An Réabhlóid Ghlórmhar
Cuma
Coord.: 54° N, 4° O / 54°N,4°W
| ||||
| Cineál | coup d'état réabhlóid | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 1688 - 1689 | |||
| Dáta na bliana | 1688 | |||
| Suíomh | na hOileáin Bhriotanacha | |||
| Tír | Ríocht Shasana | |||

Tugtar an Réabhlóid Ghlórmhar (nó an Réabhlóid Phrotastúnach) ar an réabhlóid den bhliain 1688 a ruaig an Rí Séamas a Dó as ríchathaoir Shasana agus a chuir Liam a Trí de mhuintir Oráiste-Nassau ina áit. Ba é John Hampden an chéad duine a d'úsáid an téarma "An Réabhlóid Ghlórmhar", agus mar sin a taifeadadh sna cuntais Pharlamaint Shasana faoin bhliain 1689.
Uaireanta, deirtear gur réabhlóid gan doirteadh fola a bhí ann. Áfach, le fírinne, bhí scirmisí idir an dá arm, agus bhí scliúchais fhrith-Chaitliceacha in áiteanna. Thairis sin, cuireadh Cogadh an Dá Rí in Éirinn, agus troideadh cúpla mór chath in Albain, go háirithe i gCoille Chnagaidh (cath Raon Ruairidh, mar a thugtar air i nGaeilge na hAlban) agus i nDùn Chaillinn.
