Jump to content

Tarracóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tarracóir, An Grianfort
Tarracóirí i mBÁC, 2026

Is mótarfheithicil chumhachtach mhór é an tarracóir, a úsáidtear ar fheirmeacha . Baineann sé le feithiclí troma láidre.

Sna 1940idí a facthas tarracóirí ag feilméaraí tréana sa tír. Bhí an Massey Ferguson sa nGaeltacht sna 1950idí. Tá cion orthu fós mar iarsma ach fathach é tarracóir na linne seo i gcomórtas leis an Ferguson. Laghdaigh siad uilig ualach na hoibre faoin tuath.[1]

Is é an tarracóir an fheithicil is láidre atá ag na feilméaraí agus iad ag cur a gcás faoi bhráid an Rialtais, agus faoi bhráid Choimisinéirí na hEorpa. Feiceann muid an tarracóir sa mBruiséil agus i dtíortha eile le riar blianta.[1]

Sa bhliain 2026, cuireadh na céadta agus na mílte tarracóir ar bóthar ag tarraingt airde ar éileamh lucht na talún timpeall na hEorpa. Chonaic muid é ar bhóithre na hÉireann agus i gcathracha Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe.

Sna bailte móra, cuireann na tarracóirí imní ar dhaoine nach bhfuil cleachta leo . Tógann siad suas spás agus tugann siad misneach don té atá á dtiomáint, cineál tancaer sráide iad na tarracóirí móra; uirlisí cumhachtacha iad nach bhfuil ag muintir na cathrach ná na mbailte móra.

Tá síceolaíocht ag baint leo freisin; ní gá a leathoiread fear agus ban a bheith agat ar dualgas máirseála mar go bhfuil toirt agus torann sa tarracóir, go háirithe na cinn mhóra atá ag feilméaraí anois. Is féidir gluaiseacht na hola, na tráchta agus na tíre a stopadh leo.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Máirtín Ó Catháin (27 Aibreán 2026). "Cumhacht an tarracóra agus bearrán an bhaile mhóir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.