach chun iad a Ghaelú, nó is fearr cloí le córas éigin ar féidir a rá gur córas é, is é sin, an córas Béarla (Mikhail Gorbachev) nó an córas léannta (Mixail' Gorbačëv). Níl ciall ar bith le "Míchail Gorbaitsov" de réir na Gaeilge ná de réir na Rúisise; is é an leagan "Míocháil Gorbaitseov" an ceann is fearr a ritheann liomsa i láthair na huaire, ach dháiríre, níl mé féin go rómhór i bhfách le Gaelú wholesale na n-ainmneacha Rúisise, a fhad is nach bhfuil córas rialta traslitrithe oibrithe amach ag aon duine. Panu Petteri Höglund 09:07, 23 Nollaig 2006 (UTC)[reply]

And if I may elaborate a little in English: Being somewhat fluent in Russian, I am quite aware of the fact that the actual pronunciation of Russian names can probably be shown by an Irish-based transcription much more accurately than by an English-based transcription. However, as long as no official institution has issued guidelines for the transcription of Russian, I tend to think that it would be somewhat foolhardy of us to try to introduce a system of our own, or worse, to transcribe the names unsystematically. Scientific transcription à la Mixail' Gorbačëv is otherwise a good idea, because it is accurate, but the gnáthléitheoir will not be able to make bun ná barr of it. So, although I am loath to say this, English-based transcription might as well be the least bad alternative as things are at the moment.

Developing a system of our own entails quite a lot of issues and problems which I am not sure we have the resources to resolve; for example, we have already Cruistsiof; so shouldn't we write Gorbaitseof too? And Khrushchev's name begins with the "German ach" sound, i.e. the Irish broad ch - aren't we supposed to write it as Chruistsiof, then, even when it is not in genitive position or following a leniting preposition? And while we are at it: "Nikita" is pronounced with a broad t, so it should actually be written "Nicíota", not "Nicíte".

I am not suggesting we should revert to English spellings for such unproblematic names as Léinín or Stailín. But I hope that everybody understands there are very complicated issues involved with Gaelicizing Russian names, and in my opinion the question should be debated. Panu Petteri Höglund 09:52, 23 Nollaig 2006 (UTC)[reply]

Aontaím leat, a Phanu; tá beagáinín Rúisise agam agus ní cheapaim go bhfuil na leaganacha Ghaelaithe sin, Nicíte Cruistsiof agus Míchail Gorbaitsov, an-chruinn nó an-ghramadúil. Níor chruthaíodh don Vicipéid iad, áfach, tá siad le fáil i Téarmaí Staire 2002 de chuid an Choiste Téarmaíochta ([1][2]). Níl a fhios agam an úsáidtear iad i dtéacsleabhair sna scoileanna srl, ach níor úsáideadh iad sna scrúduithe stáit i mbliana don siollabas staire nua [3]. In éagmais córais chruinn thraslitrithe, an fearr na leaganacha Ghaelaithe (bhreac-)chaighdeánacha, nó na leaganacha Bhéarlaithe so-aitheanta? --Gabriel Beecham 15:40, 23 Nollaig 2006 (UTC)[reply]
Sílim i gcónaí gurb iad na leaganacha Béarlaithe rogha an dá dhíogha. Ar ndóigh, ba chóir caighdeán ar leith a oibriú amach don Ghaeilge, agus ba chóir Gaeilgeoirí le Rúisis a bheith ann leis an obair sin a dhéanamh. Tá an chuma ar an scéal, faraoir, nach bhfoghlaimítear mórán Rúisise in Éirinn ar aon nós, fiú sna hollscoileanna. :(Panu Petteri Höglund 16:15, 23 Nollaig 2006 (UTC)[reply]