Langley, Virginia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLangley, Virginia
Langley (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Ardscoil Langley, a dhéanann freastal ar chuid mhaith d'oirthuaisceart Chontae Fairfax in Virginia. Is cuimhneachán ar an ionsaí a rinneadh ar an bPeinteagán ar 9/11 iad na cúig leac taobh leis an scoil. Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°56′47″N 77°09′32″W / 38.9464°N 77.1589°W / 38.9464; -77.1589
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheVirginia
County of Virginia (en) AistrighContae Fairfax, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist22101 Cuir in eagar ar Wikidata

Is baile neamhchorpraithe in McLean i gContae Fairfax, Virginia, sna Stáit Aontaithe é Langley. Is minic a sheasann "Langley" don Central Intelligence Agency (CIA), mar tá ceanncheathrú na heagraíochta úd, an George Bush Center for Intelligence, suite ann. Ba le Thomas Lee an talamh a bhfuil Langley inniu ann. Gobharnóir na Corónach ar Choilíneacht Virginia ab ea eisean ó 1749 go 1750. "Langley" a tugadh ar a chuid talún in ndiaidh Halla Langley, cuid d'eastát muintir Lee in Shropshire, Sasana. Sa bhliain 1839, cheannaigh Benjamin Mackall 700 acra ón teaghlach agus choimeád sé an t-ainm.

Cé gur cuid de McLean é inniu, tá ardscoil Langley, mar atá Langley High School, ann go fóill.[1] Upper McLean a thugtar ar Langley go minic an lá atá inniu ann. Le cois tábhacht Langley mar bhruachbhaile de chuid Washington, D.C. agus ceanncheathrú an CIA, tá ionad taighde den Federal Highway Administration agus Feirm Choilíneach Claude Moore de chuid an National Park Service in Langley freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Langley HS Map" (PDF) (2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-24. Dáta rochtana: 2017-04-04.