Teaghlach de Clare

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas an teaghlaigh de Clare.

Is teaghlach cáiliúil agus cumhachtach Angla-Normannach é Teaghlach de Clare. Ba de shliocht Godefroi (nó Geoffroy), an Cunta d'Eu (Fraincis:Comte d'Eu), duine de mhic neamhdhlisteanacha Richard Sans-Peur, Iarla Normannach, as an sráidbhaile beag Saint-Martin de Bienfaite, na 'de Clare'.

Tháinig siad ón Normainn sa bhliain 1066, le linn choncas na Normannach agus bhí príomhról acu i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn, go dtí gur imigh siad as feidhm sa bhliain 1314.

Stair an teaghlaigh de Clare[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar luach saothair as a sheirbhís tar éis choncas Shasana, tugadh tailte do Richard de Bienfaite, mac le Gilbert de Brionne agus bunaitheoir an teaghlaigh seo, i Suffolk dírithe ar an sráidbhaile Clare. Mar thoradh air sin, bhí an t-ainm ‘de Clare’ nó ‘of Clare’ ar Richard agus a shliocht.

Bhí Richard de Bienfaite ar cheann de na barúin is saibhre i Sasana nua-chlóite. Bhí sé ina dhlúth chomhairleoir don Rí Liam, agus uair amháin bhí sé ina chomhleasrí ar Ríocht Shasana.

Sna chéad ghlúin eile, bhí aithne as éadan ar na baill faoi na hainmneacha 'de Clare', 'Tonbridge' nó 'Bienfaite'. Ach d’éirigh siad chomh cáiliúil agus chomh cumhachtach sin gur shainaithin croiniceoirí chomhaimseartha iad de réir ainm a n-athar agus ní de réir ainm a gcuid feod. Chomh maith leis sin, d’úsáid siad na chéad ainmneacha Richard agus Gilbert i ngach glúin, mar sin tá go leor Fitz Richard ann agus Fitz Gilbert (is mionathrú de 'fils' is ea 'fitz') atá furasta bheith ar mearbhall faoi.

Is minic a tugadh 'comte Clare' (nó 'Earl of Clare', sa Bhéarla) ar an teaghlach, ar bhealach oinigh. Fiú amháin tar éis dóibh a bheith ina gchomhleasrí ar an ríocht, tugtaí Count Clare orthu, sa dóigh chéanna leis na 'comtes Warenne' nó 'Earls of Warenne'.

Faoi réimeas Anraí I Shasana (Fraincis: Henri Ier (roi d'Angleterre)), tháinig méadú ar shaibhreas an teaghlaigh. Níl aon cheangal idir na lamháltais chríocha seo le sliocht éagsúla Richard de Bienfaite, mar is féidir le duine é a léamh go mícheart, go raibh baint ag na de Clare le bás an Rí Liam II Shasana (Fraincis: Guillaume le Roux) san Nova Foresta (Béarla: New Forest) sa bhliain 1099, ach ina áit sin go ndearna Anraí I iarracht a bheith mór le barúin mhóra na ríochta ag tús a réimeas.

Níos mó ná aon teaghlach eile, is dócha gurbh é na de Clare a mhéadaigh a shaibhreas agus a gcumhacht sa dara haois déag. Ba iad an teaghlach uasal is cumhachtaí sa tríú haois déag i go leor bealaí. Sa bhliain 1314, áfach, d’éag an líne fhireann, agus d’fhill an comharbas go príomha ar ais faoi úinéireacht an choróin.

Tá Contae an Chláir in Éirinn ainmnithe i ndiaidh an teaghlaigh.

Baill den scoth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na chéad ghlúine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Gilbert de Brionne († 1040), cunta d'Eu ab ea Richard Fitz Gilbert ar a dtugtar Richard de Bienfaite († 1090) freisin. Bhí a athair ina theagascóir ag Diúc na Normainne (Liam Concar ina dhiaidh sin) le linn a óige. Fuair ​​Richard tearmann i bhFlóndras nuair a feallmharaigh Raoul de Gacé agus Robert, mac Giroie, a athair sa bhliain 1040.

Bhí sé ina Thiarna Bienfaite agus Orbec tar éis don Diúc é a chur ar ais ina shealúchais, agus tar éis concas Shasana ba Thiarna Clare agus Tonbridge é. Ba é an naoú barún is saibhre sa ríocht é i 1086 de réir Liber de Wintonia. Ba í barúntacht de Clare (Fraincis: l'honneur de Clare), bloc mór talún i bpíosa amháin i Suffolk, a phríomhsheilbh.