Jump to content

Risteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Strongbow)
Infotaula de personaRisteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1130
Tonbridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 1176
45/46 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Theampall Chríost Cuir in eagar ar Wikidata
Fear Ionaid na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstátaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach de Clare Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAoife Nic Mhurchadha (1171 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIsabel de Clare, 4ú Cuntaois Pembroke, Alice de Clare, Gilbert Clare Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGilbert de Clare  agus Isabel de Beaumont

Find a Grave: 5887495 Cuir in eagar ar Wikidata
Pósadh Aoife agus Strongbow (1854) le Daniel Maclise.

Ba d'aicme uasal Angla-Normannach agus Cambra-Normannach é Risteard FitzGilbert de Clare ailias Strongbow (Arc-Fort) (c. 1130 - 20 Aibreán 1176, Baile Átha Cliath),an 2ú hIarla Phembróic agus Cunta Striguil (sa Bhreataine Bheag) agus Iarla Laighean (in Éirinn), tiarna Bienfaite agus d'Orbec (sa Normainn) a thosaigh ar choncas na Normannach ar Éirinn a bhaint amach.

Is é Strongbow, an t-ainm is fearr aithne ar Risteárd, ach ní dócha gur tugadh sin air ar feadh a shaoil. Bhí cognómain de na tiarnaí eile Chambra-Normannacha agus Normannacha i bhFraincis na Normannach, mar a labhair na huaisle Fraincis agus, le cúpla eisceacht, scríobhadh doiciméid oifigiúla i Laidin le linn na tréimhse seo. Is cosúil gur tháinig an mearbhall chun cinn nuair a bhí ainm Risteáird á aistriú go Laidin.[1] Scríobhadh a ainm sa Liber de Wintonia idir 1300 agus 1304 (os cionn 120 bliain tar éis a bháis) mar "Ricardus cognomento Stranghose Comes Strugulliae (Gaeilge: Richard Stranghose iarla Striguil)." Chuir an croiniceoir seo Stranghose go hearráideach (luiteoga coigríche) ann mar cognóman, nuair atá sé i bhfad níos dóchúla gur litriú athraitheach nó tras-scríobh an logainm 'Striguil' a bhí i gceist a dtugtar Strangboge, Stranboue nó Stranbohe in athscríbhinní eile. Ní go dtí an ceathrú haois déag go bhfuil ainm Risteáird aistrithe mar Strongbow ar deireadh: "Earl Richard son of Gilbert Strongbow [earl of Shropshire].[2]

Ba mhac le Gilbert de Clare, céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont [3] é Risteárd. Fuair ​​athair Risteáird bás thart ar 1148, nuair a bhí sé tuairim is 18 mbliana d'aois, agus fuair Risteárd an teideal 'Cunta Striguil' Iarla Phembróic le hoidhreacht. Is dócha nár aithníodh an teideal seo ag corónú Anraí II sa bhliain 1154.[4]

Mar mhac an chéad 'iarla', tháinig sé i gcomharbacht ar eastáit a athar i 1148,[5] ach bhain Anraí II an teideal uaidh sa bhliain 1154 mar gur taobhaigh Risteárd leis an Rí Stiofán Shasana i gcoinne mháthair Anraí, an Banimpire Matilda.[6]

Thug a lucht comhaimseartha an t-ainm Cunta Striguil air, as ucht a thiarnas i dtailte teorann na Breataine Beaga i Striguil, áit a raibh dúnfort aige in áit ar a dtugtar Cas-gwent air anois, i Sir Fynwy mBealtaine ar an abhainn Afon Gwy.[7] Chonaic sé deis chun a fhortún a aisiompú i 1168 nuair a bhuail sé le Diarmait Mac Murchada, Rí Laighean.[8]

Mar chúitimh, fuair Strongbow iníon Dhiarmada mar chéile agus rinneadh oidhre an rí de. Ach b'éigean dó géilleadh do cheannas Rí Shasana agus na Normainne, Anraí II agus ní raibh sé riamh ina rí ar Chúige Laighean.

B'iad Gilbert de Clare, Céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont a thuismitheoirí. Fuair a athair Gilbert bás nuair a bhí Risteárd thart fá ocht mbliana déag d'aois, agus fuair sé teideal a athair trí oidhreacht. Ach sa bhliain 1168 bhí seo caillte nó forghéillte aige.

Sa bhliain 1166 thug Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a aghaidh ar Bhristó (Béarla: Bristol), Shasana[9], chun bualadh le Roibéard FitzHarding, ceannaithe saibhir de chuid na cathrach. Thairg seisean comhairle do Dhiarmuid imeacht leis chun na Fraince agus a scéal ar fad do chur faoi bhráid Anraí II. Bhuaileadar le chéile áit éigin i nAquitaine, sa deireadh. Ghlac Anraí Rí le Diarmuid ina ghialla dhó, agus tharraing sé cáipéis ag ceadú dó dhuine ar bith i dtailte na bPlantagenetach cabhrú leis chun a ríocht do bhuachaint ar ais.

Thosnaigh Diarmuid agus FitsHarding cuardach i measc na n-uasal Normannach féachaint cé a bheadh sásta troid le Diarmuid in Éirinn.

Shochraigh Riocard de Clare, mac le Gilbert de Clare agus oidhre ar iarlacht Phembroic, nach raibh ann ach scáil, dul san bhfiontar le Diarmuid. D'ofráil Diarmuid a iníon Aoife dó le pósadh agus oidhreacht Laighean nuair a gheobhadh Diarmuid bás.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Goodrich Castle and the families of Godric Mapson, Monmouth, Clare, Marshall, Montchesney, Valence, Despenser and Talbot
  2. Brut y Tywysogyon or The Chronicle of the Princes. Peniarth Ms. 20 version, ed. and trans. T. Jones [Cardiff, 1952], 65. Richard vabGilbert Stragbow[iarll Amhwydic], Brenhinedd y Saeson or The Kings of the Saxons, ed. and trans. T. Jones [Cardiff, 1971], 170.
  3. Cokayne 1945, p. 352
  4. M. T. Flanagan, 'Clare, Richard fitz Gilbert de, second earl of Pembroke (c.1130–1176)', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004)
  5. Teimpléad:Cite EB1911
  6. Warren 1973, p. 193
  7. Orpen 1911, pp.85–9
  8. Warren 1973, p. 114
  9. Hutchinson Illustrated Encyclopedia of British History, p187

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]