Bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in Arm na Breataine, agus 30,000 Éireannach sa chúltaca, nuair a bhris an Cogadh amach.[1] Throid timpeall 200,000 as Éirinn sa Chogadh agus d'éag b'fhéidir 35,000,[2] nó 40,000 de réir mheastacháin oifigiúla na Breataine.[3]
Sa chéad cúpla mí, idir mi Iúil and mí Nollag, slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'Fhórsa Sluaíochta na Breataine sa Fhrainc. Bhí siad oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál chogaidh a bhí ag teacht go tapa.
Bhrostaigh na mílte le liostáil cionn is go raibh cuid mhór daoine ag súil go mbeadh an comhrac thart faoin Nollaig[5] Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach san Arm (anuas ar an 50,000 duine a bhí ina saighdiúirí nó ina gcúltacairí ann cheana). Tháinig os cionn a leath ó Chúige Uladh.[6]
Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna. Chreid Thomas Kettle, file agus feisire náisiúnach do Thír Eoghain Thoir a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath:
Scríobh Tom Kettle, “Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.”[7]
Cuireadh an 10ú Rannán (Éireannach) le chéile i ndeireadh Lúnasa 1914. Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin. Bhí an dara ceann lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile.
Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) i Meán Fómhair 1914. Chuaigh ná na hÓglaigh Náisiúnta isteach ann. Bhí an Rannán ina chuid den Dara Arm Nua, nó K2.
B’as Cúige Uladh an 36ú Rannán, a tháinig le chéile diaidh ar ndiaidh le linn Lúnasa 1914-1915, agus a údaraíodh go hoifigiúil ar an 28 Deireadh Fómhair1914.[6] Bhí an Rannán bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire (a raibh a bhunáit i Londain) curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh.
Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an Cabhlach Ríoga.
"Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna".
Fiú sna sé chontae is fiche, tugadh an-tacaíocht don rialtas. Ó tharla gur bronnadh rialtas dúchais, cé go mbeadh moill air, mhol Seán Mac Réamainn (nó John Redmond, ceannaire an náisiúnachais Éireannaigh agus ina cheannaire ar an bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann) do gach duine tacú leis an chomhar cogaidh.
“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.”[11]
Thaobhaigh tromlach na mball le Redmond, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann agus bheadh ról tábhachtach acu in Éirí Amach na Cásca in 1916.
Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin. Níos déanaí, mhaígh John Redmond go mbeadh na hÓglaigh réidh le hÉirinn a chosaint. Ní raibh múinín ag an rialtas níos mó as, agus go háirithe saighdiúirí mar Kitchener.
Bhí an nuachtán Gaeilge, An Claiḋeaṁ Soluis, go tréan in aghaidh na cogaíochta.[13] Ach bhí 200,000+ as Éirinn i lár an áir le linn an Chogaidh Mhóir, agus dúscoilt sa phobal faoi. De réir An Claiḋeaṁ Soluis, rinneadh dúshaothrú ar na reisimintí as Éireann, agus fágadh iad sna troideanna is contúirtí.