Clarence (sraith theilifíse 2014)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Clarence
Clarence (2014) logotype.svg
Seánra Beochan
Fad na n-eipeasóidí Timpeall 11 nóiméad
Dearthóir(í) Skyler Page
Léiritheoir(í) Keith Mack
Cumadóir ceol téama Simon Panrucker
Ceol téama oscailte "King of the World"
Teanga Béarla
Tír SAM
Craoltóir Cartoon Network
Céad rith 14 Aibreán, 2014 – 24 Meitheamh, 2018
Méid séasúr 3
Méid eipeasóidí 130 (Eipeasóidí)

Is é Clarence an tsraith bheoite Mheiriceánach. Baineann sé le gnáthshaol Clarence Wendle, agus leis an gcaoi a réitíonn sé fadhbanna. Craoladh an chéad eipeasóid ar 14 Aibreán 2014 ar ghréasán Cartoon Network. Ó shin i leith, craoladh os cionn 130 eipeasóid go dtí gur chríochnaigh sé an 24 Meitheamh 2018.

Craoladh an tsraith in Éirinn den chéad uair ar an 17 Meán Fómhair 2019 sa chainéal teilifíse Cúla 4.[1]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is buachaill neamhurchóideach é Clarence atá lán fuinnimh. Ní cheapann Clarence go bhfuil dochar in aon duine ná in aon ní. Mhairfeadh sé ag spraoi lena chairde agus ní bhíonn drochghiúmar riamh air.

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ordaigh Cartoon Network 12 eipeasóid de 15 nóiméad den tsraith Clarence.[2] Deir Skyler Page, cruthaitheoir an chláir, gur thóg sé inspioráid óna óige chun an tsraith a dhéanamh. Craoladh an chéad eipeasóid ar an 14 Aibreán, 2014.

Ar 7 Iúil, 2015, rinneadh an tsraith a athnuachan don dara séasúr, ar dtús, 26 eipeasóid. Dúirt Spencer Rothbell ar a chuntas Twitter gur chuir Cartoon Network an tsraith ar ceal ar 4 Aibreán, 2017. Tháinig deireadh leis an tsraith ar 24 Meitheamh, 2018.

Aisteoirí gutha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Skyler Page: Clarence Wendle (ep. 1-32, 35-36)
  • Spencer Rothbell: Clarence Wendle (ep. 33-34, 37-130)
  • Sean Giambrone: Jeff Randell
  • Tom Kenny: Ryan Sumouski

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]