Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener
Herbert Kitchener 1914.jpg
Ball de Theach na dTiarnaí


Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe


ambasadóir


Rúnaí Stáit Cogaíochta

Lúnasa 5, 1914 - Meitheamh 5, 1916
Herbert Henry Asquith - David Lloyd George
Saol
Ainm iomlánHoratio Herbert Kitchener
Eolas breitheBéal Átha Longfoirt, 24 Meitheamh 1850
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásAn Mhuir Thuaidh, 5 Meitheamh 1916
Cúis bháistimpiste (maraíodh i gcomhrac)
Muintir
AthairHenry Horatio Kitchener
MáthairFrances Anne Chevallier
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
Oideachas
Alma materAcadamh Ríoga Míleata, Woolwich Nollaig 1870)
TeangachaAn Araibis
an Fhraincis
an Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, innealtóir, oifigeach míleata agus director of land survey (en) Aistrigh
Áit oibreCartúm, Londain agus Cyprus (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachA trigonometrical survey of the island of Cyprus (en) Aistrigh
Duaiseanna
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céimmarascal machaire
oifigeach coitianta
Throid sé/sí agAn Cogadh Franc-Phrúiseach
Mahdist War (en) Aistrigh
Battle of Ferkeh (en) Aistrigh
Battle of Atbara (en) Aistrigh
Cath Omdurman
Dara Cogadh na mBórach
Battle of Paardeberg (en) Aistrigh
An Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas

Marascal machaire Briotanach, státaire, agus taidhleoir ab ea Horatio Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener (24 Meitheamh 18505 Meitheamh 1916).

Rugadh Kitchener sa bhliain 1850 i mBéal Átha Longfoirt, i gContae Chiarraí, mac leis an Lt. Col. Henry Horatio Kitchener (1805-1894) agus le Frances Anne Chevallier-Cole. Sasanaigh ab ea iad a cheannaigh talamh in Éirinn tamall beag roimhe sin.

Bhí Kitchener i dtuaisceart na Súdáine sa bhliain 1884 nuair a chuir arm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí Charles Gordon, oifigeach Sasanach, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Bhí ar Kitchener cumarsáid a choimeád oscailte le Cartúm go dtí go sroicheadh arm Briotanach an chathair chun deireadh a chur leis an léigear. Níor éirigh leo an chathair a shroicheadh in am, áfach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir 1885, d'éirigh le harm an Mahdí an lámh in uachtar a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdí go raibh sé marbh.

Blianta ina dhiaidh sin cuireadh Kitchener i gceannas ar arm Briotánach-Éigipteach a rinneadh ionsaí ar an tSúdáin. D'éirigh leis deireadh a chur le rialtas an Mahdí i gCath Omdurman ar an dara lá de Mheán Fómhair 1898. Bhí sé ina ghobharnóir ar an tSúdáin go dtí mí na Nollag 1899, nuair a chuaigh sé go dtí an Afraic Theas. Bhí Kitchener ina ghinearál i nDara Cogadh na mBórach (1899–1902).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]