Pól Ó Muirí
(2011) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1965 58/59 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, eagarthóir nuachtáin |
Is file, iriseoir leis an Irish Times, iar-eagarthóir ar Comhar agus scríbhneoir é Pól Ó Muirí (a rugadh sa bhliain 1965).
Óige agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh Ó Muirí in iarthar Bhéal Feirste. Ag an am sin, dar leis, "bhí Béal Feirste scoilte idir thiar, thoir, thuaidh agus theas. Ceithre bhaile bheaga a bhí ann ar bhealach" mar gheall ar na Trioblóidí."[1] Ní raibh sé báúil leis an IRA riamh, áfach.[1]
D’fhreastail sé ar bhunscoil i mBaile Andarsan agus ansin ar mheánscoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna. Is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge agus é aon bhliain déag d'aois. Thug sé cuairt ar Mhín an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill: “Sin an t-am [a deir sé] ar thuig mé den chéad uair go dtiocfadh le duine an teanga seo a labhairt mar theanga bheo, agus thuig mé gur mhaith liomsa í a labhairt”.
Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht in Ollscoil na Ríona, agus Ph.D sa Léann Ceilteach ina dhiaidh sin.
Le linn na tréimhse seo bhíodh Ó Muirí ag scríobh píosaí d'fhoilseacháin mar Comhar, An tUltach, agus Fortnight agus do Raidió Uladh. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na Liathróide Láimhe in Ollscoil na Ríona freisin, agus é an-tugtha don spórt.
Obair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dó an ollscoil a fhágáil thosaigh Ó Muirí ag obair le Fortnight Educational Trust mar eagarthóir agus agus é ag foilsiú forlíonta a bhain le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha.
Is é atá mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times. Thosaigh sé ag obair don Irish Times i lár na nóchaidí, ag scríobh corralt do “Beocheist”. Liam Ó Muirthile a bhí ina eagarthóir Gaeilge ann agus Uinsionn Mac Dubhghaill ina dhiaidh sin: ghlac Ó Muirí an post i ndiaidh Mhic Dhubhghaill. Scríobhann sé colún don Irish Times (agus bhí sé ag scríobh don nuachtán Foinse).
Cumann sé drámaí raidió agus píosaí eile. I mí na Nollag 2008 ghlac sé post mar eagarthóir sealadach ar an iris Comhar.
Uaireanta bíonn sé "dian go leor" ar eagraíochta mar Fhoras na Gaeilge agus "an-chriticiúil maidir le rudaí áirithe agus le “Saol na Gaeilge' go ginearálta".[1]
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil, CIC 2007
- Na Móinteacha, Lagan Press 2003 ISBN 1904652042
- Snagcheol, Lagan Press 2002 ISBN 1873687 97 4
- Acht, Coiscéim 2009
agus go leor eile.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iris Comhar
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Caoimhe Ní Laighin (Aibreán 2005). "Pól Ó Muirí" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-04-13.
- ↑ "Siopa | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-03.