Seán Céitinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Céitinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meán Fómhair 1889
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Nollaig 1977
88 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteKeating, John Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Ghlac sé/sí páirt i
1928Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928
1924Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMay Keating Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJustin Keating Cuir in eagar ar Wikidata
Men of the South (Fir an Deiscirt), 1921, Gailearaí Crawford Gallery, Corcaigh.

Ba phéintéir Éireannach de chuid na 20ú haoise é Seán Céitinn (1889- 21 Nollaig 1977) (Béarla: Seán Keating ) a chum roinnt de na pictiúir phoiblí is cáiliúla in Éirinn. Bhí an-tionchar aige ar na healaíona in Éirinn.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gcathair Luimnigh é. D’fhoghlaim sé líníocht i nGairmscoil Luimnigh sular bhuaigh sé scoláireacht sa bhliain 1909, bronnta ag an bpéintéir cáiliúil William Orpen, chun staidéar a dhéanamh sa Scoil Cathrach na hEalaíona i mBaile Átha Cliath. Chaith sé an-chuid ama sna blianta ina dhiaidh ar Oileáin Árainn agus i stiúideo Orpen i Londain.

staighre, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála

Nuair a d’fhill sé ar Éireann sa bhliain 1916, chum sé pictiúirí faoi Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha. Ina measc siúd, tá

Bhain sé an-chuid cáil as neamhfhoirmiúlacht stíle a shaothair.

National gallery Dublin

Toghadh mar bhall Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1923.

Ba é scéim hidrileictreach na Sionainne mór-thaispeántas tionsclach an stáit nua agus fuair sé coimisiúin ó Bhord Soláthar Leictreachas chun Ard na Croise a phéinteáil.

Chum sé múraíl ag Aonach an Domhain i Nua-Eabhrac sa bhliain 1939.

Taispeánadh a shaothair ag Seó Acadamh Ríoga na hÉireann gach bliain ó 1914 suas go 1975 agus ba Uachtarán an Acadaimh é idir na blianta ó 1949 go 1962.

Bhí sé ag obair fós nuair a chailleadh é sa bhliain 1977 i mBaile Átha Cliath..

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Seán Keating Artist" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-12-21.