Jump to content

Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGlór Traidisiúnta na nAontachtaithe

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánTUV Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAontachtóirí na hÉireann
coimeádachas náisiúnta
Eoraisceipteach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite dheis Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh7 Nollaig 2007
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintuv.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirtí polaitíochta aontachtach é an Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (Béarla: Traditional Unionist VoiceTUV) i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh an páirtí ar an 7 Nollaig 2007, nuair a scoilt an DUP.[1] Ón lá ar tháinig an páirtí ar an bhfód, tá sé á stiúradh ag Jim Allister, a bhí ina theachta Neamhspleách i bParlaimint na hEorpa go dtí an bhliain 2009. Chaill sé an suíochán sin in 2009, nuair a bhí sé ina iarrthóir ag an TUV féin.

Is iad na príomhphrionsabail a gcloíonn an TUV leo ná:

  • Aontacht Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe a choinneáil i bhfeidhm
  • déabhlóid gan chomhrialtas éigeantach
  • forlámhas an dlí ar fud Thuaisceart Éireann
  • coimeádachas sóisialta

TUV agus an Ghaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seasamh láidir ag an bpáirtí i gcoinne na Gaeilge, agus tá cur síos déanta acu uirthi mar 'theanga leipreachán',[2] seasamh a cáineadh go minic.

Ag Éileamh Saoirse do Torrens Knight

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí na Nollag 2009 bhí Trevor Collins, ball de chuid an pháirtí, ag déanamh promóisin d'achainí a bhí ag éileamh go scaoilfí saor le Torrens Knight. Sceimhlitheoir de chuid Troidaithe Saoirse Uladh (UFF) ab ea Knight a raibh téarma príosúin curtha isteach aige toisc gur ghlac sé páirt in Ár Ghlas-stéille agus i nDúnmharuithe Charraig Ceasail. Tugadh cead a chos do Knight de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. ach ina dhiaidh sin príosúnaíodh in athuair é nuair a d'ionsaigh sé beirt bhan i mbeár.

Ainghníomhartha Collaí in aghaidh Páistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Samhain 2012 ciontaíodh David Tweed, Comhairleoir de chuid an TUV sa Bhaile Meánach, i dtrí choir chollaí déag ar fad a rinne sé ar chailíní óga.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2024-06-16.
  2. "TUV sorry for 'leprechaun' slur" (en-GB) (2009-11-06). Dáta rochtana: 2024-06-16.