Jump to content

RMS Lusitania

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachRMS Lusitania
EapainmAn Lúsatáin Cuir in eagar ar Wikidata
LongchlósJohn Brown & Company Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir a shanntar ag an longchlós367 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit táirgtheBruach Chluaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Stair
Leag an cíle
17 Lúnasa 1904
Seoladh loinge
7 Meitheamh 1906
Cur i seirbhís
26 Lúnasa 1907
Céad aistear
7 Meán Fómhair 1907
Longbhriseadh
7 Bealtaine 1915

51° 25′ 00″ N, 8° 33′ 00″ O / 51.4166669°N,8.55°W / 51.4166669; -8.55 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Saintréithe teicniúla
Cineállínéar ceithre tonnadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Díláithriú44060 t Cuir in eagar ar Wikidata
Fad239.8 m Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht76,000 hp Cuir in eagar ar Wikidata
Luas26.7 kn Cuir in eagar ar Wikidata
25 kn Cuir in eagar ar Wikidata (a chúrsáil)
Acmhainn3,125 passatgers Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an RMS Lusitania ina long phaisinéirí de chuid na Ríochta Aontaithe. Ba cheann de loinge an Líne Cunard í. Seoladh í i mí Mheán Fómhair 1907 agus d'fhreastail sí ar an mbealach idir Learpholl agus Nua-Eabhrac.

An bialann sa chéad ghrád, stíl Louis XVI, cárta phoist

Bhí an Lusitania ar cheann de na loinge ba mhó agus ba ghasta ar domhan í ag an am sin.[1]

Bhí sé dheic aici, cinn faoi leith do na paisinéirí sa chéad ghrád, cinn eile sa dara ghrád agus sa tríú ghrád. Fiú sa tríú ghrád bhí cábáin le 2, 4 6 agus 8 leaba iontu.

Bhí radaiteileagrafaíocht, solas leictreach agus ardaitheoirí leictreacha inti chomh maith le córas aerchóirithe. Bhí 50% níos mó spáis ag na paisinéirí ná i longa eile agus bhí an troscán agus an fearas ar ardchaighdeán.[1]

Bhí sí in ann seoladh ar luas 25 mhuirmhíle san uair, agus níor thóg sé ach ceithre lá go leith air an turas trasna an Atlantaigh a chur di.

Scannán The Sinking of the Lusitania le Winsor McCay
Cuimneachán, An Seancheann, inniu

Ar an 1 Bealtaine 1915, d’fhág an Lusitania Nua-Eabhrac ar thuras farraige go Sasana, ar a 202ú turas trasna an Atlantaigh.[2] Ba é a turas deireanach.

Muintir Riley, a tháinig slán as

Ar 7 Bealtaine 1915 bhuail toirpéad an Lusitania, beagán míle ó dheas ó chósta Chorcaí, gar don Seancheann,[3] agus aon mhíle déag amach ó Chionn tSáile.[4] Fomhuireán leis an nGearmáin a chaith toirpéad léi agus a chuir go tóin poill í. U-bhád Gearmánach, an U-20, a bhí freagrach as an ionsaí.[5]

Tharla pléasc inmheánach sa long. Chuaigh sí go tóin poill taobh istigh de 18 nóiméad. Bhí 1,962 paisinéir agus criú ar bord. Cailleadh 1,198 díobh agus tháinig 761 slán.[6] I measc na marbh, bhí 128 saoránaigh de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá. Tríocha is naonúr Éireannach a bhí ar an Lusitania agus ní fios cé mhéad a tarrtháladh. I measc na n-íospartach, fuair an dhéileálaí ealaíne Hugh Lane bás.

B'shin an líon ba mhó a cailleadh in aon eachtra mara amháin sa Chéad Chogadh domhanda.

Bhí a fhios ag na na paisinéirí go raibh siad i mbaol a mbáis. D'eisigh an Ghearmáin rabhadh seachtain roimh ré. Ar 1 Bealtaine, bhí Ambasáid na Gearmáine tar éis fógraí a fhoilsiú sna nuachtáin Mheiriceánacha chun rabhadh a thabhairt do dhaoine gan taisteal ar an Lusitania.

'Fógraíodh dóibh (na paisinéirí) roimh dul ar an long dóibh go gcuirfí síos í ach bhí lucht na loinge chomh muiníneach astu féin nár chuireadar spéis san fhógra. Shíleadar leis nach bhféadfadh bád fo-uisce[7] teacht suas le soitheach chomh mór leis an Lusitania.'[8]

Cuimhneachán i gCóbh

Bhí an Lusitania ar “Liosta an Chabhlaigh”[9] de chuid an Cabhlach Ríoga, agus sin an fáth a d'ionsaigh na Gearmánaigh é. Bhí arm lón á iompar ar an long (shéan rialtas Sasana ag an am go raibh arm lón air). Bhí ór á iompar aici freisin.

'Bhí an Lusitania ar “Liosta an Chabhlaigh” go dtí mí Eanáir (1916). B’ionann é sin is a rá gur long den chabhlach cogaidh í.'[8]

Níl míniú sásúil againn don dara pléasc a chur an long go tóin poill chomh tapa sin (laistigh de 18 nóiméad). Arbh é armlón rúnda nó deannach alúmanaim ba chúis léi?[1]

Master Edgar Palmer, íospartach 184. Maraíodh muintir Palmer go léir, curtha san olluaigh, Old Church Graveyard, in aice leis an Lidl i gCóbh inniu

Dúirt rialtas na Breataine sa bhliain 1982 go raibh lastas arm ann (750 thonna nó níos mó), agus d'fhéadfadh dainséar a bheith ag baint leis sin.[6] Tá an Lusitania fós ina luí thíos faoin uisce, 15 chiliméadar amach ó chósta Chorcaí, agus mianaigh thart timpeall na loinge. Deir tumadóirí inniu go bhfuil an long cosúil le cáis Eilvéiseach anois agus go bhfuil a lán mianach agus urchar in aice léi ar ghrinneall na farraige.[1]

D’úsáid rialtas Shasana an eachtra ina gcuid bolscaireachta agus iad ag iarraidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá teacht isteach sa chogadh. Níor tharla sin go dtí mí Aibreáin 1917. Ach de bharr na bolscaireachta thacaigh a lán daoine i Meiriceá agus in Éirinn cúis na Sasanach sa chogadh.[1]

Scaoil Raimund Weissbach[10] an toirpéad ar bord an an U-20. Tháinig sé ar ais go hÉirinn an bhliain dár gcionn in éineacht le Roger Casement. Ach sa bhliain 1966, cuireadh fáilte is fiche roimh Weissbach in Éirnn, le linn Comóradh 50 Bliain 1916.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Pádraig Mac Éil / Maidineacha caife. "AN RMS LUSITANIA". Dáta rochtana: 2022.
  2. cogg.ie. "An Lusitania – Tubaiste ar an bhFarraige Mhór". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-22. Dáta rochtana: 2022.
  3. "An Seancheann/Old Head of Kinsale" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-29.
  4. Eleathanach, 11 Bealtaine 2015
  5. Ray Ryan (2015-05-05). "U-boat captain’s role in the 1916 rising" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-05-07.
  6. 6.0 6.1 "RMS Lusitania" (as en) (2022-05-07). Wikipedia. 
  7. fomhuireán
  8. 8.0 8.1 "An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Bealtaine 1915)" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-07.
  9. mar "auxilary merchant cruiser". "Borderline cargo" (en-US). Encyclopedia Titanica Message Board. Dáta rochtana: 2022-05-07.
  10. "Raimund Weisbach" (as en) (2022-05-07). Wikipedia. 
  11. Letters (2015-05-05). "Man who sank Lusitania also visited Cork in 1916" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-05-07.