Military Reaction Force

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMilitary Reaction Force
Sonraí
Ainm gearrMRF Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfeadhain mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1971
Rud nó duine a tháinig ina áit14 Intelligence Company (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Aonad faoi cheilt in Arm na Breataine ba ea an Military Reaction Force (MRF), gníomhach idir lár 1971 – tús 1973. Mharaigh saighdiúirí ón aonad sin Poblachtaigh agus daoine nach raibh armtha i mBéal Feirste i dtús na seachtóidí.[1]

Tiarna agus Ginearál Sir Francis Richard Dannatt, KCB, CBE, MC. Bronnadh an "Military Cross" air in 1972, am nuair a bhí sé i dTuaisceart Éireann. Ní raibh sé sásta gur gcuireadh an dlí ar saighdiúirí 50 bliain níos déanaí[2]

Sceimhlitheoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé á rá ag náisiúnaithe ó dheireadh na seascaidí i leith go raibh sceimhlitheoireacht ar bun ag stát na Breataine i gcaitheamh na coimhlinte sa Tuaisceart. Mar shampla, lámhach agus mharaigh saighdiúirí ón MRF Daniel Rooney ar Bhóthar San Séamas ar an 26 Meán Fómhair 1972.

Sa chás is cáiliúla, ar an 13 Bealtaine 1972, lámhachadh agus maraíodh Patrick McVeigh, 44 bliain d'aois agus fear Caitliceach, agus gortaíodh ceathrar eile. Bhí siad ag comhrá le chéile ar an tsráid i gceantar Bhaile Andarsan in iarthar Bhéal Feiste. Scaoileadh leo ó gluaisteán a bhíothas a thiomáint tríd an gceantar ag an am agus chreid náisiúnaithe i gcónaí gur saighdiúirí nó gníomhairí eile na Breataine a bhí sa ghluaisteán.

Rud atá íorónta, bhí seal caite ag Patrick McVeigh é féin in Arm na Breataine.

Fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir póilíní an Tuaiscirt tús le fiosrúchán nua faoi na hionsaithe lámhaigh i bhfianaise ar tháinig chun solais i gclár faisnéise an BBC sa bhliain 2013.[3]

In 2024, is fearr déanach ná riamh, bhí sé fógartha ag an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart go raibh iarshaighdiúir in Arm na Breataine le cúiseamh i bhfear Caitliceach a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh ceathrar eile a dhúnmharú i mBéal Feirste i 1972. "Saighdiúir F" atáthar a thabhairt ar an bhfear atá le cúiseamh ina dhúnmharú.[4] Bhí Saighdiúir F,chomh maith le triúr eile dá ngairtear Saighdiúirí B, C agus D, le cúiseamh i mbeirt Chaitliceach eile a lámhach agus in iarracht a dhéanamh iad a dhúnmharú an lá sular dúnmharaíodh Patrick McVeigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2024-02-08). "Saighdiúir F eile le cúiseamh i ndúnmharú i mBéal Feirste" (as ga). 
  2. "Lord Dannatt: Troubles veterans 'should not be charged so long after event'" (en-GB) (2024-02-09). Dáta rochtana: 2024-02-11.
  3. "Police urged to probe MRF claims" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2013-11-22). Dáta rochtana: 2024-02-11.
  4. Ní hionann é agus an Saighdiúir F atá le cur ar a thriail faoi bheirt a dhúnmharú i nDoire Domhnach na Fola