William Máirtín Ó Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Máirtín Ó Murchadha
William Martin Murphy Oil Painting by William Orpen.jpg
Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 24, 1885 - Meitheamh 26, 1886
Dúiche: Dublin St Patrick's (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1885
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 1, 1886 - Meitheamh 28, 1892
Dúiche: Dublin St Patrick's (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1886
Saol
Eolas breithe Baile Chaisleáin Bhéarra, 21 Samhain 1844
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, 25 Meitheamh 1919
Oideachas
Alma mater Coláiste Belvedere
Teangacha an Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, foilsitheoir agus duine den lucht gnó
Áit oibre Londain agus Baile Átha Cliath
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochta Páirtí Parlaiminteach na hÉireann

Ba é William (nó Uilliam) Máirtín Ó Murchadha (29 Nollaig 18441919; Béarla: William Martin Murphy) a bhí i gceannas ar na fostóirí sa bhliain 1913 agus iad ag cur in aghaidh an cheardchumannachais, nuair a briseadh amach an Stailc agus Frithdhúnadh i mBaile Átha Cliath.

Fear gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear gnó mór-ratha a bhí in Ó Murchadha a rugadh i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1844. Sa bhliain 1913 bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath, agus ba leisean an siopa ilrannach Clery's chomh maith leis an óstán Imperial.[1] Bhí na nuachtáin Irish Independent, Evening Herald agus Irish Catholic faoina smacht freisin, agus bhí sé ina mhór-scairshealbhóir sa chomhlacht farantóireachta B&I Line. Bhí sé ar dhuine den bheagán Caitliceach i saol gnó na hÉireann, ag an am nuair a deireadh le teacht leis an Chinsealacht Phrotastúnach.

Polaiteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Náisiúnaí tábhachtach a bhí in Ó Murchadha freisin, agus seal caite ina Theachta Parlaiminte in Westminster aige. Sa saol príobháideach bhí clú an fhir chineálta fhlaithiúil air, agus bhí pá ard ag a lucht oibre i gcomparáid leis na gnólachtaí eile.[2]

Bhí Ó Murchadha go mór mór in aghaidh na gceardchumann, ó bhí sé den tuairim nár chóir d'aon duine ón taobh amuigh ladar a chur ina chuid gnóthaí, agus thar aon rud eile bhí sé in aghaidh an Lorcánaigh, agus meas an réabhlóidí dhainséaraigh aige air.

1913[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil 1913 tháinig trí chéad fostóir le chéile agus Ó Murchadha sa chathaoir ar an gcruinniú, agus chinn siad ar cur le chéile in aghaidh na gceardchumann. Bhí Ó Murchadha agus na fostóirí eile meáite ar féachaint chuige nach bhféadfadh an Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar fódú ceart a dhéanamh i measc lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Ar an 15 Lúnasa 1913 shacáil Ó Murchadha dhá scór oibrí a bhí, dar leis, ina mbaill den Cheardchumann. I rith na chéad seachtaine eile tugadh bata agus bóthar do thrí chéad duine eile. Ar feadh seacht míonna bhí na mílte is na hathmhílte de lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Is é an chiall a bhain an tIrish Independent as an scéal gurbh é an Lorcánach an bithiúnach, ach ar ndóigh, ba le hÓ Murchadha na nuachtáin seo.[3]

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-07-11. Dáta rochtana: 2012-01-27.
  2. Desmond, Barry (2009). "No Workers' Republic": 19. Watchword. 
  3. Maume, Patrick: The Irish Independent and Empire, 1891-1919, Simon Potter (ed.) Newspapers and Empire in Ireland and Britain: Reporting the British Empire c.1857-1921 (Dublin, Four Courts Press, 2004) leathnaigh 124–42.

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]