Willie Redmond

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Willie Redmond
Major William Redmond bust, Wexford city.jpg
Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 17, 1883 - Samhain 18, 1885
District: Wexford Borough (en) Aistrigh
Election: UK Parliamentary by-election (en) Aistrigh
Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 24, 1885 - Meitheamh 26, 1886
District: North Fermanagh (en) Aistrigh
Election: 1885 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 1, 1886 - Meitheamh 28, 1892
District: North Fermanagh (en) Aistrigh
Election: 1886 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 4, 1892 - Iúil 8, 1895
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: 1892 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 13, 1895 - Meán Fómhair 17, 1900
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: 1895 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 1, 1900 - Eanáir 8, 1906
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: 1900 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 12, 1906 - Eanáir 10, 1910
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: 1906 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 15, 1910 - Samhain 28, 1910
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: January 1910 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 3, 1910 - Meitheamh 7, 1917
District: East Clare (en) Aistrigh
Election: December 1910 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Loch Garman, Aibreán 15, 1861
Náisiúntacht Éire
Bás Flóndras, Meitheamh 7, 1917
Áit adhlactha Locre Hospice Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Athair William Archer Redmond
Oideachas
Alma mater Coláiste Phádraig Ceatharlach
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir agus saighdiúir
Áit oibre Londain
Duais
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
Céim maor
Throid sé/sí ag An Chéad Chogadh Domhanda
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Páirtí Parlaiminteach na hÉireann

Teachta Parlaiminte don Chlár Thoir, deartháir le ceannaire an Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (John Redmond), saighdiúir agus duine dár bpríomh-earcaitheoirí d’Arm na Breataine in Éirinn ab ea William Hoey Kearney RedmondWillie Mac Réamainn (13 Aibreán 18617 Meitheamh 1917).

earcaíocht in Éirinn: an Captaen Willie Redmond[1], Bealtaine 2016ː bolscaireacht sa Illustrated London News, 6 Bealtaine 1916

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh William Redmond sa bhliain 1861 i Loch Garman do mhuintir mór le rá sa saol polaitiúil agus gnó. Ar chuireadh ó Pharnell chuaigh John Redmond, deartháir William, isteach i bParlaimint Westminster in 1881.

William Redmond speaking in the House of Commons.jpg

Ag an am bhí William Redmond in a oifigeach i gcathlán Loch Garman den Royal Irish Regiment. D’éirigh sé as a choimisiún chun páirt a glacadh i gCogadh na Talún, agus chaith sé seal i bPriosún Chill Mhaighneáin de bharr a chuid gníomhaíochta sa chogadh sin.

I dteannta a dhearthár, agus ar iarratas ó Pharnell, chuaigh sé ag bailiú airgid san Astráil. Le linn dó a bheith ann chas sé leis an mbean a phós sé, Eleanor Dalton, iníon le hoifigeach dlí Astráileach.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Major William Redmond, MP.png

Toghadh Willie mar M.P. do Loch Garman in 1883 agus d’Fhear Manach in 1885. Sheas sé le Parnell nuair a scoilt an Páirtí Éireannach mar gheall ar Kitty O’Shea agus bhuaigh sé suíochán in Oirthear an Chláir in 1890, suíochán a choinnigh sé go dtí go bhfuair sé bás i 1917.

Mar fheisire i Westminster, bhí Willie Redmond faoi scáth a dhearthár. Ní dhearna sé aon éacht pharlaiminte, ach bhí meas air i measc a chomfheisirí.[2]

Fear ionraic cróga ab ea Willie Redmond, fear a thug géillsine do Rí Impire na Breataine agus a bhí dílis dó go bás. Chreid sé sa Ríocht agus san impireacht úd, agus gurbh é leas na hÉireann a bheith mar dhlúthchuid díobh, ach Rialtas Dúchais a bheith aici. Is léir, ámh, nár chreid sé sa scarúnachas ná i neamhspleáchas na hÉireann.[3]

Redmond Memorial Park namesign, Wexford city.jpg
William Archer Redmond plaque, Wexford city.jpg

An Chéad Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin chuaigh Willie i mbun earcaíochta in Éirinn d’arm na Breataine, agus go háirithe don 16ú Rannán.

1914[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh sé ina theachta Parlaiminte agus os cionn gnáthaois saighdiúrachta (in aois 53 dó sa bhliain 1914), liostáil Willie agus lorg sé ceapachán sna línte tosaigh.

Ar an 22 Samhain 1914 i gCorcaigh, thug Willie Redmond oráid cáiliúil, a eagraíodh chun fir Éireannacha a spreagadh chun liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[4]

1917[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar an óráid deiridh a thug sé i Westminster is mó atá cuimhne air. Ar an 7 Márta 1917, chuidigh Willie Redmond le rún a mhol T.P O’Connor go gcuirfí an tAcht um Rialtas Dúchais, a bhí ar fionraí, i bhfeidhm láithreach. Rinne sé mór den aontas a mhaígh sé a bheith idir shaighdiúirí as Éirinn in arm na Breataine, ba chuma ar ChaitlicighProtastúnaigh iad, as Uladh nó eile, a bhí ag troid i dteannta a chéile in aghaidh namhad chomónta.

Thagair sé don tacaíocht, ar an gcoinníoll go nglacfadh Protastúnaigh na Sé Chontae leis, a bhí léirithe sa pharlaimint don Acht D’impigh sé ar Edward Carson aontú agus thairg sé glacadh le coinníollacha a chuirfeadh chun suain imní na bProtastúnach roimh an móramh Caitliceach, cé nár chreid sé féin go raibh gá lena leithéid. Ar ndóigh, níor aontaigh Carson, theip ar an rún agus d’fhill Willie Redmond go brónach ar na trínsí.

Uaimh Willie Redmond

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaimh Willie Redmond inniu

Gortaíodh go marfach an Captaen Willie Redmond (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh 1917 i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.

Cuireadh é tráthnóna 8 Meitheamh i ngairdín clochair i mbaile beag Loecre.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhás Bhall Phairliminte Willie Redmond, reachtáladh toghchán áitiúil in Oirthear Clár. Buaigh Éamonn de Valera, iarrthóir Shinn Féin, ar Patrick Lynch ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a fuair sé tromlach 2,975 vóta.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Illustrated London News (6 Bealtaine 1916). "'The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .".
  2. "Feasta - alt 7". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2020-11-22.
  3. "Willie Redmond: time has come to settle the Irish Question | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-22.
  4. "Major Willie Redmond MP | The Western Front Association". www.westernfrontassociation.com. Dáta rochtana: 2020-11-22.
  5. "centenaries.ucd.ie" (1916). Dáta rochtana: 2020.