Jim Allister
Polaiteoir agus abhcóide sinsearach de chuid Thuaisceart na hÉireann é James Hugh "Jim" Allister (Séamas Aodh Mac Alasdair), QC (a rugadh ar an 2 Aibreán 1953), sa Chrois Ghearr, Contae an Dúin. Bhunaigh sé Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (TUV) sa bhliain 2007, nuair a tháinig scoilt sa DUP.[1] Ón lá a tháinig an páirtí ar an bhfód, tá sé á stiúradh ag Jim Allister, a bhí ina theachta Neamhspleách i bParlaimint na hEorpa go dtí an bhliain 2009. Chaill sé an suíochán sin in 2009, nuair a bhí sé ina iarrthóir ag an TUV féin.
Toghadh Allister mar MLA in 2011.
San Olltoghchán 2024[2], fuair Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh, agus tháinig deireadh le ré theaghlach Paisley sa pholaitíocht tar éis ceithre bliana is leathchéad.[3] Bhí farasbarr de 450 vóta de Jim Allister ar Paisley. Ní raibh aon choinne leis an toradh sin ar chor ar bith. Dúirt Allister é féin go raibh sé 'talamhchreathach'.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2024-06-16.
- ↑ "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2024-07-05). "FÍSEÁN: Drochlá do rítheaghlach Paisley, borradh faoi Shinn Féin agus ceist an athaontaithe – torthaí thoghchán Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-05.
| Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta Thuaisceart Éireann
- Daoine a rugadh i 1953
- Daoine beo
- Alumni Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
- Comhaltaí den Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann
- Daoine as Contae an Dúin
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa as Éirinn
- Fir
- Polaiteoirí Aontachtacha
- Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe
- Aontroim Thuaidh (toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Preispitéirigh Éireannacha