Douglas Haig
Ba marascal machaire Briotanach é Douglas Haig 1ú Earl Haig, KT, GCB, OM, GCVO, KCIE (19 Meitheamh 1861 – 29 Eanáir 1928). Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí sé i gceannas ar Fhórsa Sluaíochta na Breataine (FSB) ar an bhFronta Thiar ó dheireadh 1915 go dtí deireadh an chogaidh. Bhí sé ina cheannasaí le linn Chath an Somme, Cath Arras, Tríú Cath Ypres (Passchendaele), an tIonsaí Earraigh ( nó Kaiserschlacht), agus an tIonsaí Mór deireanach.[1][2][3] Cé go raibh cáil fhabhrach air i rith na mblianta díreach tar éis an chogaidh, agus a shochraid ina lá caoineadh náisiúnta, tá Haig, ó na 1960idí i leith, ina ábhar cáinte as a cheannaireacht le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[4][5][6] Tugadh an t-ainm "An Búistéir Haig" air as an dá mhilliún taismeach Briotanach a tháinig faoina cheannas.[4] Deir Músaem Cogaidh Cheanada, "His epic but costly offensives at the Somme (1916) and Passchendaele (1917) have become nearly synonymous with the carnage and futility of First World War battles." [7] Ar an láimh eile, measann roinnt staraithe go raibh an tIonsaí Mór 1918 - comhiarracht na gComhghuaillithe faoi stiúir Foch a chuir deireadh leis an gcogadh - agus go háirithe rannchuidiú na Breataine leis, ar cheann de na bua is mó a baineadh amach riamh i stair mhíleata na Breataine. [1][2][3]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Sheffield 2002, p. 21.
- ↑ 2.0 2.1 Sheffield 2002, p. 263.
- ↑ 3.0 3.1 Hart 2008, p. 2.
- ↑ 4.0 4.1 "Field Marshal Douglas Haig would have let Germany win, biography says".
- ↑ J. P. Harris, Douglas Haig and the First World War (2009), p545
- ↑ "World War I's Worst General". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2013. Dáta rochtana: 23 Eanáir 2021.
- ↑ See "Canada and the First World War: Sir Douglas Haig"
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |