Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh
Cineál | cúnant cúnant | ||
---|---|---|---|
Bailíocht | 1912 - | ||
Údar | Thomas Sinclair | ||
Tír | Éire | ||
Is éard a bhí i gceist le Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh (Ulster's Solemn League and Covenant) nó Cúnant Uladh (Ulster Covenant) ná cáipéis agóide ar shínigh beagnach leathmhilliún duine í in Ultaibh ar an 28 Meán Fómhair 1912, nó go gairid roimhe sin, le cur in aghaidh fheachtas an Rialtas Dúchais. Ar an lá sin, reáchtáladh searmanas oifigiúil i Halla Cathrach Bhéal Feirste. Tháinig ceannairí na nAontachtóirí le chéile ag síniú an Chúnaint go poiblí, Edward Carson roimh aon duine eile.[1][2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Lúnasa 1912, fógraíodh i nuachtáin go mbeadh an Satharn, 28 Meán Fómhair, ina ‘Lá Uladh’ nuair shíneodh Aontachtaithe mionn sollúnta agus ceangailteach chun cur i gcoinne Rialtas Dúchais. Thuig ceannairí na nAontachtaithe go gcuideodh lena leithéid de mhionn le hord a choimeád agus meon an phobail a áitiú faoi dhlúthpháirtíocht agus faoi dhúthracht na nAontachtaithe.
An 28 Meán Fómhair 1912, d’fhág na hoibrithe ag longchlóis agus ag monarchana Bhéal Feirste a bpoist chun freastal ar eaglais roimh theacht le chéile i slua de 250,000 fear ó aicmí uile den aontachtas ag Halla na Cathrach chun an Cúnant a shíniú.
Ag meán lae, nuair a chríochnaigh na seirbhísí eaglasta, shiúil Edward Carson agus ceannairí Aontachtacha eile an t-achar gairid idir Halla Uladh agus Halla na Cathrach, áit a sínigh siad an Cúnant.
Ansin lig marascail grúpaí de 500 fear isteach ag an am céanna chun cóipeanna an Chúnaint a shíniú. Shínigh líon iomlán de 218,206 Ultach, agus 19,162 Ultach eile a bhí ina gcónaí lasmuigh den chúige an Cúnant.
Chuir Comhairle Aontachtaithe Ban Uladh fógairt le chéile le bheith sínithe ag 234,046 ban mar thaca leis an gCúnant. Gheall siad chun iad a féin a cheangal “le fir Uladh atá i gcoinne go diongbháilte an bhille Rialtas Dúchais atá faoi bhráid na Parlaiminte anois”.[3]
Thug an Cúnant inspioráid do Rudyard Kipling a dhán Ulster 1912 a chumadh.
Téacs an Chúnaint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagan Gaeilge ó Ón nGorta Anall (Mark Tierney, 1982).
CONRADH AGUS CÚNANT SOLLÚNTA ULADH
Ós rud é go bhfuilimid deimhin de inár gcoinsias istigh go ndéanfadh Rialtais Dúchais aimhleas chúige Uladh agus na hÉireann ar fad, go gcuirfeadh sé ár saoirse shibhialta agus reiligiúnach de dhroim seoil, go gcuirfeadh sé ár saoránacht ó mhaith agus aontacht na hImpireachta i mbaol, mionnaímid, fir Uladh, géillsinigh dhílse a Mhórgachta Rí Seoirse V, atá ag brath go humhal ar an Dia inar chuir ár sinsir a muinín in am an angair is an ghátair agus a bhfuil ár n-ainm leis an gCúnant sollúnta seo, mionnaímid anois agus an anachain ag bagairt orainne go seasfaimid le chéile chun cosaint a dhéanamh, ar ár son féin agus ar son ár gcuid leanaí, ar an stádas ansa a dheonaíonn dúinn comhshaoránacht sa Ríocht Aontaithe, agus go n-úsáidfimid modh ar bith is gá chun buachan ar an gcomhcheilg atá ag féachaint le Rialtas Dúchais a bhunú in Éirinn faoi láthair agus chun an chomhcheilg sin a chur ar neamhní.
Agus dá dtarlódh go mbrúfaí a leithéid de pharlaimint orainn tugaimid uilig mionn sollúnta eile i gcomhar a chéile go ndiúltóimid a húdarás a admháil.
Cuirimid ár n-ainm leis seo agus muid lánmhuiníneach go gcosnóidh Dia an ceart.
Agus ina theannta sin, dearbhaímid go pearsanta nach bhfuil an cúnant seo sínithe againn cheana.
GO gCUMHDAÍ DIA AN RÍ
Leagan eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Conradh is Cúnant Sollúnta Uladh
Ós é ár mbarúil agus ár ngéarbharúil go rachadh Rialtas Dúchais na hÉireann chun dochair do leas Uladh agus uile Éireann, chomh maith leis an tsaoirse idir reiligiúnda agus shibhialta a bhaint dínn, ár saoránacht a chur ar ceal, agus Aontacht na hImpireachta a shárú, glacaimid an dualgas orainn leis an gCúnant sollúnta seo, mar Ultaigh is mar ghéillsinigh dhílse dá Mhórgacht Gheanúil, an Rí Seoirse a Cúig, agus iomlán ár muiníne againn as Dia, faoi mar a bhíodh ag ár n-aithreacha in am an ghátair, - cur le chéile i bhfianaise na holltubaiste atá ag bagairt orainn inniu chun ár saoránacht chothrom sa Ríocht Aontaithe a chosaint lena caomhnú dúinn is dár gclann, chomh maith leis an chomhcheilg a chloí atá ag iarraidh i láthair na huaire Dáil fhéinrialaitheach Éireann a bhaint amach, agus má bhrúitear a leathbhreac de Dháil orainn inár n-ainneoin, an Dáil chéanna a dhiúltú faoinár ndílseacht.
Cuirimid ár n-ainmneacha leis an gCúnant seo, agus dóchas againn as Rí na nDúl go dtaobhóidh Sé leis an gceart in éadan na héagóra; agus gach aon duine againn ag dearbhú ina aonar nach bhfuil an Cúnant sínithe aige roimhe seo.
Shínigh mé an méid thuas [áit shínithe an Chúnaint] ar Lá Fhéile Uladh, Dé Sathairn, an tOchtú Lá is Fiche de Mhí Meán Fómhair, míle naoi gcéad a dáréag d'aois an Tiarna.
[ainm an duine a shínigh]
Go soirbhí Dia dár Rí!
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ centenaries.ucd.ie. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ rte.ie. "Atlas of the Irish Revolution / An Conradh agus Cúnant Sollúnta". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Na fir amháin a shínigh an Cúnant; bhí "Dearbhú" ar leith ann a bhféadfadh na mná a n-ainmneacha a chur leis. Tríd is tríd, shínigh 237,368 fear an Cúnant, agus 234,046 ban an Dearbhú.