Virginia Woolf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVirginia Woolf

(1927) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Adeline Virginia Stephen
25 Eanáir 1882
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Márta 1941
59 bliana d'aois
Lewes (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisFéinmharú
Áit adhlacthaMonk's House (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMonk's House (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste
Gairmúrscéalaí, léirmheastóir liteartha, foilsitheoir, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta na mban, dialannaí, dírbheathaisnéisí, gearrscéalaí, scríbhneoir aistí, údar Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1904 –  1941
SeánraDráma agus prós
GluaiseachtBloomsbury Group (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidErnest de Sélincourt, Janet Case agus Clara Pater
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileLeonard Woolf (1912–1941) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíVita Sackville-West Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLeslie Stephen  agus Julia Stephen
SiblínVanessa Bell, Thoby Stephen, Adrian Stephen, George Herbert Duckworth, Stella Duckworth, Gerald Duckworth agus Laura Stephen
Síniú

Veu de Virginia Woolf Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0941173 Spotify: 6BW96bn7aMQW9idufxJGF9 iTunes: 2776443 Last fm: Virginia+Woolf Musicbrainz: b6349539-7ff8-4ed1-b53a-5988ba6e1b66 Discogs: 1716551 IMSLP: Category:Woolf,_Virginia Allmusic: mn0000685000 Find a Grave: 3486 Deezer: 1640183 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Sasanach a rugadh i Londain ab ea Adeline Virginia Woolf (25 Eanáir 188228 Márta 1941). Tá ardmheas ag lucht na critice liteartha uirthi mar dhuine de na nua-aoisithe ba thábhachtaí ar domhan.[1] Fuair sí bás ar an 28 Márta 1941 tar éis di pócaí a cótaí a líonadh le clocha agus siúl isteach san abhainn Ouse, gar dá háit cónaithe.

Ba phearsa mhór í Virginia Woolf sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i Londain Shasana. Bhí sí ar dhuine de na baill ba cháiliúla de Chumann Bloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus John Maynard Keynes páirteach freisin).

I measc na saothar is mó le rá aici, tá na húrscéalta Mrs Dalloway (1925), To the Lighthouse (1927) agus Orlando (1925), agus an t-alt A Room of One's Own (1929), inar scríobh sí: "Ní mór do bhean airgead agus seomra dá cuid féin a bheith aici má tá sí chun ficsean a scríobh".[2]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Céad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Virginia óg ar ghlúin a máthar, le Henry H. H. Cameron, 1884

Rugadh Virginia Adeline Woolf (née Stephen) i Londain Shasana sa bhliain 1882. Rugadh a máthair, spéirbhean chlúiteach a raibh Julia Prinsep Stephen (née Jackson) uirthi, san India sa bhliain 1846 agus b'iad an dochtúir John agus Maria Pattle Jackson a tuismitheoirí. D'aistrigh máthair Virginia Woolf anoir go Sasana sa bhliain 1848,[3] agus beadh ina cuspa d'ealaíontóirí réamh-Rafaeilíteacha le leithéid Edward Burne Jones.[3] Ba staraí aithnidiúil, údar, léirmheastóir agus sléibhteoir é athair Virginia Woolf, Sir Leslie Stephen.[4]

Fuair Virginia Woolf a cuid oideachais óna tuismitheorí sa teach acu, a bhí suite ag 22 Hyde Park Gate,[5] Kensington. Bhí an teach lán de leabhair i gcónaí, agus cairde móra-le-rá ar chuairt, go háirithe i measc an aois liteartha.

Ba bhaintreach agus baintreach fir iad tuismitheoirí Virginia Woolf nuair a pósadh iad. Mar thoradh air sin bhí leasleanaí ag an bheirt acu, mar atá, páistí Julia Stephen agus Herbert Duckworth: George Duckworth, Stella Duckworth agus Gerald Duckworth. Ar an taobh eile bhí iníon Sir Leslie Stephen agus Harriet Marian (Minny) Thackeray (1840–1875): Laura Makepeace Stephen, a raibh éislinn mheabhrach uirthi agus a chónaigh sa teach go dtí gur cuireadh in áras meabhairghalair í sa bhliain 1891.[6] Rugadh ceathrar páiste do Julia agus Leslie Stephen: Vanessa Stephen (1879), Thoby Stephen (1880), Virginia Stephen (1882) agus Adrian Stephen (1883).

Ba thimpeallacht lán de thionchar an aois liteartha Victeoiriaigh é baile Virginia Woolf. Bhí Sir Leslie Stephen tábhachtach sna hearnálacha léirmheastóireachta, beathaisnéisí agus eagarthóireachta. Ba í bean Sir Leslie Stephen, Harriet Thackeray, an iníon b'óige de chuid Thackeray. I measc na gcuairteoirí rialta ar an teach, bhí Henry James, George Henry Lewes, Julia Margaret Cameron (aintín Julia Stephen), agus James Russell Lowell.

Julia Prinsep Stephen le Edward Burne-Jones, 1866

Ní raibh máthair Virginia Woolf gan bhaint aici le pearsana mhóra an lae ach an oiread. Ba bhanghiolla de chuid Marie Antoinette na hOstaire í duine de shinsearaigh Julia Stephen, agus tá a lán banghaolta de chuid Julia (í féin san áireamh) le feiceáil sna phictiúir is ghrianghraif réamh-Rafaeilíteacha, inar oibrigh siad mar chuspaí.

Bhí leabharlann fhairsing chumsitheach sa teach acu, agus b'í seo an áis oideachais ba thábhachtaí a bhí ag Virginia agus ag a deirfiúr Vanessa, mar nach bhfuair siad an t-oideachas foirmiúil a cuireadh ar fáil dá deartháireacha. B'údar éada é seo do Virginia Woolf riamh, agus b'oth léi nár cuireadh í ar chomhchéim leofar, a seoladh chun na Droichid Caim, áit ina bhfuair siad oideachas den chéad scoth.[7]

Dar le cuimhní cinn Virginia Woolf, áfach, nárbh ea Londain, ach St. Ives i gCorn na Breataine an áit a raibh cumha aici dó. Is ann a chaith sí gach samhradh i dteanna a muintire go dtí an bhliain 1895. Tá teach saoire mhuintir Stephen, Talland House, fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil sé athchóirithe anois i gceithre shó-árasán ag an úinéir nua.[8]

Tá tábhacht agus tionchar thírdhreach Chorn na Breataine le sonrú tríd síos shaothair Virginia Woolf, ach tagann an tagairt is starógaí dá bhfuil iontu chun cinn san úrscéal To the Lighthouse, scéal ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le teach solais atá suite cúpla míle amuigh ón chósta. Tá an teach solais féin bunaithe ar an teach solais ag Godrevy, in iarthar Chorn na Breataine.

D'fhulaing Virginia Woolf a céad chliseadh néarógach in aois trí bliana déag di, i ndiaidh bháis tobainn a máthar sa bhliain 1895. Níorbh fhada gur bhuail tubaiste eile muintir Stephen, is é sin, bás leathdheirfiúr Virginia Woolf, Stella Duckworth, dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níorbh iad tubaistí dosheachanta amháin a d'fhág a rian ar anam is ar aigne Virginia Woolf le linn a hóige, áfach. Nochtaigh sí san alt A Sketch of the Past (1939) go mbíodh a dá leathdheartháir, Gerald agus George Duckworth, ag tabhairt drochíde ghnéis uirthi féin agus ar a dheirfiúr Vanessa ar bhonn córasach.

Virginia Woolf i gcuideachta a hathar le George Charles Beresford, 1902
1902

In ainneoin a hanró, áfach, d'éirigh le Virginia cúrsa staidéir a chur i gcrích in ionad na mban i gColáiste an Rí i Londain Shasana. Sna blianta idir 1897 is 1901, rinne Woolf staidéar ar an Ghearmáinis, ar an Laidin, ar an Ghréigis agus sa stair.[9]

Bhí grá agus ómós an domhain ag Virginia Woolf dá hathair Leslie Stephen riamh, agus is dá bharr sin go ndeachaigh a bhás chomh mór i bhfeidhm uirthi nuair a cailleadh é de bharr ailse sa bhliain 1904. D'fhulaing sí cliseadh néarach eile agus bhí an ceann sin chomh tromchúiseach is gur cuireadh í faoi ghlas agus faoi chúram síciatrach ar feadh tamaill.[10] Tar éis bháis Leslie Stephen, d'aistrigh Virginia, a deirfiúr is a beirt leathdheartháir ón seanteach ag Hyde Park Gate go teach eile ag 46 Gordon Square i mBloomsbury (ceantar atá suite i gcroílár Londan Shasana).

Bloomsbury[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bob HMS Dreadnought. Is í Virginia Woolf an chéad duine ar chlé

Níorbh fhada an lá ó bhog Virginia Woolf agus a muintir chun na háite go raibh a dteach i mBloomsbury ag croílár ghrúpa úr liteartha is ealaíne, mar atá Cumann Bhloomsbury. Thug suíomh áisiúil an tí deis do Virginia óg aithne a chur ar leithéidí Lytton Strachey, Clive Bell, Rupert Brooke, Saxon Sydney-Turner, Duncan Grant, Roger Fry agus Leonard Woolf, an fear a bheadh ina fear céile níos deireanaí.

Bhain baill an chumainn áit amach i mbéal an phobail den chéad uair sa bhliain 1910, i ndiaidh dóibh Bob HMS Dreadnought ("The Dreadnought Hoax") a bhualadh ar an Chabhlach Ríoga (cabhlach na Breataine). Is é a tharla ar an lá féin ná gur thug seisear ball den Chumann le tuiscint don Chabhlach Ríoga gur daoine de ríshliocht na hAibisíne a bhí iontu, agus go raibh siad ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ar HMS Dreadnought, a bhí feistithe i bPortland, i nDorsetshire. Chuir na cleasaithe dath dorcha ar a gcraiceann agus feisteas "ríoga" orthu, maraon le folt agus féasóga bréagacha. Ba é Horace de Vere Cole, file agus cleasaí cáiliúil a rugadh i mBaile an Churraigh, Contae Chorcaí, ceann feadhna na gcleasaithe. Scríobh Virginia Woolf óráid faoin eachtra atá ar fáil in atheagrú an leabhair The Platform of Time, a foilsíodh sa bhliain 2008.

1939

Traidhfil de bhlianta i ndiaidh dóibh bogadh isteach sa teach nua ag Gordon Square, phós deirfiúr Virginia Woolf, Vanessa, ar an léirmheastóir ealaíne Clive Bell agus b'éigean do Virginia is dá deartháir, Adrian, bogadh amach. Shocraigh siad síos i dteach eile sa cheantar céanna, i bhFitzroy Square, ach ní mó ná sásta a bhí siad faoin tsocrú sin agus ba thréimhse thar a bheith míshásta é do Virginia ach go háirithe.[11] Bhí Virginia go mór in éad lena deirfiúr as siocair í a bheith pósta agus Virginia féin a bheith fágtha ina haonar. Chuir Virginia céiliúr ar Chlive Bell agus chruthaigh sé sin go leor amhrais is drochfhola idir an dá deirfiúr.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, áfach, sa bhliain 1912, phós Virginia féin ar Leonard Woolf, státseirbhíseach a bhí ar shos sabóideach óna chuid oibre i Srí Lanca, agus, go deimhin, ina bhall de Chumann Bloomsbury. Dúirt Virginia ag an am gur "Giúdach gan pingin rua aige"[12] a bhí ann agus thug sí le tuiscint dá cuid cairde go raibh náire uirthi as a bheith pósta ar ghiúdach. Ina ainneoin sin, áfach, mhair an pósadh go lá a báis. Bhain Virginia idir shult agus shuaimhneas as a bheith in éineacht le Leonard Woolf ar bhonn pearsanta agus gairmiúil. Sa bhliain 1917, chuir an lanúin an Hogarth Press ar bun, foilsitheoir a chuirfeadh gach aon úrscéal de chuid Virginia Woolf i gcló, maraon le saothair ó phinn scríbhneoirí eile, leithéidí T.S. Eliot agus Laurens van der Post.[13]

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le gairm Virginia Woolf mar scríbhneoir gairmiúil le halt mar gheall ar Haworth, baile mhuintir Brontë, sa Times Literary Supplement sa bhliain 1900.[9]

Virginia Woolf i gCearnóg Tavistock, dealbh bhrád déanta ar dtúß i 1931

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Voyage Out (1915)
  • Night and Day (1919)
  • Jacob's Room (1922)
  • Mrs Dalloway (1925)
  • To the Lighthouse (1927)
  • Orlando (1928)
  • The Waves (1931)
  • The Years (1937)
  • Between the Acts (1941)

Cnuasaigh Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Monday or Tuesday (1921)
  • A Haunted House and Other Short Stories (1944)
  • Mrs Dalloway's Party (1973)
  • The Complete Shorter Fiction (1985)

Beathaisnéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Virginia Woolf trí leabhar ar chur sí "beathaisnéisí" orthu, ach tá easaontú faoin teideal sin a chur orthu, mar gheall ar stíl scríbhneoireachta Woolf, a raibh dlúthbhaint aige le ficsean.

  • Orlando: Beathasnéis (1928) [cuirtear ficsean nó mock biography air seo de ghnáth, ach ba é saol Vita Sackville-West, leannáin Virginia Woolf, a ba spreagadh leis].[14]
  • Flush: Beathaisnéis (1933) [tá sé seo idir dhá sheánra. Is ficsean é sa dóigh is gur scríobhadh é i sruth comhfheasa agus go mbaineann sé le dearcadh madraí, ach is beathaisnéis é sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar shaol a úinéara, mar atá Elizabeth Barrett Browning.]
  • Roger Fry: Beathaisnéis (1940)

Neamhfhicsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Modern Fiction (1919)
  • The Common Reader (1925)
  • A Room of One's Own (1929)
  • On Being Ill (1930)
  • The London Scene (1931)
  • The Common Reader: Cuid a Dó (1932)
  • Three Guineas (1938)
  • The Death of the Moth and Other Essays (1942)
  • The Moment and Other Essays (1947)
  • The Captain's Death Bed And Other Essays (1950)
  • Granite and Rainbow (1958)
  • Books and Portraits (1978)
  • Women And Writing (1979)
  • Collected Essays (ceithre imleabhar)

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Freshwater: Dráma Grinn (curtha ar ardán sa bhliain 1923, athcheartaithe sa bhliain 1935, foilsithe 1976)

Saothair Dírbheathaisnéiseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Writer’s Diary (1953)
  • Moments of Being (1976)
  • A Moment's Liberty: dialann níos lú (1990)
  • The Diary of Virginia Woolf (cúig imleabhar) – Dialann Virginia Woolf ó 1915 go 1941
  • Passionate Apprentice: The Early Journals, 1897–1909 (1990)
  • Travels With Virginia Woolf (1993) – Dialann taistil Virginia Woolf, a scríobhadh faoin Ghréig, eag. Jan Morris
  • The Platform of Time: Memoirs of Family and Friends, eagrán nua, eag. S. P. Rosenbaum (Londain, Hesperus, 2008)

Litreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Congenial Spirits: Rogha Litreacha (1993)
  • The Letters of Virginia Woolf 1888–1941 (6 imleabhar, 1975–1980)
  • Paper Darts: The Illustrated Letters of Virginia Woolf (1991)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Critical Essays on Virginia Woolf", Morris Beja, 1985, Introduction, p.1
  2. "A woman must have money and a room of her own if she is to write fiction." A Room of One's Own (1929) Virginia Woolf.
  3. 3.0 3.1 Julia Prinsep Jackson, c.1856 http://libproxy.smith.edu/libraries/libs/rarebook/exhibitions/stephen/31a.htm Curtha i gcartlann 2011-08-20 ar an Wayback Machine
  4. Alan Bell, ‘Stephen, Sir Leslie (1832–1904)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006
  5. British History Online http://www.british-history.ac.uk/report.aspx?compid=47515 Curtha i gcartlann 2011-06-04 ar an Wayback Machine
  6. Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon
  7. To the Lighthouse le Virginia Woolf, 1927
  8. Suíomh idirlíne Talland House
  9. 9.0 9.1 "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-28. Dáta rochtana: 2011-06-07.
  10. Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon
  11. "infobritain.co.uk". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-04-27. Dáta rochtana: 2011-06-10.
  12. "Penniless jew", Virginia Woolf, an Inner Life le Julia Briggs, 2005
  13. "The Husband" le Claire Messud, Na New York Times, 10. Mí na Nollag 2006
  14. Chuir mac Vita Sackville-West, Nigel Nicholson, "the longest and most charming love-letter in literature" air