Cath Messines (1917)
An Fronta Thiar sa Chéad Chogadh Domhanda | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | cath |
Dáta | 1917 |
Comhordanáidí | 50°45′45″N 2°53′43″E / 50.7625°N 2.8953°E |
Áit | Flóndras Thiar |
Tír | An Bheilg |
Rannpháirtithe | Herbert Plumer, 1st Viscount Plumer (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |


Troideadh Cath Messines ar 7 - 14 Meitheamh 1917 le linn an Chéad Chogadh Domhanda i bhFlóndras na Beilge. Bhí na fórsaí Gearmánacha daingnithe go maith i dtrinsí ar Iomaire Messines.[1] Ach bhí sé d’ádh ar na trúpaí ionsaithe, as Éirinn cuid mhaith acu, fórsaí Gearmánacha, a ruaigeadh as Messines, suíomh a raibh an-tábhacht leis.[2] Ní fhacthas réamhbhombardú airtléire riamh a bhí chomh fíochmhar leis – phléasc trí shliogán ar línte na nGearmánach gach soicind go ceann 12 lá.
Maraíodh b'fhéidir 42,000 in iomlán, 35,000 as an nGearmáin agus 17,000 as an Ríocht Aontaithe,[3]

Cath[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuaigh an 16ú Rannán (Éireannach) agus an 36ú Rannán (Ulaidh) chun cogaidh le chéile chun an sráidbhaile Beilgech Wytschaete a thógáil in ionsaí dea-phleanáilte ar Iomaire Messines. Fuair an Ginearál Plumer samhail de réir scála den iomaire déanta ionas go mbeadh a raibh rompu le feiceáil ag na trúpaí.[4]
Chuir sé mianaigh á dtochailt le haghaidh pléascán faoi chosaint na Gearmáine. Thuairgneáil thart ar 3 mhilliún sliogán Messines ar feadh os cionn seachtaine. Mhaolaigh an baráiste nuair a mhaidhmigh Plumer 9,500 tonna pléascáin faoi na Gearmánagih i 19 mianach, faoi línte na nGearmánach. Maraíodh 10,000 saighdiúír Gearmánach.
Seo an uair dheireanach a throid náisiúnaithe Éireannacha - an 16ú Irish Division, Caitlicigh a bhformhór - agus Aontachtaithe Éireannacha - an 36ú Ulster Division, Protastúnaigh a bhformhór, i gcoinne an aon namhaid chéanna.
Willie Redmond[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gortaíodh go marfach an Captaen Willie Redmond (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.
Cuimhneachán[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Páirc Shíochána agus Túr Oileán na hÉireann le fáil i Messines inniu.[5][6][7]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Messines Ridge
- ↑ "An Cogadh sa Láib: An Saighdiúir Éireannach sa Bheilg i samhradh 1917 | Decorative Arts & History | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-06-07.
- ↑ "Battle of Messines | Summary" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-06-07.
- ↑ assets.gov.ie (2016). "IOMAIRE MESSINES, Meitheamh, 1917". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte - Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-06-07.
- ↑ Pól Ó Muirí. "An Fionnlaoch ag comóradh shaighdiúirí na hÉireann" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-06-07.
- ↑ Máire Ní Chuagáin (· NOLLAIG 2005). "I bPáirceanna Flanders" (ga). Beo! (EAGRÁN 56). Dáta rochtana: 2021-06-07.