Stair na Poblachta Éireannaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas

Ar an 18 Aibreán 1949, d’éirigh Éire ina Phoblacht. Tháinig Acht Phoblacht na hÉireann i bhfeidhm ar Luan Cásca 1949, 33 bhliain díreach tar éis Éirí Amach na Cásca.[1]

Tréimhsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialtas Dúchais[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eascair an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) as eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den fhichiú haois. Ón 1 Eanáir 1801 go dtí an 6 Mí na Nollag 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire.

Éirí amach agus céimeanna i dtreo na saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1919, shocraigh an chuid is mó de Fheisirí Parlaiminte Éireann, a toghadh in ollthoghchán na Breataine, 1918, a suíocháin i bParlaimint na Breataine a dhiúltú. In áit dul go Londain bhunaigh siad parlaimint Éireannach, Dáil Éireann. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach in ainm Poblachta Éireannaigh. Níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta don phoblacht seo. Chuir Rialtas na Breatain an Dáil faoi chois, agus cuireadh go leor de na Teachtaí Dála i bpríosún. Thosaigh Cogadh na Saoirse, a mhair go dtí 1921, nuair a thosaigh rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh ar idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais in Éirinn, a bhí dleathach i súile na Breataine agus féinrialaitheach faoi stádas chríochach (dominion status).

Cruthaíodh stát nua Éireannach, "Saorstát Éireann" (as Béarla: Irish Free State). Bhí sé ar intinn an oileán go léir a chur faoin Saorstát, ach ba é rogha "Thuaisceart Éireann" (a cruthaíodh de réir Acht Rialtais na hÉireann 1920, agus ina raibh 6 des na 9 chontaetha in Ulaidh) fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Sa chaoi sin, is le Saorstát Éireann a bhí na 26 chontaetha eile; monarcacht bhunreachtúil faoi smacht ríocht na Breataine (ach leis an dteideal Rí Éireann tar éis 1927). Ag an stát seo bhí Fear Ionaid an Rí (i mBéarla, Governor-General), parlaimint le dhá sheomra, aireacht ar a raibh an teideal Executive Council (Comhairle Gnóthaí), agus príomh-aire leis an teideal Uachtarán na Comhairle Gnóthaí (President of the Executive Council). Bunreacht Shaorstáit Éireann a thugtar ar bhunreacht an stáit seo.

Bunreacht na bliana 1937[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forógra na Cásca, 1916

Tháinig deireadh leis an Saorstát sa bhliain 1937. Ar an 29 Mí na Nollag 1937 tháinig bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, i bhfeidhm. Cruthaíodh stát nua, ar a dtugadh 'Éire', in áit Saorstáit Éireann. Sa bhunreacht, bhí áis ann i gcomhair oifig nua, Uachtarán na hÉireann, in áit an rí. Ina ainneoin seo, ní poblacht a bhí sa stát seo. De réir an dlí, bhí an príomhphost atá ag ceann an stáit; ionadaíocht a dhéanamh ar son an stáit go hidirnáisiúnta – fós ag an Rí.

Poblacht na hÉireann, 1949[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 7 Meán Fómhair 1948, d'fhógair John A. Costello (Taoiseach, Fine Gael) in Ottawa (!) aisghairm an Achta Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 agus na feidhmeanna a bronnadh ar mhonarc na Breataine.[2] Cinneadh thar a bheith conspóideach a bhí ann ag an am.[3][4][5]

Briseadh an nasc deiridh le Monarcacht na Breataine le hAcht Phoblacht na hÉireann, a ritheadh sa bhliain 1948.[6] Ar an 1 Aibreán 1949 d'fhógair an Comhrialtas a bhí i gcumhacht Acht Poblachta na hÉireann Éire mar phoblacht, leis na postanna a bhí ag Rí na hÉireann roimhe sin tugtha do Uachtarán na hÉireann.

Ar an 18 Aibreán 1949, d’éirigh Éire ina Phoblacht. Tháinig Acht Phoblacht na hÉireann i bhfeidhm ar Luan Cásca 1949, 33 bhliain díreach tar éis Éirí Amach na Cásca.[7][7]

D'aisghair an tAcht nua an tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 agus d'aistrigh sé chuig Uachtarán na hÉireann na feidhmeanna a bronnadh ar mhonarc na Breataine ag an Acht roimhe sin.[8] Ina theannta leis sin, leag Acht 1948 síos gur Poblacht na hÉireann is "gnéthuairisc" ar an Stát.

Cé go raibh Éire fós mar ainm oifigiúil ag an stát (Airteagal 4, "Éire is ainm don stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland" [9]) tháinig an téarma The Republic (gan ann ach cur síos oifigiúil ar an stát nua) in úsáid mar a hainm as Béarla. Agus Stát na hÉireann ag baint úsáide as an téarma Ireland chun cur síos uirthi féin as Béarla, go háirithe le hábhair taidhleoireachta (mar shampla President of Ireland agus Constitution of Ireland). Chomh maith, d'fhógair Bunreacht 1937 gur pháirt dleathach den stát í Tuaisceart Éireann.

Leasaíodh an chuid sin den bhunreacht, Airteagal 2 agus 3, i 1999 mar chuid de Chonradh Aoine an Céasta.

Ba bhallstát den Comhlathas Briotanach Saorstát Éireann/Éire fós, go dtí gur fógraíodh an Phoblacht i mí Aibreáin 1949. De réir rialacha an Chomhlathais ag an am sin, chuir fógairt na poblachta deireadh le ballraíocht sa Chomhlathas. Tharla sé seo roimh athrú na rialacha chun poblacht nua na hIndia a choimeád sa Chomhlathas. Fiú má chuaigh ballraíocht na hÉireann chun deiridh gan aon iarratas ar bhallraíocht nua, choimeád sí roinnt mhór de bhuntáistí na ballraíochta. Inniu féin, is féidir le saoránach Éireannach atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe gach ceart atá ag saoránach Bhriotanach a éileamh, fiú amháin seasamh i dtoghcháin áitiúla agus parlaiminte agus páirt a ghlacadh in airm na Breataine.

Poblacht an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Éire a ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus sa Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach (an Aontas Eorpach anois) i 1973. Tá athaontú na hÉireann iarrtha go síochánta ag rialtais Éireannacha agus iad ag cabhrú leis an mBreatain i gcoinne na gcaismirtí foréigneacha idir ghrúpaí paraimíleatacha i dTuaisceart Éireann a dtugtar Na Trioblóidí orthu. Tá na rialtais ag cur aontú síochána do Thuaisceart Éireann, Comhaontú Bhéal Feirste, lenar aontaigh an Phoblacht agus an Tuaisceart i 1998 i reifrinn, i bhfeidhm faoi láthair, cé go bhfuil moilliú air de bharr easaontais, go háirithe i measc na nAontachóirí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ireland - The Republic of Ireland" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  2. Encyclopedia of Irish History and Culture (2004). "Declaration of a Republic and the 1949 Ireland Act". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  3. Staraithe ar Youtube (botún straitéiseach a bhí ann ?). "Ireland - Declaration of a Republic" (as en). 
  4. Brian Murphy (2009). "'In Ottawa of all places...' the Sunday Independent scoop that shaped history" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  5. Ben Wynne (2020). "IRELAND, 1949–73—A CLOSET MEMBER OF THE COMMONWEALTH? (History Ireland)". Dáta rochtana: 2021.
  6. Tithe an Oireachtais (2020-03-05). Cé nach raibh nasc na hÉireann leis an mBreatain chomh láidir agus a bhíodh, d’fhan sí sa Chomhlathas i rith an ama agus bhí teideal an cheannaire fós ar mhonarc na Breataine maidir le caidreamh seachtrach na hÉireann. Cúis náire ba ea an méid sin thar lear – mar shampla sa bhliain 1947, fágadh ambasadóir na hÉireann chun na Vatacáine ag fanacht sa Róimh ar feadh trí seachtaine go dtí go síneodh an Rí a chuid cáipéisí.: "Stair na Parlaiminte in Éirinn – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  7. 7.0 7.1 An Taobh Ó Thuaidh (Aibreán 2014). ""Rudaí eile a tharla" (lch 3)ːBotún atá ann. Tháinig deireadh leis an Saorstát sa bhliain 1937" (ga). Issuu. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  8. Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Fógairt Phoblacht na hÉireann, 1949". Dáta rochtana: 2021.
  9. Bunreacht na hÉireann (1937). "Department of the Taoiseach" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-09-08.