Cartúm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cartúm.

Cathair san Afraic is ea í Cartúm (Araibis: الخرطوم al-Ḫarṭūm), príomhchathair agus an dara chathair is mó na Súdáine. Tá an chathair suite idir na dhá Níl (An Níl Bhán agus an Níl Ghoirm) i Stát Cartúm, agus tá níos mó ná milliún daoine ina gcónaí inti. Is ceann do na trí chathracha í Cartúm, chomh maith le Omdurman agus Cartúm Thuaidh, is í an chathair is sine díobh, cé go bhfuil baile Soba (baile beag atá suite deich míle ó lár na cathrach ar bhruach na Níle Goirme, ach a bhfuil anois páirt don mór-bhaile) níos sine fós. Tá suas le cúig milliún daoine sna trí chathracha le chéile, le hOmdurman suite san iarthar, ar bhruach na Níle Báine agus na Níle féin agus Cartúm Thuaidh suite ar an taobh tuaisceart den Níl Ghoirm.

San teanga Arabaise, úsáidtear an focal Cartúm mar ainm píobán (mar shampla, píobán ghairdín) agus mar ainm srón an eilifint freisin. Deirtear go bhfuil cuma srón eilifint ar cheantair an cathair, maidir leis an tslí ina dtagann na dhá Níl le chéile ann, agus an t-oileán beag (Oileán Tuti) suite i mbéal na Níle Goirme.

Stair[athraigh | edit source]

Do bhunaigh An Chedíbh Mohammed Ali Cartúm san bhliain 1821 mar phort don rialtas Tuirceach-Éigipteach i dtuaisceart na Súdáine. D'fhás an baile go tapaidh, mar saghasentrepôt don cheantar sa deisceart a bhí ann, go háirithe ag dul ó dheas ar an Níl Bhán. Ionad sclábhaíochta a bhí ann freisin le rith an ama seo - tógadh na sclábhaithe ón deisceart. Faoi bhrú na 'cumhachtaí móra', rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht seo a chosc sna 1840aí. Ar an 13ú lá de Máirt, sa bhliain 1884 chuir airm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí an saighdiúir Sasanach, Charles George Gordon, i gceannas fhórsaí na cathrach. Faoi dheireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le hairm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, is baineadh a ceann dá choirp chun a thaispeáint don Mahdí go raibh sé marbh. Cé go bhfuair an Mahdí bás tamall beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (ar a nglaoitear an Mahdía) ar aghaidh go dtí 1898 - 1899 leis an Chalífa Abdullahi i gceannas air. Do bhunaigh rialtas an Mahdía cathair Omdurman agus úsáidtear í mar phríomhchathair an Mahdía. Ar an dara lá do Mheán Fómhair sa bhliain 1898 d'éirigh le harm Shasana faoi Sirdár Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne airm an Mahdía, agus sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tír go léir faoi chois rialtais Bhriotanach-Éigiptigh. Rinneadh príomhchathair de Chartúm ag an am seo, don chríoch Bhriotanach-Éigipteach agus tar éis neamhspleáchas na tíre san bhliain 1956, don tír nua.