George Charles Beresford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Charles Beresford

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Iúil 1864
Contae Liatroma, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Feabhra 1938
73 bliana d'aois
Brighton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgrianghrafadóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJessica Wilson Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Marcus Beresford  agus Julia Ellen Maunsell

Discogs: 2512132 Cuir in eagar ar Wikidata
George Charles Beresford (le William Orpen)

Ba ghrianghrafadóir rathúil é George Charles Beresford, a rugadh i Droim Lias (baile fearainn atá gar do Dhroim dhá Thiar), i gContae Liatroma. Rugadh é ar an 10 Iúil 1864 agus cailleadh é ar an 21 Feabhra 1938. Ba dhuine é de mhuintir Beresford, mar atá muintir Mharquess Phort Láirge.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Beresford ar an United Services College i Worstward Ho!, i nDevon, i ndeisceart Shasana. Coláiste ullmhucháin do fhórsaí cosanta na Breataine a bhí ann, agus lean sé leis go Coláiste Ríoga Indiach na hInnealtóireachta, i Surrey, ina dhiaidh sin. Ar bhaint amach a chuid cáilíochtaí dó sa bhliain 1882, bheartaigh sé aghaidh a thabhairt ar an India, áit ina bhfuair sé post mar innealtóir sibhialta i Rannóg na nOibreacha Poiblí. Chaith sé ceithre bliana thall san India ach phill sé ar Shasana i ndiaidh dó fáil amach go raibh maláire air. Thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an ealaín, agus níorbh fhada go raibh taispeántas dá shaothar le feiceáil in Acadamh Ríoga na hEalaíona i Londain Shasana.

Sna blianta idir 1902 agus 1932, bíodh Beresford ag obair sa stiúideo aige i gKnightsbridge, áit inar chruthaigh sé portráidí de phearsaí móra an lae, leithéidí David Lloyd George, William Butler Yeats agus Virginia Woolf. Ba é platinotype, nó cló platanaim, an meán ab ansa leis de dheasca a ard-dílseachta.

Ba mhinic portráidí de chuid Bheresford bheith le feiceáil i bhfoilseacháin a raibh idir thóir is mheas orthu ag an am, ar nós The World's Work, The Tatler agus The Illustrated London News.

Bhí sé ina dhlúthchara de chuid William Orpen, arbh as Stigh Lorgan dó, agus de chuid Augustus John. Chruthaigh an triúr acu roinnt portráidí dá gcéile.

Tá an carachtar M'Turk sa leabhar Stalky & Co. le Rudyard Kipling bunaithe ar Gheorge Charles Beresford.[1]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na portráidí an rud ba mhó a tharraing aird ar George Charles Beresford mar ghrianghrafadóir, agus chruthaigh sé cuid de na portráidí is íocónaí riamh. Seo rogha íomhánna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "www.kipling.org". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-27. Dáta rochtana: 2011-06-08.