Jump to content

Amharc Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinAmharc Éireann
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánranuacht Cuir in eagar ar Wikidata

I 1959, sheol Gael Linn Amharc Éireann, nuachtscannán seachtainiúil Gaeilge. Craoladh an nuachtscannán i bpictiúrlanna ar fud na Poblachta ó 1956 go dtí 1964.[1]

Léirigh Gael Linn an tsraith ó 1956 ar aghaidh chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Sular tháinig an teilifís i réim (tháinig Telefís Éireann ar an bhfód ar 31 Nollaig 1961), taispeánadh na gearrscannáin i bpictiúrlanna ar fud na tíre mar réamhtheacht ar na príomhscannáin, tráth a mbíodh suas le milliún duine ag freastal ar an bpictiúrlann gach seachtain. Roimh Telefís Éireann, ba é Amharc Éireann an t-aon fhoinse nuachta a bhí ann i bpictiúrlanna.[2] Ach níor craoladh riamh iad sa Tuaisceart.

Cuireadh tús leis an tsraith sa bhliain 1955 nuair a thug Ernest Blythe, Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (comhairle náisiúnta na Gaeilge) £100 ar iasacht do Gael Linn chun gearrscannán a léiriú don phictiúrlann. Ba é an “píolóta” seo an chéad cheann de shraith fhada nuachtríleanna – Amharc Éireann de chuid Gael Linn.

Ó 1956 go lár 1957, bhíodh scannáin ghearra aon-scéil sa tsraith a dháiltí ar phictiúrlanna ar fud na tíre gach mí. Bhí an-tóir orthu láithreach, agus faoi 1959 bhí an tsraith tagtha chun cinn ina nuachtscannán seachtainiúil níos traidisiúnta. De ghnáth bhíodh trí nó ceithre scéal ar leith ó gach cearn den tír i ngach eagrán.

Lean an tsraith ar aghaidh go dtí 1964, nuair a tháinig laghdú suntasach ar ábharthacht agus ar an éileamh a bhí ar nuachtscannáin na pictiúrlainne mar gheall ar láithreacht na teilifíse mar mhodh chun nuacht laethúil a sheachadadh do phobal na hÉireann.[3]

Ba é bunú nuachtríleanna Amharc Éireann sa bhliain 1956 an chéad nuachtríl dhúchasach rialta do phictiúrlanna ó Irish Events sna 1920idí. Bhí Amharc Éireann ar cheann de na tionscadail luatha ba rathúla agus ab inrochtana de chuid Gael Linn ag an am.[3]

Tugadh tuairisc ar gach gné de shaol an Tuaiscirt agus an Deiscirt. Cuireadh 267 nuachtscannán le chéile ar an iomlán. Clúdaíonn siad réimse leathan ábhar, ó theacht Bhanphrionsa Grace agus Phrionsa Rainier go hAerfort Bhaile Átha Cliath in 1961, go dtí an tragóid eitleáin in aice na Sionainne an bhliain chéanna inar cailleadh 83 duine.

Tugann an raon ábhar spéise Éireannaí a clúdaíodh (ó chrua-scéalta nuachta go míreanna ar stíl irise) léargas beoga ar fhorbairt thapa na hÉireann nua-aimseartha le linn tréimhse thar a bheith forásach faoi stiúir T.K. Whitaker, Rúnaí na Roinne Airgeadais, agus an Taoisigh, Seán Lemass. Tá dul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta na linne le sonrú i monarchana nua, forbairt uirbeach, imeachtaí cultúrtha agus spóirt.[4] Feictear réimse leathan scéalta amhail tabhairt isteach seomraí ranga réamhdhéanta a bhí nuálaíoch i scoileanna; oscailt monarcha guma coganta; seoladh an chéad stáisiún cumhachta ola-dhóite in Éirinn.

Feictear chomh maith forbairt uirbeach i scartáil na hAmharclainne Ríoga agus Amharclann na Mainistreach, agus tógáil Phictiúrlann Adelphi. Ceaptar cuairteoirí idirnáisiúnta ar nós Louis Armstrong, agus Margaret Rutherford, agus baineann gnáthdhaoine taitneamh as craobhchomórtais treabhdóireachta, fleadhanna cheoil, imeachtaí spóirt, damhsa bálseomra, seilg, lámhach agus comórtais cos álainn.

Léiríonn na scannáin íogaireacht agus tuiscintí na dtréimhsí ina ndearnadh iad. D’fhéadfadh teanga agus dearcaí a bheith san áireamh sa tráchtaireacht i gcuid de na scannáin a bhí coitianta agus inghlactha go sóisialta tráth an léiriúcháin ach nach mbeadh chomh coitianta céanna de réir chaighdeáin níos soiléire an lae inniu.

Ba iad Colm Ó Laoghaire (léiritheoir), Jim Mulkerns agus Vincent Corcoran (ceamaradóirí), Peter Hunt (fuaim), Breandán Ó hEithir agus Máirtín Ó Cadhain (scríbhneoirí scripte), Pádraic Ó Raghallaigh (glór tráchtaireachta) agus Gerard Victory (cumadóir) croífhoireann na sraithe. Ar na baill eile den chriú bhí George Morrisson, Nick O’Neill, Val Ennis agus Morgan O’Sullivan.

Rinneadh na ríleanna i Sasana. Ní raibh áiseanna léirithe le fáil in Éirinn ag an am. Mar sin bhí brú seasta ama ar na léiritheoirí i gcónaí.

In 2026, cuireadh an bailiúchán ar ardán cartlainne Institiúid Scannán na hÉireann, Cuireann an Institiúid léarscáil idirghníomhach ar fáil a ligeann do thaighdeoirí agus do chuairteoirí scéalta a aimsiú de réir ceantair. Tá fotheidil Bhéarla ar fáil ar na scannáin uile, agus tá ábhar Gaeilge agus cur síos déanta ag Gael Linn. Is féidir an chartlann a fheiceáil ar líne.[5][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. imdb.com. "Amharc Eireann Newsreel". www.imdb.com. Dáta rochtana: 2026-03-07.
  2. "Amharc Aneas - 1959 & 1960 | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga) .
  3. 1 2 "Amharc Éireann : A View of Ireland" (ga-IE). IFI Archive Player. Dáta rochtana: 2026-03-07.
  4. 1 2 Eagarthóir (2026-03-06). "Scéalta na 1950í agus 60í beo i gcartlann nua Amharc Éireann" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-07.
  5. "Amharc Éireann : A View of Ireland" (en-GB). IFI Archive Player. Dáta rochtana: 2026-03-07.