William Orpen
(1903) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) William Newenham Montague Orpen 27 Samhain 1878 Stigh Lorgan |
Bás | 29 Meán Fómhair 1931 52 bliana d'aois Londain, England |
Áit adhlactha | Reilig Putney Vale |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Mhínealaíne Slade An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dearcealaíona |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | péintéir, amharcealaíontóir, ealaíontóir |
Ball de | |
Seánra | Portráid |
Mac/iníon léinn | Reginald Jerrold-Nathan |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | maor |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1928 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928 |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Grace Orpen |
Páirtí | Evelyn St. George |
Páiste | Vivien Antonia Bligh St. George ( Howard Bligh St. GeorgeEvelyn St. George) |
Athair | Arthur Orpen agus Anne Caulfeild |
Siblín | Richard Orpen |
Gradam a fuarthas | |
Ba phéintéir portráidí Éireannach a bhí i William Orpen KBE, RA, RHA (Major Sir William Newenham Montague Orpen; 27 Samhain 1878 – 29 Meán Fómhair 1931) a rinne an chuid ba mhó dá chuid oibre i Londain. Rugadh i, Baile Átha Cliath é,
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Orpen, ar Phrotastúnach é, in 1878 agus tógadh é i Stigh Lorgan, taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath.[1] Aithníodh agus é ina pháiste go raibh buanna ar leith aige san ealaín agus cuireadh chuig Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath é nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d’aois. Sé bliana ina dhiaidh sin fuair sé áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne sé staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.[2]
Portráidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1900idí, ba línitheoir oilte é agus d’éirigh go maith leis i saol na healaíne ag déanamh portráidí na ndaoine mór le rá sa tréimhse díreach sular bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. idir na staidéir choirp agus phortráidí de dhaoine éagsúla, chomh maith leis na féinphortráidí ina ndéanann sé léiriú magúil air féin.[2]
Bhí tábhacht lárnach ag mná ina shaol, ag tosú lena mháthair. Phós sé bean darbh ainm Grace Knewstub a bhí mar ábhar pictiúir sna blianta tosaigh den phósadh. In ainneoin an ghrá a bhí aige di, ba mhinic a bhí caidreamh aige le mná eile, go háirithe na mná a bhí mar mhainiciní aige. Tá an pictiúr ab fhearr leis féin, The English Nude, atá mar chuid den tsraith nuálach a rinne sé ar an chorp nocht sa bhliain 1900.[3][4]
Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
Ealaíontóir cogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Orpen ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh ar 30 Eanáir 1917, fostaithe ag Rialtas na Breataine, agus thaistil sé go dtí an Fronta Thiar sa bhliain chéanna.[5] Is anseo a rinne sé líníocht agus péintéireacht ag léiriú saighdiúirí marbha agus Gearmánaigh a bhí ina bpríosúnaigh, chomh maith le portráidí de na polaiteoirí agus na ginearáil. Chuaigh na radharcanna a chonaic sé go mór i bhfeidhm air agus is san Imperial War Museum atá an chuid is mó acu le feiceáil anois.[2]
Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh sé cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an dá thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha. In ainneoin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean dó na figiúir a ghlanadh amach.
Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh ; tháinig an t-éadóchas agus an drochshláinte air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha dá shaol.
Fuair Orpen bás i 1931 agus clú air ag an am mar dhuine de na healaíontóirí ba cháiliúla sa Bhreatain.[2]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Orpen portráidí de William Máirtín Ó Murchadha agus de John McCormack i measc daoine eile.[2]
Reáchtáladh mhórthaispeántas san Imperial War Museum i Londain sa bhliain 2005, an chéad cheann i ndánlann náisiúnta a rinne athbhreithniú cuimsitheach ar shaothar Orpen.[6]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ainneoin go raibh sé lonnaithe i Londain, chaitheadh Orpen tréimhsí ag péinteáil in Éirinn agus tá a thionchar le brath ar ealaíontóirí na tíre ar nós Sean Keating, a bhí ag dul i mbun oibre ag an am.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ áit a bhfuil eastát tithíochta Orpen a ainmníodh ina onóir, ann anois
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Ciara Nic Gabhann (Aibreán 2005). "William Orpen: an pholaitíocht, an gnéas agus an bás" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-21.
- ↑ 3.0 3.1 Collections (2018-05-22). "Sir William Orpen (1878-1931)" (en-US). The Barber Institute of Fine Arts. Dáta rochtana: 2023-12-21.
- ↑ 4.0 4.1 "William Orpen Painting The English Nude". www.allartclassic.com. Dáta rochtana: 2023-12-21.
- ↑ encyclopedia.1914-1918-online.net (2 MF 2022). "Orpen, William". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Bhí suas le 80 staidéar ola agus 40 píosa líníochta dá chuid le feiceáil san iomlán agus iad tógtha ó fhoinsí éagsúla ar fud na hEorpa, chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe.