Hugh Lane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Hugh Lane
Mancini - Hugh Lane.jpg
Saol
Eolas breithe Contae Chorcaí, Samhain 9, 1875
Náisiúntacht Éire
Bás Lusitania agus An tAigéan Atlantach, Bealtaine 7, 1915
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  ()
Muintir
Athair James William Lane
Máthair Frances Adelaide Persse
Gairm
Gairm déileálaí saothar ealaíne
Saothar iomráiteach Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath
Duais
Portráid de Hugh Lane ó 1906

Ba dhéileálaí ealaíne Éireannach é Sir Hugh Percy Lane (9 Samhain 18757 Bealtaine 1915). An cháil is mó atá atá air ná gur bhunaigh sé an chéad dánlann nua-ealaíne sa domhan in Éirinn. Is é seo Dánlann Hugh Lane, atá suite ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Hugh Lane do James William Lane agus Frances Adelaide Persse. Ba as Corcaigh muintir Lane agus as Gaillimh muintir Persse agus bhí Lady Gregory ina aintín leis. Tógadh Hugh Lane i gCorn na Breataine i Sasana, cé gur rugadh é in Éirinn, i gContae Chorcaí. Bhí sé ina dhéileálaí ealaíne i Londain faoin mbliain 1901.

Coincheap na Dánlainne Nua-Ealaíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó cuairt a thabhairt ar a aintín, Lady Gregory, in Éirinn agus taispeántas péintéireachta comhaimseartha a fheiceáil ansin, shamhlaigh Lane go bhféadfaí dánlann a bhunú ina bhféadfaí an chuid is fearr d'ealaín nua-aimseartha na hÉireann agus an domhain mhór a chur ar taispeáint, taobh le taobh. Ón am sin ar aghaidh, dhírigh Lane a chuir iarrachtaí go léir ar bhailiú na healaíne nua-aimseartha ó Éirinn, Sasana agus ón Mór-Roinn, don dánlann nua. Osclaíodh an dánlann nua seo ar 20 Eanáir 1908 i dTeach Clonmell ar Shráid Fhearcair, i mBaile Átha Cliath. Ach bhí deacrachtaí le hionad buan a fháil don bhailiúchán agus bhí Lane féin imithe ar shlí na fírinne sular lonnaíodh an bailiúchán i ndánlann bhuan, i dTeach Charlemont ar Chearnóg Pharnell.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Lane bás mar phaisinéir ar an RMS Lusitania, nuair a cuireadh an long sin go tóin poill le toirpéad ó fhomhuireán Gearmánach le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]