Sléacht Thulaigh Álainn (1975)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tulaigh Álainn
Crest
Léarscáil
RedDot.png
NorthernIrelandArmagh.png
Daonra ( )
- Baile:
2,836 (2011) 
Airde: {{{ardú}}}
Contae: Contae Ard Mhacha
Cúige: Ulaidh

Tharla Sléacht Thulaigh Álainn ar an 1 Meán Fómhair 1975, nuair a rinne gunnadóirí an IRA ionsaí ar halla cruinnithe an Oird Oráistigh i dTulaigh Álainn, in aice leis an Baile Úr (Béarla:Newtownhamilton) i gContae Ard Mhacha. Bráithreachas Protastúnach Uladh agus aontachtach is ea an tOrdú Oráisteach. Maraíodh cúigear Fear Buí agus gortaíodh seacht gcinn eile sa lámhach. Mhaigh an "South Armagh Republican Action Force" go raibh baill an Fhorsa freagracht as, ag rá go raibh sé mar dhíoltas as sraith ionsaithe ar shibhialtaigh Chaitliceacha ag dílseoirí.

Creidtear go ndearna baill den IRA Sealadach an t-ionsaí, d'ainneoin an eagraíocht a bheith ar sos cogaidh ag an am. Níor tógadh duine ar bith riamh faoi réim an cheartais.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[1]

Chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[2] [3] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[4] Bhí éiginnteacht ann sa phobal faoi chúrsaí polaitíochta ar an dá thaobh. Tháinig méadú ar an fhoréigean seicteach; bhí clú go háirithe ar an drong Ghleann Anna.

Dhírigh ainsin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.

Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 22 Lúnasa, mharaigh dílseoirí triúr sibhialtach Caitliceach in ionsaí le gunnaí agus buama ar theach tábhairne in Ard Mhacha .

Dhá lá ina dhiaidh sin, mhairigh dílseoirí beirt shibhialtach Chaitliceach tar éis dóibh a gcarr a stopadh ag seicphointe falsa d'Arm na Breataine i gceantar Thulaigh Álainn. Tá an dá eachtra seo nasctha le drong Ghleann Anna.

Ar an 30 Lúnasa, mharaigh dílseoirí beirt shibhialtach Chaitliceach eile in ionsaí gunna agus buama ar theach tábhairne i mBéal Feirste.[5]

halla cruinnithe an Oird Oráistigh i dTulaigh Álainn

Ionsaí ar Halla Oráisteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar oíche an 1 Meán Fómhair, bhí grúpa Fear Buí ag reáchtáil cruinnithe ina halla Oráisteach iargúlta i gceantar tuaithe Thullaigh Álainn. Ag thart ar 10in, tháinig bheirt ghunnadóir isteach sa mhullach orthu armtha le raidhfilí ionsaithe agus spraeáladh iad le hurchair agus sheas daoine eile taobh amuigh agus scaoil siad iad trí na fuinneoga.[6]

Tulaigh Álainn

Ba oifigeach de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh faoi dhualgas (RUC) duine acu. Scaoil sé ar ais leis na gunnadóirí agus chreid sé gur bhuail sé duine acu.[7] Maraíodh cúigear Oráisteach, gach duine acu ina sibhialtaigh Phrotastúnacha, agus gortaíodh seachtar eile.[8][9] Sular fhág siad, chuir na hionsaitheoirí buama dhá phunt taobh amuigh den halla, ach theip air madhmadh.

Ba iad na híospartaigh na John Johnston (80), James McKee (73) agus a mhac William McKee (40), Nevin McConnell (48), agus William Herron (68) a fuair bás dhá lá ina dhiaidh sin. Bhain siad go léir le Tullyvallen Guiding Star Temperance Orange Lodge.[6] Bhí triúr de na mairbh ina mbaill de Chonstáblacht Speisialta Uladh.[9]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaigh glaoiteoir chuig an BBC go raibh sé freagrach as an ionsaí thar ceann 'South Armagh Republican Action Force' nó "South Armagh Reaction Force",[10] ag rá go raibh sé mar dhíoltas as “feallmharú comhghleacaithe Caitliceacha”.[11] Thuairiscigh an Irish Times an 10 Meán Fómhair: "The Provisional IRA has told the British government that dissident members of its organisation were responsible" and "stressed that the shooting did not have the consent of the organisation's leadership".[6]

Mar fhreagra ar an ionsaí, d'éiligh an tOrdú Oráiste go gcruthófaí mílíste dlíthiúil (nó "Garda Baile") chun déileáil le paraimíleatóirí poblachtánacha.[6]

Cuid de na raidhfil a d'úsáideadh san ionsaí, d'úsáideadh níos déanaí i Sléacht Kingsmll i mí Eanáir 1976, nuair a maraíodh deichniúr fear Protastúnach. Cosúil le muintir Thulaigh Álainn, mhaigh “Fórsa Frithghníomhartha Armagh Theas” (ainm cumhdaigh d'oibreoirí an IRA i roinnt oibríochtaí ag an am) é mar chúiteamh ar mharú Caitliceach in áiteanna eile.[10]

I mí na Samhna 1977, ciontaíodh John Anthony McCooey, fear 22 bliain d'aois as Coilleach Eanach, as an fear gunna a thiomáint chuig an láthair agus uaidh agus as ballraíocht san IRA. Ciontaíodh é freisin as a bheith páirteach i marú saighdiúir UDR Joseph McCullough — séiplíneach Lóiste Oráisteach Thullaigh Álainn — i mí Feabhra 1976, agus Robert McConnell, saighdiúir UDR i mí Aibreáin 1976. [6][12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Extracts from The Longest War: Northern Ireland and the IRA by Kevin J. Kelley. Zed Books Ltd, 1988. Conflict Archive on the Internet (CAIN).
  2. Taylor, Peter (1999). Loyalists. London: Bloomsbury Publishing Plc. p.142
  3. Taylor, Peter. Brits: The War Against the IRA. Bloomsbury Publishing, 2001. p.182
  4. "October 1975 Northern Ireland attacks" (in en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  5. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-12-20.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 McKittrick, David. Lost Lives. Mainstream Publishing, 1999. p.572
  7. McKay, Susan. Northern Protestants: An unsettled people. Blackstaff Press, 2005. p.190
  8. cain.ulst.ac.uk. "Conflict Archive on the Internet - Chronology". Conflict Archive on the Internet (CAIN). Dáta rochtana: 2021.
  9. 9.0 9.1 "Tullyvallen massacre, 40 years on: ‘The memories never really go away’". The News Letter. 29 August 2015. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "newsletter40th" defined multiple times with different content
  10. 10.0 10.1 "Kingsmill weapons used by IRA to murder RUC officers 13 years later, inquest told". Belfast Telegraph, 17 May 2017. Retrieved 9 January 2018. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "SARF" defined multiple times with different content
  11. English, Richard. Armed Struggle: The history of the IRA. Pan McMillen, 2004. p. 171
  12. "Kingsmills: Six named in HET report". The News Letter. 17 June 2011.