Dearbhú Shráid Downing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadDearbhú Shráid Downing
Downing Street Declaration Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfógra agus conradh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú15 Nollaig 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 15 Nollaig 1993, eisíodh Dearbhú Comhpháirteach i leith na Síochána, nó Dearbhú Shráid Downing mar is fearr aithne air, comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe.[1][2][3] Céim ar an aistear i dtreo an phróisis síochána a bhí ann; cúig bliain níos déanaí, síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Níor chuir an doiciméad deireadh leis an fhoréigean, ach chuidigh sé dúshraith a chur síos a dtógfaí socrú síochánta, polaitiúil uirthi.[4]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foréigean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig méadú ar líon na gcoireanna foréigneacha i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1993. Mharaigh Chumann Cosanta Uladh agus Fhórsa Óglaigh Uladh ní ba mhó sibhialtaigh ná na Poblachtánaigh, rud nach ndearna siad roimhe sin. Mar shampla,

  • Scaoil an UDA ceathrar Caitliceach i gCarraig Cheasail i gContae Dhoire
  • Bhuamáil na Poblachtánaigh Bóthar na Seanchille i Mí Dheireadh Fómhair 1993
  • Mar dhíoltas, d'ionsaigh an Cumann Cosanta beár i nGlas Stiallach, agus mharaigh siad ochtar

Deir teoiric amháin go raibh eagla ar na Dílseoirí go n-imreofaí feillbheart orthu, agus gur mhéadaigh siad ar an bhforéigean dá réir. De réir míniúcháin eile, bhí na Poblachtánaigh ag sásamh a gcuid seanfhaltanas ar an nóiméad deireanach roimh an sos cogaidh agus iad ag féachaint chuige go mbeadh cuma na cogúlachta dochloíte orthu nuair a chromfaidís ar an bpróiseas polaitiúil.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an próiseas síochána i ndroch-chaoi ag deireadh na bliana 1993, nó sin an cuma a bhí ar an scéal, Ach bhí bhí forbairtí dearfacha á gcur i gcrích. Bhí John Hume de chuid an SDLP i gcainteanna rúnda le Gerry Adams ó Sinn Féin agus iad ag iarraidh beart síochána a chur i gcrích. I ngan fhios don tsaol san am seo.[4]

Thosaigh cainteanna rúnda idir John Hume, ón SDLP agus Gerry Adams ó Shinn Féin chomh luath leis an bhliain 1988. Chreid Hume gurbh fhéidir síocháin a bhaint amach dá n-áitífí ar Óglaigh na hÉireann a gcuid arm a thabhairt suas agus oibriú fríd an pháirtí pholaitiúil, Sinn Féin. Dúirt Hume fosta go gcaithfeadh rialtas na Breataine iarracht a dhéanamh an bealach a réiteach ionas go mbeadh sé indéanta ag Óglaigh na hÉireann a gcuid gunnaí a thabhairt suas. Dúirt Adams agus Hume araon gur chóir do mhuintir na hÉireann amháin, Thuaidh agus Theas, todhchaí na hÉireann a shocrú.

Toghadh John Major mar ina Phríomh-Aire na R-A, in 1990 agus: Albert Reynolds mar Thaoiseach in 1992. Ach thosaigh na hullmhúcháin don Dearbhú i bhfad roimh 1993.

D'eisigh Hume agus Adams comhráiteas ar 25 Meán Fómhair 1993, inar dúradh go raibh sé “mar aidhm ag Tionscnamh Hume–Adams próiseas síochána a chruthú.” Léirigh an ráiteas go mb'fhéidir gur cainteanna polaitiúla an bealach chun tosaigh. Glacadh leis fosta go gcaithfí tuairimí aontachtacha a chur san áireamh, a fhad is gur ghlac aontachtaithe leis gur mhian le náisiúnaithe Éire Aontaithe go fóill[4]

Bhí rialtas na Breataine fosta i gcainteanna rúnda le Poblachtaigh tríd idirghabhálaí (Oibríocht Chiffon). Ar 16 Samhain 1993, bhí scéal sna meáin chumarsáide ag maíomh go raibh cainteanna ag dul ar aghaidh idir rialtas na Breataine agus Poblachtaigh. Deimhníodh an scéal ar 28 Samhain 1993. Corradh beag le coicís ina dhiaidh sin, síníodh Dearbhú Shráid Downing.[4]

An Dearbhú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 15 Nollaig 1993, shínigh John Major agus Albert Reynolds an Dearbhú, thar ceann rialtas na R-A agus na hÉireann, ag 10 Sráid Downing.

  • Sa chéad dul síos, fógraíodh go leor den méid a bhí sa Chomhaontú Angla-Éireannach sa bhliain 1985. Mar sin, ní bheadh Éire Aontaithe ann gan toil thromlach Thuaisceart Éireann, agus an ceart ag muintir an Tuaiscirt a dtreo féin a roghnú gan BÁC nó Londain ag cur a ladar isteach.  Dúradh sa Dearbhú go raibh an ceart ag muintir na hÉireann ar fhéinchinntiúchán, ach go bhfanfadh Tuaisceart Éireann mar chuid den RA fad is gur mhian le tromlach a saoránach é.
  • Ach smaointí nua a bhí ann chomh maith. Bhí béim nua ar 'Oileán na hÉireann'. Chuimsigh an Dearbhú prionsabal an toilithe fosta, a chiallaigh gur ag muintir na hÉireann amháin, Thuaidh agus Theas, a bheadh an ceart saincheisteanna na hÉireann a réiteach de chomhthoil.
  • Go háirithe, tugadh cead do pháirtithe ag baint leis an bhforéigean (i.e. Sinn Féin agus an PUP) páirt a ghlacadh sa phróiseas síochána, ach chaithfí stop a chur leis an bhforéigean ar dtús.[5][6]

Thug an dearbhú, mar sin de, rud éigin do gach taobh. Thug sé d'Óglaigh na hÉireann (IRA) an méid a bhí de dhíth orthu, ach thug sé a ndúshlán labhairt in áit úsáid a bhaint as foréigean. Rinne sé deacair fosta d'aontachtaithe agus do dhílseoirí diúltú a bheith páirteach i gcainteanna feasta.[4]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíothas ag súil go mbeadh sos comhraic ar an dá thaobh de thoradh an dearbhaithe, rud a d'éascódh cainteanna idir na páirtithe uile agus socrú nua polaitiúil do Thuaisceart Éireann.

I Mí Lúnasa 1994, d'fhógair na Sealadaigh sos comhraic.[7] Sé seachtaine ina dhiaidh sin, chuaigh grúpaí paraimíleata na nDílseoirí le chéile faoi bhrat Chomhcheannas Míleata na nDílseoirí lena sos cogaidh féin a chur in iúl in éineacht. Cé gur theip ar an dá shos cogaidh sa bhliain 1994, chuir siad deireadh leis an bhforéigean mórscála sa Tuaisceart. Ar 9 Nollaig 1994. tharla cainteanna foirmeálta idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin don chéad uair, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste. B'as na cainteanna seo a d'eascair Comhaontú Aoine an Chéasta (nó 'Comhaontú Bhéal Feirste' do na hAontachtóirí) sa bhliain 1998.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Department of Foreign Affairs - Joint Declaration 1993". web.archive.org (2013-04-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-04-04. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  2. "Our Party". www.fiannafail.ie. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  3. "COGG | Sonraí Acmhainní". tairseachcogg.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 CCEA. "Dearbhú Shrádi Downing". Dáta rochtana: 2023.
  5. COGG. "Comhaontú Angla-Éireannach 1985 go Dearbhú Sráid Downing 1993". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-03. Dáta rochtana: 2023.
  6. Dúirt John Major i Westminster ar 15 Mí na Nollag, 1993 Má bhíonn deireadh le foréigean go buan, agus má gheallann Sinn Féin cloí leis an phróiseas daonlathach, beidh cainteanna againn leo taobh istigh de thrí mhí. Ach, ar dtús, caithfidh siad deireadh a chur le foréigean go buan. Ba chóir d'aontachtaithe a bheith muiníneach as an dearbhú seo. Glacann an Taoiseach go huile agus go hiomlán leis an phrionsabal nach dtiocfadh le haon athrú bunreachtúil a bheith ann ach amháin le comhthoil tromlaigh i dTuaisceart Éireann.
  7. Rowan, B (1995). "Behind the lines : the story of the IRA and loyalist ceasefires": 71-73. ISBN 0856405647. OL OL8301673M.