Teach an Chustaim
Teach an Chustaim | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Custom house (en) | |||
Ailtire | James Gandon | |||
Foirgníocht | 1791 | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Pallaidiachas | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Rialtais na hÉireann | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | gov.ie… | |||
Is foirgneamh suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Teach an Chustaim. Cuireadh i gcrích in 1791 é. Saothar máistreachta sa stíl nuachlasaiceach Eorpach atá ann agus caitheadh deich mbliana á thógáil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thomas Burgh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dhear agus thóg an t-ailtire Thomas Burgh an chéad Teach an Chustaim sa bhliain 1707 taobh le Droichead Essex.[1]
Faoi na 1770idí, cinneadh nach raibh suíomh Theach an Chustaim oiriúnach dá chuspóir. Chinn Coimisiún na Sráideanna Leathana agus an Coimisiún Ioncaim Teach Custaim nua a fhorbairt níos faide síos san abhainn. Tharraing na pleananna raic i measc na ndíoltóirí áitiúla mar bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar acu ar luachanna a ngnólachtaí agus a réadmhaoine. Tá paimfléad gan ainm ó 1781 ag Leabharlann an Oireachtais inar áitíodh go gcuirfeadh an suíomh nua beart níos doimhne ar fáil le haghaidh líon níos mó long.[1]
James Gandon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug an tArdchoimisinéir Ioncaim, John Beresford,[2] cuireadh don ailtire James Gandon le teacht ó Londain chun Teach nua an Chustaim a dhearadh. Tógadh é sa stíl nuachlasaiceach a raibh an-tóir uirthi ag an am agus osclaíodh an foirgneamh álainn ar an 7 Samhain 1791. (Dhear Gandon Droichead Carlisle, nó Droichead Uí Chonaill sa lá atá inniu ann; osclaíodh é i 1794 agus tá roinnt cosúlachtaí le feiceáil idir an droichead agus Teach an Chustaim ó thaobh na hailtireachta de).
Chosain sé 200,000 steirling, a bhí ina shuim mhór airgid an tráth sin.[3]
Ba é an t-éacht ab fhearr a bhain James Gandon amach.[4] Bhí Gandon roghnaithe ag John Beresford, an Príomh-Choimisinéir Ioncaim.
Rinneadh Edward Smyth, dealbhóir cáiliúil na hÉireann, na dealbha atá lonnaithe i gcodanna éagsúla den fhoirgneamh.
19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bogadh calafort Bhaile Átha Cliath níos faide síos an abhainn san 19ú haois agus bhí an suíomh do Theach an Chustaim mí-oiriúnach arís. Seachas a bheith ina Theach Custaim, lonnaíodh roinnt gníomhaireachtaí rialtais eile ann, lena n-áirítear Bord an Rialtais Áitiúil.[2]
Bhí an foirgneamh ina cheanncheathrú ag na Coimisinéirí Custaim agus Máil go heisiach ar dtús; ach bhí príomhról Theach an Chustaim i ndáil leis an rialtas áitiúil faoi thús an fhichiú céad áfach.
20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 25 Bealtaine 1921 rinne fórsa mór d’óglaigh an IRA ruathar ar an bhfoirgneamh le linn Chogadh na Saoirse. Agus é ina shiombail de rialtas na Breataine, mheas an tIRA gur targaid a bhí ann i gcaitheamh Chogadh na Saoirse. Dódh an foirgneamh go talamh
Mhair an tine cúig lá agus a scrios an taobh istigh den fhoirgneamh agus taifid rialtais a chuaigh siar cúpla céad bliain. Mhair creatlach an fhoirgnimh agus rinne Oifig na nOibreacha Poiblí é a athbhunú déanach sna 1920idí. Cuireadh tús leis an dara clár athchóiriúcháin sna 1980idí agus cuireadh i gcrích é in am le dhá chéad bliain ó bunaíodh Teach an Chustaim a cheiliúradh in 1991.
Tá oifigí na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lonnaithe san fhoirgneamh seo sa lá atá inniu ann.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Tithe an Oireachtais (2023-06-23). "Sa chás taispeántais" (ga-IE). www.oireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-04. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 agus ag conlán beag den dream ceannasach Éireannach a bhí i mbun an phróisis an tráth sin le sráideanna agus foirgnimh phoiblí Bhaile Átha Cliath a leathnú
- ↑ Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim / An tseoid ailtireachta is cáiliúla in Éirinn (2024). "Custom House Visitor Centre | Heritage Ireland" (ga-IE). Custom House Visitor Centre | Heritage Ireland. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ housing.gov.ie