2025
| Sampla de | bliain féilire, common year starting and ending on Wednesday (en) |
|---|---|
| Féilirí eile | |
| féilire Ghréagóra | 2025 (mmxxv) |
| Ioslamach | 1447 – 1448 |
| Síneach | 4721 – 4722 |
| Eabhrach | 5785 – 5786 |
| Hiondúch | 2080 – 2081 (Vikram Samvat) 1947 – 1948 (Shaka Samvat) 5126 – 5127 (Kali Yuga) |
| Peirseach | 1403 – 1404 |
| Airméanach | 1474 |
| Rúnach | 2275 |
| Ab urbe condita | 2778 |
| Catagóirí | |
| Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
| Aois | |
| 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
| Deich mbliana | |
| 1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
| Bliain | |
| 2022 2023 2024 - 2025 - 2026 2027 2028
| |
| | |
Is bliain choitianta í an bhliain 2025 (MMXXV).
Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nollaig
Samhain
6 Samhain 2025 : tugadh beirt fhear, Josh Devlin agus Jonathan Judge, os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha agus iad cúisithe in ionad d'iarratasóirí ar thearmann idirnáisiúnta a chur trí thine Oíche Shamhna.
Deireadh Fómhair
30 D.F.: D'fhógartha Pálás Buckingham go mbainfear teidil ríoga as Phrionsa Andrew agus "Andrew Mountbatten Windsor" a tabharfar air anois [1].
14 D.F.: Dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus lochanna in Éirinn ag meath i gcónaí => Eotrófú[2]
14 D.F.: Bhí Duais Nobel na Síochána bronnta ar María Corina Machado
10 D.F. Tháinig sos cogaidh i bhfeidhm idir Iosrael agus Hamas, aon uair amháin eile
5 D.F.: D'éirigh Jim Gavin as rás an árais.
2 D.F.: Beirt Giúdach maraithe taobh amuigh de shionagóg i Manchain
1-3 D.F.: Cabhlachán Domhanda Sumud - ghabh fórsaí míleata Iosrael na hagóideoirí
Meán Fómhair
M.F.: Spotsolas ar an gCaidreamh idir Donald Trump agus Jeffrey Epstein
M.F.: Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, Deiniseóbhach, thart ar mhilliún bliain d’aois.
M.F.: Bhí fotheidil Ghaeilge curtha ag Netflix le ceann dá gcláir den chéad uair.
M.F.: Tháinig An Coimisiún Oidhreachta i dTÉ/RA ar an bhfód, faoi dheireadh.
29 M.F.: Tuairt eitleáin A330 de chuid Air France, AF Eitilt 447 in 2009. Cuireadh tús le imeachtaí sibhialta ... faoi dheireadh.
28 M.F.: Olltoghchán na Moldóive - Bhí an Rúis ag cur a ladair isteach ach theip uirthi an uair seo
26 M.F.: Tháinig Trump go Corn Ryder 2025.[3][4] Ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun feirge. Thosaigh a ghariníon Kai Trump ag díol léinte aclaíochta, $130 gach ceann acu, agus déanta sa tSín.[5]
25 M.F. D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer Scéim Cárta Aitheantais
23 M.F. D'ionsaigh dróin de chuid Iosrael Cabhlachán Domhanda Sumud sa Chréit (an Ghréig, gníomh imeaglaithe eile.
21 M.F.: Seirbhís chuimhneacháin Charlie Kirk; 110k i láthair agus sheas lucht na heite fhíordheis gualainn ar ghualainn le chéile.
16-18 M.F.: Rinne Trump a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe
16 M.F.: Dhearbhaigh coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh Iosrael ag déanamh cinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza.
13 M.F. Labhair Elon Musk ag agóid ollmhór i gCearnóg Trafalgar, Londain in éineacht le Tommy Robinson. Thug Musk foláireamh go bhfuil an Bhreatain Mhór ag titim as a chéile [6][7]
12 M.F.: Agóidí Ghlúin Z i Neipeal. Ceapadh an breitheamh Sushila Karki mar phríomh-aire.
11 M.F.: Bhí Peter Mandelson briste as a phost mar ambasadóir na R-A chun SAM
10 M.F.: Feallmharaíodh Charlie Kirk, gníomhaí de chuid lucht Trump.
9 M.F.: Aerionsaí ar Hamas i gCatar. Theip ar Iosrael na hidirbheartaithe a mharú.
9/10 M.F. D'ionsaigh dróin de chuid Iosrael Cabhlachán Domhanda Sumud sa Túinéis, gníomh imeaglaithe.
Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lúnasa: D'aimsigh saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta cuasnóg cornfhoichí Áiseacha i gcathair Chorcaí.
Lúnasa: d'aimsigh saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra cuasnóg cornfhoichí Áiseacha
31 Lúnasa: Cuireadh tús leis na The Traitors ar RTÉ 1
31 Lúnasa: D’fhág crith talún in oirthear na hAfganastáine os cionn 3,000 duine marbh.
30/31 Lúnasa: D'fhág Cabhlachán Domhanda Sumud Barcelona (cabhlach idirnáisiúnta fóirithinte ar son Gaza)
25 Lúnasa: Ionsaí ar Ospidéal Al-Nasser, Gaza. Maraíodh 20, iriseoirí agus lucht tarrthála ina measc.
14 Lúnasa: Tharraing Mairead McGuiness amach as Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025
10 Lúnasa: Fuair Iosrael réidh le Anas Al-Sharif, iriseoir mór le rá.
2 Lúnasa: Fuadaíodh bean as Éirinn, Gena Heraty. ó dhílleachtlann in Háítí.
1 Lúnasa: Thug Donald Trump bata is bóthar d'Erika McEntarfer, Bureau of Labor Statistics
Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iúil: Ceapadh Éilís Ní Dhuibhne mar Laureate nua don Fhicsean Éireannach 2025-2028
31 Iúil: Ritheadh Acht nan Cànan Albannach, nó Acht na dTeangacha Albanacha
30 Iúil: Ceapadh Justin Kelly mar choimisinéir an Gharda Síochána.
28 Iúil: Aighneas Cambóid - Téalainn 2025. tháinig sos comhraic i bhfeidhm.
19 Iúil. Samhradh brothallach faraor; fuair 800-900 iasc bás i Loch Síleann. An aimsir ba chúis le marú na n-iasc => Aimsir na bliana 2025
12 Iúil: Theip ar Conradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach
10 Iúil: Bhagair Donald Trump, aon uair amháin eile, taraifí thar cuimse a ghearradh ar an Rúis..[8][9]
9 Iúil: Bhí leagan closleabhair den úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin foilsithe ag Barzaz agus ar fáil ar Spotify agus roinnt ardán eile, an chéad uair a raibh úrscéal i nGaeilge ar fáil ar na hardáin mhóra.[10]
1 Iúil: chuir Trump a lámh leis "An tAcht Mór Álainn", a bhuaicphointe reachtach mar Uachtarán le linn a Dara Téarma
Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
26 Meitheamh: Dúirt Príomh-Aire na R-A Keir Starmer gur chreid sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap i nGlastonbury á léiriú ar an teilifís.[12]
24 Meitheamh: bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac.
23 Meitheamh agus Cogadh Iosrael–Iaráin: D'fhógair Donald Trump sos cogaidh.
21/22 Meitheamh: rinne na S-A ionsaí buamála, Oibríocht "Midnight Hammer", ar na trí mhórionad núicléach san Iaráin.
21 Meitheamh: An teocht os cionn 35 céim i réigiún Pháras, 38 céim in áiteanna => Tonnta teasa na hEorpa, 2025
20 Meitheamh: An Craoslach: cead pleanála stáisiún seirbhísí úr a thógáil diúltaithe
18 Meitheamh: Tugadh Mo Chara, nó Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte i Londain. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta.
15 Meitheamh: chuir Rialtas na hIaráine in iúl go raibh sos cogaidh ag teastáil uaidh le linn Chogadh Iosrael–Iaráin.
15 Meitheamh: Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama; cuireadh tús le tochailt san áit a mbíodh an tÁras
14 Meitheamh: scaoileadh marbh Seanadóir de chuid na nDaonlathach i Stát Minnesota, Melissa Hortman.
13 Meitheamh: Cuireadh tús le Cogadh Iosrael–Iaráin.
12 Meitheamh: Tuairt Air India Eitilt 171
9-13 Meitheamh: Círéibeacha ciníocha Thuaisceart Éireann 2025
9 Meitheamh: Imlonnaíodh Muirshaighdiúirí na S-A ar fud Los Angeles, gníomh gríosaithe de chuid Trump agus a chúntóir Stephen Miller.
9 Meitheamh: Ghabh fórsaí míleata Iosrael seilbh ar an ‘Madleen’, luamh de chuid Gaza Freedom Flotilla nó "Comhghuaillíocht na Saoirse", amach ó chósta Gaza.
9 Meitheamh: Athosclaíodh Sceilg Mhichíl faoi dheireadh, agus aimsir shéimh ann gach lá i rith mhí na Bealtaine-Meitheamh
6 Meitheamh: Cuireadh tús le agóidí na n-inimirceach sna Stáit Aontaithe le linn réimeas Trump
3 Meitheamh: Thit an Rialtas Schoof san Ísiltír as a chéile, comhrialtas a bhí an-fhada amach ar an eite dheis agus ag piocadh ar a chéile an t-am go léir
2 Meitheamh: Tháinig an Rúis agus an Úcráin ar chomhréiteach maidir le malartú na bpríosúnach => Cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin
Meitheamh: Dúnadh, beagnach, Stáisiún cumhachta Ghob na Muine.
Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]30 Bealtaine: Dúirt teaghlach Tina Satchwell go raibh anam "séimh, cineálta agus grámhar" aici.
28 Bealtaine: Bhí an sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá.
27 Bealtaine: Rialaigh Cúirt na S-A um Thrádáil Idirnáisiúnta go raibh an chuid is mó de na taraifí de chuid Trump neamhdhleathach.
26 Bealtaine: Ghabh na póilíní Paul Doyle as Learpholl, 53, fear gnó agus iar-Royal Marine. Thiomáin sé a charr ar an-luas trí shlua mór daoine Bhí sé as a chrann cumhachta ar dhrugaí.[13]
23 Bealtaine: D'iarr Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, ar na hIosraelaigh trócaire a dhéanamh ar na Palaistínigh agus deireadh a chur leis an bhforbhrúidiúlacht,[14]
21 Bealtaine: Scaoil saighdiúirí Iosrael urchair gar do ghrúpa taidhleoirí as an Aontas Eorpach agus iad ar cuairt ar an mBruach Thiar. Bhí beirt as Éirinn ina measc.[15]
18 Bealtaine: Olltoghchán na Portaingéile, bua ag AD aon uair amháin eile, páirtí ar dheis ón lár.
18 Bealtaine: Bhuaigh méara Bucharest Nicuşor Dan, polaiteoir sa lár, toghchán uachtaránachta na Rómáine 2025.
17 Bealtaine: Thug na teileavótóirí sa tríú cuid de thíortha na hEorpa an scór is airde d’iarracht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse, beag beann ar an sléacht in Gaza. Mhaígh craoltóirí náisiúnta áirithe gur earcaigh’ Iosrael teileavótóirí do Yuval Raphael.[16]
14 Bealtaine: Ciontú éagórach Peter Sullivan. Fuarthas é ciontach i gcás dúnmharaithe mná sa bhliain 1987
13/14 Bealtaine: D'ionsaigh an IDF an European Hospital in Khan Yunis.[17] Maradíodh ceannare Hamas, b'fhéidir.[18]
13 Bealtaine: Dúirt Trump go raibh na Stáit Aontaithe ag cur deireadh leis na smachtbhannaí a bhí acu ar an tSiria.[19]
10 Bealtaine: Bhí "margadh" déanta idir na Stáit Aontaithe agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh "go sealadach". Laghdaíodh taraifí na S-A ó 145% go dtí 30%.[20]
10 Bealtaine: Tháinig sos comhraic idir an India agus an Phacastáin i bhfeidhm.[21]
10 Bealtaine: Bhí socrú déanta i gCív idir ceannairí Eorpacha agus Rialtas na hÚcráine i dtaca le sos comhraic 30 lá a chur i bhfeidhm.[22]
8 Bealtaine: Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach.[23]
7 Bealtaine: D'ionsaigh an IDF margadh agus bialann i Sráid Wehda i Rimal, Gaza. Maraíodh 33+.[11]
6 Bealtaine: Tháinig Friedrich Merz (na coimeádaigh) i gcomharbas ar Olaf Scholz ón SPD.
5 Bealtaine, rinne India ionsaithe ar an Phacastáin => Cogaíocht India - Pacastáin 2025
Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]30 Aibreán: théis 3 mhí d'aighneas agus achrann, shínigh an Úcráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá conradh, a thabharfainn fabhar agus tosaíocht ar stór mianraí na hÚcráine do Mheiriceá.[24]
29 Aibreán: leis an chéad 100 lá caite in oifig aige, rinne Trump comóradh le slógadh i Michigan. Mhaígh sé gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh.[25]
28 Aibreán: Olltoghchán Cheanada 2025. D'éirigh leis an bPáirtí Liobrálach, agus Mark Carney i mbun, fanacht i gcumhacht.
25 Aibreán: Féinmharú Virginia Giuffre. Thosaigh sí ag obair i Mar-a-Lago in 2000 agus chas sí le Jeffrey Epstein, mí-úsáideoir gnéis, ann.
22 Aibreán: Ionsaí sceimhlitheoireachta Pahalgam. Chuir Rialtas na hIndia an Indus Waters Treaty (1960)[26] ar fionraí. B'ionann é agus cogadh a fhógairt a dúirt Rialtas na Pacastáine.[27]
20 Aibreán: Ceiliúradh Aifreann na Cásca i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga don uair dheireanach. 9 Aibreán: d'fhógair Trump sos 90 lá maidir leis na taraifí arda a bhí beartaithe aige a ghearradh; rinne sé U-chasadh ollmhór. D'ardaigh an NASDAQ 12% go tobann.[28]
16 Aibreán: Osclaíodh go hoifigiúil an t-idirnascaire Greenlink.
16 Aibreán: Thug Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe breithiúnas[29][30] ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin.
I dtús mhí Aibreáin in Éirinn, bhí an aimsir "breá" brothallach. Bhí idir theaspach agus thriomach ar fud na tíre idir 8-12 Aibreán – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus an teocht chomh hard le 21 céim. Bhí Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.[31]
8 Aibreán: Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer inniu go raibh a rialtas ag déanamh a marana ar rialú a rinne cúirt i mBéal Feirste maidir le fiosrúchán poiblí a bhunú faoi dhúnmharú Sheáin Brown i gCo Dhoire i mí na Bealtaine 1997.
I dtús mhí Aibreáin, thosaigh cliseadh na stocmhargaí 2025 i ndáiríre, a bhuíochas le Trump. Ar an 4 Aibreán ar Wall Street, glanadh 5% de luach na gcuideachtaí a raibh scaireanna ar na margaí acu, ainneoin figiúirí maithe fostaíochta i Meiriceá ag an am.[32]
2 Aibreán: Cuireadh tús le Cogadh trádála Trump i ndáiríre. Thug Trump "Lá na Saoirse" ar an 2 Aibreán 2025.
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taifead aeráide nua: Bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin), dar le Copernicus[33][34] (agus focal ar bith faoi ar tuairisc.ie nó rte.ie).
Tháinig an mhéim 6-7 - agus "lobadh inchinne" - chun solais i scoileanna sna Stáit Aontaithe. Shaothraigh dalta meánscoile airgead maith nuair a sheol sé branda "6-7" uisce.[35]
28 Márta: Tharla crith talún deich gciliméadar faoi thalamh sa Mhaenmar.[36] => Crith talún Mhaenmar, 2025
28 Márta: Thug leas-uachtarán na S-A JD Vance cuairt ar an nGraonlainn; bhí an turas cáinte ag polaiteoirí sa Ghraonlainn.[37][38]
23 Márta: Marú oibrithe cabhracha i Rafah
18 Márta: Bhris Iosrael an sos cogaidh i nGaza => Ionsaithe Iosrael ar Gaza 2025
18 Márta: Bhí Friedrich Merz agus Olaf Scholz in ann an coscán ar fhiacha a bhí leagtha síos i mBunreacht na Gearmáine a scaoileadh.
10 Márta: Dhiúltaigh Iosrael cead isteach sa Champa Jenin.=> 40,000 duine díbeartha => Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar, 2025
I mí an Mhárta 2025, d'iarr Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Pete Hegseth, ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an Mhuir Rua. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe. Cúpla lá níos déanaí, i sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal, a tharla roimh na hionsaithe, phléigh Hegseth na pleananna. Tugadh "Signalgate" ar ar an scannal.[39][40] => Géarchéim na Mara Rua
10 Márta : Polladh tancaer breosla nuair a bhuail lastlong fúithi amach ó inbhear Humber => Imbhualadh sa Mhuir Thuaidh, 2025
3/4 Márta: Chuir na Stáit Aontaithe stop leis an gcúnamh míleata don Úcráin, chun brú a chur ar an Úcráin dul i mbun cainteanna síochána leis an Rúis.[41]
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feabhra: rinne Hilary Benn aisghairm ar Acht um Riar an Cheartais (Éire) 1737, acht a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain.[42]
28 Feabhra: Bhí cruinniú teasaí go maith ag Zelensky, Vance agus Trump sa Teach Bán.[43] => cainteanna síochána
27 Feabhra: Reáchtáladh an chéad chruinniú de chomhaireacht Trump. Bhí Elon Musk, i láthair agus ról lárnach aige sa tionscadal chun chiorruithe ar sheirbhísí poiblí a chur i bhfeidhm => An Roinn Éifeachtúlachta Rialtais / DOGE
27 Feabhra: D'eitil Andrew agus Tristan Tate go dtí Fort Lauderdale; chuir Rialtas Trump brú ar Rialtas na Rómáine chun na deartháireacha a ligeadh amach.[44]
24 Feabhra: Díbríodh Lynn Boylan, feisire Eorpach, as Iosrael. Ghlac na hIosraelaigh grianghraif di agus d'fhoilsigh siad iad ar na meáin shóisialta. Sárú ar shonraí pearsanta daoine ba ea é sin
23 Feabhra: Olltoghchán na Gearmáine 2025. An CDU/CSU (na coimeádaigh) faoi stiúir Friedrich Merz, i bhfad chun cinn ar na páirtithe eile agus thart ar 29% de na vótaí acu.
20 Feabhra: ciontaíodh Luis Rubiales i bpóg a thabhairt don imreoir sacair Jenni Hermoso in aghaidh a tola.
19 Feabhra: Chuir Trump an milleán faoi ionradh na Rúise ar an Úcrain... ar an Úcráin[45] agus bhí neamhshuim déanta ag Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Zelensky. D'fhreagair Zelensky agus dúirt sé go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur "deachtóir" ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin in 2024 (le linn an chogaidh, rud a bhí dodhéanta).[46][47]
18 Feabhra: Reáchtáladh cainteanna síochána idir Meiriceá agus an Rúis san Araib Shádach faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht san Úcráin.
14 Feabhra: Dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá J.D. Vance ag Comhdháil Slándála München go raibh "sirriam nua sa bhaile" (agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá).[48][49]
12 Feabhra: Chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Trump alltacht ar cheannairí na hEorpa nuair a d’fhógair sé go raibh comhrá aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin faoi chás na hÚcráine gan dul i dteagmháil leo.[50]
4 Feabhra sa tSualainn: lámhachadh agus maraíodh deichniúr in ionad oideachais do dhaoine fásta Ionsaí
4 Feabhra: mhol Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, agus. "Riviera an Mheánoirthir" a dhéanamh de.
Rinne Trump agus Elon Musk iarracht áisíneachtaí de chuid na Stát Aontaithe a dhúnadh nó a laghdú. Mar shampla, bhí sé i gceist ag Trump deireadh a chur leis an áisíneacht stáit USAID, a riarann cláracha daonchabhrach ar fud an domhain ar shon na Stáit Aontaithe.[51]
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]24 Eanáir: Bhuail Stoirm Éowyn Éire agus an Bhreatain, "stoirm ghéar gan chuimse", ar cheann de na stoirmeacha ab fhíochmhaire a bhuail Éire riamh.[52]
23 Eanáir: Fuair Micheál Martin séala a oifige ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins tar éis don 34ú Dáil vótáil i bhfabhar é a cheapadh ina Thaoiseach don dara uair.
20 Eanáir sna Stáit Aontaithe: bhunaigh Elon Musk An Roinn Éifeachtúlachta Rialtais
20 Eanáir: Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair
Fuarthas Donald Trump ciontach in 2024 sa chás gur cheil sé suas le $130,000 d'íocaíocht le Stormy Daniels. Ar an 10 Eanáir 2025, scaoileadh Trump gan choinníoll ó tharla, a dúirt an breitheamh 'go bhfuil Donald Trump le hinsealbhú ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe'.[53]
Bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, an chéad uair a haimsíodh an galar sa Ghearmáin ó na 1980idí.
15 Eanáir: Bhí margadh faoi shos cogaidh déanta ag Iosrael agus Hamas i nGaza. Aistríodh trúpaí Iosrael, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, go dtí an Bruach Thiar agus bhí an foréigean géaraithe go tréan ann.
Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024-2025. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[54] => Aimsir na bliana 2025.
Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste é.[55]
I mí Eanáir 2025, bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, go háirithe i gceantair cóngarach don phríomh-chathair Beirlín.
D'éirigh an Ghraonlainn ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Thug Donald Trump le fios gur mian leis seilbh a fháil ar an nGraonlainn agus ar Chanáil Phanama.
7 Eanáir: Tharla crith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal.
6 Eanáir: D'éirigh Justin Trudeau, príomh-aire Cheanada, as.
1 Eanáir: Maraíodh 14 agus gortaíodh tríocha duine eile in ionsaí trucailín i New Orleans ar Lá Caille. Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea an sceimhlitheoir. Cúpla uair níos déanaí, phléasc trucailín Tesla roimh an Óstán Trump i Las Vegas; thug saighdiúir na Stát Aontaithe eile lámh ina bhás féin agus neamhord struis iarthrámaigh air.
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Gaeil a fuair bás in 2025: Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim, 2 Eanáir, Mícheál Ó Duibhir, peileadóir, 3 Aibreán; Paddy O’Toole, Aire Gaeltachta, 11 Bealtaine, Aogán Ó Muircheartaigh, craoltóir, 26 Bealtaine; Oilibhéar Ó Croiligh, sagart agus scoláire, 28 Meitheamh, Breandán Ó Conaire, scoláire, 21 Iúil; Seán Rocks, craoltóir, 30 Iúil; An file Derry O'Sullivan, 16 Lúnasa; Manchán Magan, 2 Deireadh Fómhair;
- agus Eddie Jordan, fiontraí; Henry Kelly, craoltóir; Pat Ingoldsby, file agus craoltóir; Eleanor Maguire, néareolaí; Paul Durcan, file; Henry Mountcharles, tiarna talún; Henry Kelly, craoltóir ; Martin Mansergh, comhairleoir polaitíochta ; Ed Moloney, iriseoir ; srl
- thar lear, Jean-Marie Le Pen (pobalóir Francach) ar an 7 Eanáir; an t-aisteoir Meiriceánach Gene Hackman, roimh an 18 Feabhra 2025 (bhí Alzheimer air agus fuair sé bás nádúrtha ina aonar); Roberta Flack, amhránaí; an Pápa Proinsias ar an 21 Aibreán; Virginia Giuffre, íospartach gáinneála (de chuid Jeffrey Epstein agus a chailín, Ghislaine Maxwell); Jim Lovell, spásaire Brian Wilson, ceoltóir; Ozzy Osbourne, ceoltóir; Charlie Kirk, lucht Trump; Robert Redford, aisteoir; Diane Keaton, ban-aisteoir ;
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Éileamh 'Prince Andrew' a bhaint ó shráidainmneacha an Tuaiscirt." (as ga) (2025-10-31).
- ↑ Ciarán Lenoach / Nuacht RTÉ (2025-10-14). "Caighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit fós ag meath" (as ga-IE).
- ↑ Scríobh sé, as n 26 MF: "As we prepare to celebrate 250 glorious years of American independence, the Ryder Cup also reminds us of our special relationship with the United Kingdom and our shared cultural heritage with the continent of Europe. The sportsmanship and good-hearted competition that will be on display throughout this weekend serve as a shining example to the world that our countries stand united in the common causes of freedom, excellence, and the pursuit of greatness."
- ↑ The White House (2025-09-26). "Presidential Message on the 45th Ryder Cup" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Chavie Lieber (2025-10-01). "Meet the 18-Year-Old Trump Scion Selling Sweatshirts From the White House Lawn" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Aneesa Ahmed (2025-09-13). "Elon Musk calls for dissolution of parliament at far-right rally in London" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-09-14.
- ↑ Mint (2025-09-13). "'Violence Is Coming': Elon Musk’s Explosive Speech At 110K London Anti-Immigration Rally".
- ↑ MSN (10 Iúil 2025). "Trump backs new Russia sanctions bill". www.msn.com. Dáta rochtana: 2025-07-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-10). "Trump ag bagairt taraifí thar cuimse a ghearradh ar an Rúis" (as ga-IE).
- ↑ Bridget Bhreathnach (10 Iúil 2025). "Likely scams, tithíocht agus cistí infheistíochta, samhradh idileach agus closleabhar ‘Madame Lazare’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-10.
- ↑ 11.0 11.1 "2025 Wehda Street airstrikes" (as en) (2025-05-12). Wikipedia.
- ↑ RTÉ News (2025-06-28). "Kneecap lead Glastonbury in chants against Starmer" (as en).
- ↑ "Paul Doyle accused of using car as weapon at Liverpool parade, court told" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-30). Dáta rochtana: 2025-06-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-23). "'Córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile'" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Níl aon chúnamh faighte ag Palaistínigh fós, a deir carthanachtaí" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (21 Bealtaine 2025). "‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ "2025 Gaza European Hospital strikes" (as en) (2025-05-23). Wikipedia.
- ↑ "70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-14). Dáta rochtana: 2025-05-16.
- ↑ "70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-14). Dáta rochtana: 2025-05-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-10). "'Sos comhraic idir an India agus an Phacastáin'-Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-10). "Socrú déanta i gCív" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (10 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-01). "Margadh Trump déanta théis achrainn faoi mhianraí na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-30). "Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig" (as ga-IE).
- ↑ "Indus Waters Treaty" (as en) (2025-04-25). Wikipedia.
- ↑ "Pahalgam attack: Will India suspending Indus Waters Treaty affect Pakistan?" (en-GB). www.bbc.com (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-04-25.
- ↑ "Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-09). Dáta rochtana: 2025-04-10.
- ↑ supremecourt.uk (16 Aibreán 2025). "Summary". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "For Women Scotland Ltd (Appellant) v The Scottish Ministers (Respondent) - UK Supreme Court" (en). www.supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-09). "Teocht chomh hard le 20 céim inniu, 21 céim amárach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-07). "Cíor thuathail tarraingthe ag Trump ar na stocmhargaí" (as ga-IE).
- ↑ SEAANDJOB. "World’s Record-Breaking Heat Streak Extends Into March | Sea and Job" (en-US). Dáta rochtana: 2025-04-09.
- ↑ Copernicus (2025-04-08). "Second-warmest March globally, large wet and dry anomalies in Europe". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2025-04-09.
- ↑ "Gopuff Taps Into Viral Trend with Exclusive Launch of 6 7 Water" (en). Store Brands. Dáta rochtana: 2025-10-21.
- ↑ "Mandalay" (as en) (2025-03-28). Wikipedia.
- ↑ RnaG (2025-03-24). "Tús Áite: An Ghraonlainn" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Vance cáinte sa Danmhairg" (as ga-IE).
- ↑ Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-04). "Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair" (as ga-IE).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (27 Meitheamh 2025). "Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Níor chóir géilleadh don Rúis", a dúirt Zelensky le Trump inniu" (as ga-IE).
- ↑ Jon Henley, Emine Sinmaz, Richard Luscombe (2025-02-27). "Andrew Tate and brother land in US from Romania after travel ban lifted" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-27.
- ↑ Cinnte bréag de chuid Trump a bhí ann; rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022 agus maraíodh na céadta míle duine – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta, 2022-2025.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-19). "File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (19 Feabhra 2025). "‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-19.
- ↑ "2025 JD Vance speech at the Munich Security Conference" (as en) (2025-02-17). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RnaG (14 Feabhra 2025). "Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich le John Maguire" (as ga-IE).
- ↑ Kaitlan Collins, Kevin Liptak (2025-02-12). "After Putin call, Trump says negotiations to end Ukraine war will start ‘immediately’ | CNN Politics" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-02-17.
- ↑ "Cúlghairm déanta ag Trump ar chead slándála Joe Biden" (as ga) (2025-02-08).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "'Stoirm ghéar gan chuimse'-BSL" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "Píonós gearrtha ar an Uachtarán Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.