Na hÓglaigh Náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
earcaíocht in Éirinn: an Captaen Willie Redmond[1], Bealtaine 2016ː bolscaireacht sa Illustrated London News, 6 Bealtaine 1916

Bhí ballraíocht de 180,000 duine ag Óglaigh na hÉireann faoi lár 1914. Ach tharla scoilt eatarthu sa bhliain sin faoi ar chóir nó nár chóir dá mbaill liostáil i bhFórsa na Breataine chun dul ag troid i gcogadh na hEorpa. Chuir thart ar 11,000 duine go láidir ina aghaidh seo agus choinnigh siad an t-ainm bunaithe. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta ar an gcuid eile.[2]

Postaer in Éirinn, Iúil 1915

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Droichead Adhmaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ag tabhairt óráide ag an Droichead Adhmaid, i nGarraí na nGabhlán, Co. Chill Mhantáin, ar an 20 Meán Fómhair 1914, d’fhógair Seán Mac Réamainn a thacaíocht don chogadh agus d’iarr ar an hÓglaigh dul chun cogaíochta;[3] d'impigh sé ar na hÓglaigh liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[4] D'iarr sé orthu sin a bhí i láthair a bheith fearúil agus an fód a sheasamh[5][6] ː

“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.[7]

Scoilt san eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh tacaíocht Redmond don Chogadh scoilt i ngluaiseacht na n-óglach. Tar éis do John Redmond iarraidh ar Óglaigh na hÉireann dul ag troid sa chogadh, chuir coiste sealadach na nÓglach, a raibh Eoin Mac Néill ina Cheann Foirne air, scoilt san eagraíocht.[8] Ar an 24 Meán Fómhair 1914, i ráiteas sínithe ag Pádraig Mac Piarais, Seosamh Pluincéid agus poblachtaigh mhóra eile,[9] shéan Coiste Sealadach Óglaigh na hÉireann ceannas Redmond ar an eagraíocht. Mhaígh nach féidir le hÉirinn “with honour or safety, take part in foreign quarrels otherwise than through the free action of a National Government of her own”.

Éasaontú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thaobhaigh tromlach na mball le Redmond, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann. Ar fud na tíre, thacaigh 93% de na hÓglaigh le Redmond.[10] Ceapadh nach dtacódh aon duine le Mac Néill. Ach thacaígh timpeall 12,000 leis, fad agus a thacaígh 158,000 eile le Mac Réamoinn agus athchóiriú á dhéanamh acu orthu féin faoin ainm Na hÓglaigh Náisiúnta.

As an méid seo áfach, níor ghlac ach 25,000 ballraíocht in Arm na Breataine Móire faoi mhí Feabhra 1917.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Illustrated London News (6 Bealtaine 1916). "'The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .".
  2. "Stair an Airm" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-09-25.
  3. "Éirí Amach 1916" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-09-25.
  4. "War, Rebellion and Redmond | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  5. “not only in Ireland itself, but wherever the firing line extends, in defence of right, of freedom and religion in this war”
  6. Department of Foreign Affairs. "Leacht Cuimhneacháin ar an gCéad Chogadh Domhanda Nochta ag an Aire - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  7. BBC. "Woodenbridge, Co Wicklow: Redmond Urges Irishmen To Fight". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  8. centenaries.ucd.ie (2016). "Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
  9. "Statement to the Irish Volunteers, 24 September 1914" (en). History Hub. Dáta rochtana: 2020-09-25.
  10. Myles Duncan. "The History Show Sunday 28 December 2014". The History Show. Dáta rochtana: 2020-09-25.