Jump to content

John Maynard Keynes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Maynard Keynes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Meitheamh 1883
Cambridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Aibreán 1946
62 bliana d'aois
Firle, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Ball de Theach na dTiarnaí
1942 – 21 Aibreán 1946 (bás in oifig) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Cambridge (1902–1905)
Ollscoil Cambridge
Coláiste Eton
St Faith's School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaWilliam Ernest Johnson agus Alfred North Whitehead
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreMicroeconomics (en) Aistrigh
Gairmeacnamaí, taidhleoir, scríbhneoir neamhfhicsin, duine den lucht gnó, ollamh, polaiteoir, fealsamh, matamaiticeoir, údar Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge
Coláiste an Rí, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtBloomsbury Group (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidAlfred Marshall agus William Ernest Johnson
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaD. G. Champernowne agus Joan Robinson
Eile
Teideal uasalBaron Keynes (en) Aistrigh (1942–1946)
Barún Cuir in eagar ar Wikidata
CéileLydia Lopokova (1921, 1921–1946) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíDuncan Grant
James Strachey (en) Aistrigh
Arthur Hobhouse (en) Aistrigh
Lytton Strachey
Alfred Dillwyn Knox
Daniel Macmillan
David Garnett Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Neville Keynes  agus Florence Ada Keynes
SiblínMargaret Neville Keynes agus Geoffrey Keynes
Gradam a fuarthas
Síniú


IMSLP: Category:Keynes,_John_Maynard Find a Grave: 13917737 Project Gutenberg: 6280 Cuir in eagar ar Wikidata

Eacnamaí agus fealsamh ba ea John Maynard Keynes (5 Meitheamh 1883 – 21 Aibreán 1946), duine den lár ó thaobh fealsúnachta de.

roimh 1913
1920idí

Ba phearsa mhór é Keynes sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i Londain Shasana. Bhí sé ar dhuine de na baill ba cháiliúla de Chumann Bloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus Virginia Woolf páirteach freisin).

Cuireadh i leith Keynes uaireanta gur athraigh sé a intinn. ‘Athraím m’intinn de réir mar a athraíonn na fíricí,’ a dúirt sé, ‘céard a dhéanann tusa, a dhuine uasail?’[1] Agus bhí comhairle eile aige, "ní i smaointe nua a leagan amach atá an deacracht ach in éalú ó na seansmaointe".[2]

Smaointeoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí coincheap ag Keynes nár chóir ligean don mhargadh a chuid a dhéanamh agus ligean don ghnáthdhuine fulaingt. Chreid Keynes gur chóir don rialtas bheith sáite díreach i gcruthú éilimh ar earraí agus seirbhísí trí phoist a chruthú. Dá mbeadh post ag duine bheadh ioncam aige. Dá mbeadh ioncam aige cheannódh sé earraí. Dá gceannódh sé earraí bheadh ar dhuine eile na hearraí sin a tháirgeadh agus chruthódh sé sin a thuilleadh post. Ba chuma le Keynes dá mbeadh daoine ag tochailt poill agus á líonadh arís, fad is a bhí post acu.

Ghlac comhairleoirí Hitler le teoiricí an Tiarna Keynes agus chuir sé muintir na Gearmáine thar n-ais ag obair. Tógadh na bóithre breátha (agus tá siad fós acu).[3]

Infheistíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Keynes ar an bheagán daoine sna 1930idí a chreid gur cheart níos mó airgead a chur isteach sa gheilleagar nuair a bhí rátaí dífhostaíochta go hard, ní a mhalairt. Má d’aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s’acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.

Rinne Keynes cur síos breá (‘In the long run we are all dead’) ar an bhfadhb a chuireann as do pholaiteoirí go minic. Moltar rogha pholaitiúil uaireanta a rachaidh chun tairbhe do thír sa bhfadtéarma ach ar léir do pholaiteoirí láithreach an costas iomarcach polaitiúil a bhaineann leo.[4]

An t-órchaighdeán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chinn Winston Churchill, Seansailéir an Státchiste ag an am, ar an órchaighdeán a athbheochan sa bhliain 2025, spreag sé Keynes chun criticeoireacht phoiblí a dhéanamh ar pholasaithe an Aire.[5] Bhí Keynes den bharúil go dtarraingeodh athbheochan an órchaighdeáin géarchéim dhomhanda eacnamaíochta ina diaidh.

Bhí an ceart ag Keynes. Lena cheart a thabhairt do Churchill, ní raibh oideachas eacnamaíochta air, agus ní raibh sé ach ag leanúint chomhairle Mhontague Norman, a bhí i gceannas ar Bhanc Shasana ag an am.

In alt san iris The Yale Review sa bhliain 1933, scríobh Keynes go raibh an cine daonna ag scriosadh áilleacht an dúlra toisc nach raibh aon luach airgid ag baint leis an áilleacht sin.[6]

Tugadh an chluas bhodhar don rabhadh sin, dár ndóigh.

Tionchar ar Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh an Taoiseach John A. Costello sna 1940idí/1950idí ollamh éirimiúil óg darbh ainm Patrick Lynch chun cabhrú leis ó thaobh an gheilleagair de. Fear a bhí dílis do thuairimí John Maynard Keynes ab ea Lynch, agus mhol sé cur chuige úrnua ó 1948.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "D’imigh sin agus tháinig seo – tá Sinn Féin ag dul i dtaithí ar shean-nós polaitiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-30). Dáta rochtana: 2024-03-30.
  2. RTÉ (2018). "Straitéis 2018 - 2022". Dáta rochtana: 2024.
  3. SAOL / Conall Ó Móráin (2010). "Adolf Hitler agus an bóthar go Gaillimh". Dáta rochtana: 2024.[nasc briste go buan]
  4. Cathal Mac Coille (29 Iúil 2023). "Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-30.
  5. parliament.uk. "Churchill as Chancellor: The Gold Standard". Dáta rochtana: 2024.
  6. stmunchinscollege.com. "Athrú Aeráide: Fadhb Mhór ár Linne". Dáta rochtana: 2024.
  7. "The General Theory of Employment, Interest and Money" (as en) (2024-02-04). Wikipedia.