Maruithe Reavey agus O'Dowd (1976)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMaruithe Reavey agus O'Dowd
Cineállámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Eanáir 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCorr Leacht, Northern Ireland
Baile Uí Dhúgáin, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna6 Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla na maruithe Reavey agus O'Dowd ar 4 Eanáir 1976 i gContae Ard Mhacha ; mharaigh baill den Drong Ghleann Anna (UVF, RUC agus saighdiúirí is cosúil) seisear Caitliceach sna hionsaithe seicteacha.

Cain Sutton Index of deaths[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

4 Eanáir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí triúr de mhuintir Reavey sa bhaile ar an gCorr Leacht i ndeisceart Ard Mhacha; bhí a dtuismitheoirí agus tuilleadh den dáréag clainne imithe ar cuairt ag duine muinteartha.[2]

Bhí John Martin 24, Brian 22 agus Anthony Reavey 17 ag faire ar an teilifís. Mar ba ghnách ní raibh aon ghlas ar an doras. Shiúil na fir ghunna isteach, iad ag scaoileadh leis an triúr. Fuair John Martin agus Brian bás ar an láthair. Goineadh Anthony go dona agus fuair sé bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Tamall gearr i ndiaidh na heachtra sin, cúig mhíle dhéag ar shiúl ón láthair, mharaigh dílseoirí triúr de mhuintir Dowd, beirt deartháireacha agus a n-uncail in ionsaí seicteach eile.[2]

5 Eanáir[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tráthnóna dár gcionn in ionsaí díoltais, mharaigh fir ghunna a d’úsáid an lipéad ‘Republican Action Force’ deichniúr oibrithe Protastúnacha i Sléacht Mhuileann Ching. Bhí an tIRA in ainm is a bheith ar shos comhraic ag an am ach ceapadh gurbh iad a bhí ciontach as an uafás.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú.[3] D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[4]

Chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[5][6] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[7] Bhí éiginnteacht ann sa phobal faoi chúrsaí polaitíochta ar an dá thaobh.

Dhírigh ansin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.

Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal ar 23 Eanáir 1976.[3]

I measc na n-eachtraí.

Baineadh usáid as Sterling SMG

Cur chun cinn an chirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaígh dílseoirí an UVF gurbh iad a bhí freagrach as na hionsaithe ar na Caitlicigh, muintir Reavey agus muintir Dowd. Ach de réir eolais a tháinig chun solais ó shin, ba iad ‘drong Ghleann Anna’ (Glenanne Gang) a bhí ciontach. Bhí baill den RUC agus den UDR chomh maith leis an UVF gníomhach san drong lena luaitear 120 dúnmharú, buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin san áireamh.

I 1978, dhá bhliain i ndiaidh mharú Mhuilte Chaing thug coiste cróinéara rialú oscailte faoin eachtra, gur bhain amhras leis an marú ach nach raibh a fhios cé a bhí freagrach.[2]

I 2013 d'ordaigh Ard-aighne an Tuaiscirt fiosrúchán nua faoin eachtra i ndiaidh go leor achainí ó ghaolta na ndaoine a maraíodh.

Dúirt an tAbhcóide Doran gur theastaigh ón Chróinéar aghaidh a thabhairt ar ráflaí go mb'fhéidir gurb é an Captaen Robert Nairac an duine i measc na bhfear gunna an uair sin a rabh canúint Shasanach air.

Dúirt an tAbhcóide Doran nach raibh an Captaen Nairac sa Tuaisceart ar an dáta sin.

Tá na blianta ó shin caite ag gaolta na marbh in Ard Mhacha ar thóir an chirt. Tá cor nua suntasach i scéal mhuintir Reavey áfach. Cor is ea é a chuireann poll i bplean rialtas na Breataine chun reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm le bac a chur ar fhiosruithe.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-01-04.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Póilín Ní Chiaráin (26 Meán Fómhair 2021). "An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-03.
  3. 3.0 3.1 "CAIN: Events: IRA Truce - 9 Feb 1975 to 23 Jan 1976 - A Chronology of Main Events". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2024-03-17.
  4. Extracts from The Longest War: Northern Ireland and the IRA by Kevin J. Kelley. Zed Books Ltd, 1988. Conflict Archive on the Internet (CAIN).
  5. Taylor, Peter (1999). Loyalists. London: Bloomsbury Publishing Plc. p.142
  6. Taylor, Peter. Brits: The War Against the IRA. Bloomsbury Publishing, 2001. p.182
  7. "October 1975 Northern Ireland attacks" (as en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  8. Nuacht RTÉ (2016-05-23). "Tús curtha le coiste cróinéara" (as ga-IE).