Aerchóiriú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trealamh aerchóirithe

Córas chun caighdeán an aeir a fheabhsú trí íonú páirteagail deannaigh, deataigh is/nó pailine a bhaint amach as agus a theocht is a thaise (an oiread galuisce ann) a rialú. Baineann scagaire na páirteagail mhóra as, agus is trí mhodh leictreach a bhaintear amach na páirteagail is lú. Tugtar lucht leictreach dóibh is iad ag taisteal thar ghreille leictreach, agus aomtar iad ansin le greille dhiúltach eile ionas go ngreamaíonn siad léi. Baintear amach ceimiceáin a bheadh bréan tríd an aer a chur trí scagaire gualaigh. Rialaítear teocht an aeir trí é a rith thar phíopaí atá lán d'uisce te len é a théamh nó thar phíopaí atá lán d'uisce fuar len é a fhuarú. Má bhíonn an t-aer róthirim spréitear uisce nó galuisce isteach ann; más ró-thais a bhíonn sé fuaraítear é chun go gcomhdhlúthaíonn an taise is go dtaosctar an t-uisce. Bealach eile chuige seo is ea an t-aer a chur trí ábhar a ionsúnn uisce, cosúil le glóthach shilice.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerchóiriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.