Tomás Mac Síomóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tomás Mac Síomóin
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, 1938
Bás València, 17 Feabhra 2022
Gairm
Gairm iriseoir agus scríbhneoir

Scríbhneoir agus eolaí ba ea Tomás Mac Síomóin (1938- 17 Feabhra 2022). Bhí ceithre leabhar filíochta aige, maille le gearrscéalta, dánta scoite agus altanna iriseoireachta agus critice i nGaeilge, i mBéarla agus i Spáinnis foilsithe thall agus abhus. Bhí dánta dá chuid aistrithe go Sorbais, Gearmáinis, Rúisis, Béarla agus Spáinnis.[1][2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1938. Bhain sé céim amach san eolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Bitheolaí gairmiúil ba ea é, a bhí ina léachtóir ar feadh tamaill i gCorcaigh agus i nGaillimh. Chaith sé seal ag plé le taighde víreaseolaíochta san Ollainn agus sna Stáit Aontaithe. Bhí Dochtúireacht aige ó Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac.

Bhí sé ina léachtóir bitheolaíochta sa Choláiste Réigiúnach Shligigh, agus in Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín, sula ndeachaigh sé go lánaimseartha le scríbhneoireacht.

Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán Anois sna nóchaidí agus ar an irisleabhar Comhar ó 1988 go dtí 1995.[2] Bhí ról lárnach aige san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse as ar eascair Teilifís na Gaeilge.[3]

Bhí cónaí air sa Chatalóin ó na 1990idí ar aghaidh. Ba mhinic é ina thráchtaire agus ina thuairisceoir ar chúrsaí na Spáinne agus na Catalóine ar na meáin Ghaeilge, idir clóite agus craolta.[2]

Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air. Bhásaigh Tomás Mac Síomóin in Valencia ar 17 Feabhra 2022.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cnuasaigh filíochta, gearrscéalta agus úrscéalta scríofa aige, chomh maith le aistriúcháin ón Spáinnis déanta aige ar shaothair mhóra as an gCatalóin agus as Meiriceá Láir.[2]

Leis an bhfilíocht a chuaigh sé i dtosach agus foilsíodh ceithre chnuasach filíochta leis sular thug sé faoin bprós, Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).[3]

I measc na n-úrscéalta a chum sé bhí An bhfuil Stacey ag iompar? (2011),  Ag Altóir an Diabhail (2003), Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, agus An Tionscadal (2007), a bhuaigh príomhdhuais liteartha an Oireachtais.

Bhuaigh sé duaiseanna liteartha an Oireachtais faoi dhó. Bhuaigh a chnuasach Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile príomhdhuais an Oireachtais don ghearrscéalaíocht. Bhain úrscéal dá chuid, An Tionscadal, príomhdhuais liteartha an Oireachtais 2006.

Cúrsaí sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhreac sé a smaointe i leith cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i gcúig leabhrán a foilsíodh idir 2004 agus 2006. Rinne sé cuid de na téamaí ab ansa leis a chíoradh sna leabhráin sin, stádas paradacsúil na Gaeilge, dán na teanga, an pobhlachtánachas agus duáilcí an nualiobrálachais.[3]

Phléigh sé lorg an choilíneachais ar mhuintir na hÉireann agus ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus cumhachta i saothair neamhfhicsin eile amhail The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland (2014) agus The Gael becomes Irish: An Unfinished Odyssey (2020).

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scian (Sáirséal Ó Marcaigh, 1991)
  • Cré agus cláirseach (Sáirséal Ó Marcaigh, 1983)
  • Codarsnaí (Clódhanna Teo., 1981)
  • Damhna agus Dánta eile (Sáirséal & Dill, 1974)

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cín lae seangáin agus scéalta eile (Coiscéim, 2005)

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • In inmhe (Coiscéim, 2004)
  • Ag altóir an diabhail: striptease spioradálta Bheartla B (Coiscéim, 2003)
  • An Tionscadal (Duais-úrscéal Oireachtas na Gaeilge 2006)[4][5]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Na cathracha caillte (Coiscéim, 2004), aistriúcháin ar dánta Spáinnise Ernesto Cardenal
  • Selected poems /Tacar dánta (Goldsmith Press, 1984), cnuasach dhátheangach de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin roghnaithe agus aistrithe go Béarla i gcomhar le Douglas Sealy (chuir Tomás Mac Síomóin agus Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin).
  • Mo Chroí san Afraic (An Gúm, 2002), aistriúcháin El meu cor es diu Africa, (Victor Mora), in éineacht le Carl Mac Gabhann

Paimfléid[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, 2006)
  • Ceachtanna ón gCatalóin: teanga i ngleic le nualiobrálachas (Coiscéim, 2005)
  • Tuairisc ón bPluais: poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth (Coiscéim, 2004)

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Macallaí na Cásca, 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge (Coiscéim, 2006)
  • Ceachtanna ón gCatalóin ː Teanga i nGleic le Nualiobrálachas', Feasta - Meitheamh 2006

Saothair i dteangacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dánta i An Crann Faoi Bhláth-The Flowering Tree (Eag: Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice), Wolfhound, B.Á.C. 1991.
  • Das zweimaleins des Steins-Poesie aus Irland. Die horen. Bremerhaven. 1998 (filíocht)
  • Einsamkeit in Erkundungen-30 irische Erzähler. Verlag Volk und Welt. Berlin. 1979. (gearrscéal)

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Agallamh le Tomás Mac Síomóin, 2010 ar Youtube
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2022-02-18). "Tomás Mac Siomóin, údar agus file, tar éis bháís" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 3.2 "Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie (18 Feabhra 2022). Dáta rochtana: 2022-02-18.
  4. Sliocht as an saothar a ghnóthaigh duais Oireachtas na Gaeilge don úrscéal 2006. (2007-09-27). "Cartlann Comhar: Tomás Mac Síomóin". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2022-02-18.
  5. Coise Life. "An Tionscadal". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2022-02-18.