Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Armas

Is éard a bhí i bPoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe (Ollainnis: Republiek der Zeven Verenigde Nederlanden; Laidin: Res Publica Coniunctarum Provinciarum) ná stát neamhspleách i dtuaisceart na hEorpa (1588–1795), san áit a bhfuil an Ísiltír sa lá atá inniu.

1715 - 1785

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh stát substainteach seasmhach ar bith ann san áit a bhfuil an Bheilg, Lucsamburg, agus an Ísiltír go dtí an 16ú haois, ach sraith de stáit bheaga, ceantair easpagóideachta, bailte neamhspleácha agus réigiúin faoi smacht tíortha móra eile, go háirithe An Spáinn.

Ar 30 Eanáir 1648, thángthas ar shocrú maidir le téarmaí Shíocháin Münster, trínar thug an Spáinn aitheantas foirmiúil do Phoblacht na hÍsiltíre mar stát neamhspleách. Is é seo an chéad cheann de na conarthaí a rinneadh sa bhliain 1648 ar a dtugtar Síocháin Westfalen i dteannta a chéile.

Mheastar go hiondúil gurb iad bunús na bprionsabal go bhfuil na stáit ceannasach agus nach féidir le stát amháin a ladar a chur isteach gnóthaí baile aon tire eile. Is orthusan atá an dlí idirnáisiúnta bunaithe go fóill.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Síocháin Münster" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.