Scoil scairte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scoil chois claí, scoil scairtescoil ghairid a thugtaí ar na scoileanna a bhíodh ar siúl ón 17ú haois ar aghaidh, go háirithe in aimsir na bPéindlíthe, nuair a bhí cosc ar oideachas imeasc na nGael. Bhí baint, ar ndóigh, ag na sagairt go minic le hoideachas, agus bhíodh cosc, freisin, ar ghnéithe eile den oideachas, mar shampla Gaeilge a bheith á múineadh. Bhíodh na scoileanna cois claí, ar ndóigh, go minic faoin aer nó in áiteanna eile nach dtiocfaí orthu go héasca, mar go ngearrfaí pionós trom ar dhaoine a sháraíodh na Péindlíthe.