Cúla 4
Is bloc clár Gaeilge é Cúla 4 agus cainéal teilifíse do pháistí Éireannacha in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Feidhmíonn TG4 é.
Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an bloc cláir den chéad uair i 1996 mar Cúlabúla; tar éis TnaG a athbhrandáil go TG4, athainmníodh Cúlabúla mar "Cúla4". Amhail an 1 Meán Fómhair 2009, tá Cúla 4 ar fáil mar chainéal ar leithligh do chustaiméirí Virgin Media Ireland ar chainéal 602.[1]
Tá an chuid is mó de na cláir comhdhéanta de chláir náisiúnta agus idirnáisiúnta, le dubáil nó fotheidil i nGaeilge. Oibríonn Cúla4 le craoltóirí idirnáisiúnta chun leaganacha Gaeilge de shraitheanna teilifíse coitianta a tháirgeadh ar Nickelodeon, Cartoon Network agus PBS. Oibríonn sé freisin le cuideachtaí beochana náisiúnta chun cláir logánta a dhéanamh. Tairgeann Cúla4 rud ar leith i margadh teilifíse páistí sáithithe in Éirinn le RTÉjr/TRTÉ, Nickelodeon, Cartoon Network agus Disney Channel. Tá cláir Cúla4 i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla, murab ionann agus a chomórtas ina bhfuil formhór a gcuid clár i mBéarla amháin.
Bloic cláir i Cúla 4[cuir in eagar | athraigh foinse]
- CÚLA4 NA nÓG: craoladh idir 7:00 agus 14:00. Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 2 agus 5 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Elmo Anseo, Tar ag Spraoi Sesame, Dora, Ni Hao, Kai-Lan, Franny's Feet, Dive, Olly, Dive agus The Mr. Men Show.
- CÚLA4: craoladh idir 14:00 agus 16:50. Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 6 agus 11 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Ben 10, Johnny Test, Spongebob SquarePants, Scaredy Scuirrel, Back at the Barnyard, Eliot Kid, The Mighty B!, Skunk Fu, Bog Stop, Fanboy & Chum Chum agus Clarence.
- PONC: craoladh idir 16:50 agus 19:00. Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 12 agus 18 bliana d'aois. Tá roinnt clár drámaíochta beo ann, mar shampla Aifric, agus seónna idirnáisiúnta mar H2O, Life with Derek, 8 Simple Rules, Pimp My Ride, My Super Sweet 16, The Hills, The City, Gossip Girl, South Park, One Tree Hill, Dance Academy, Switched at Birth, Wipeout agus What I Like About You.
Cláir i Cúla4 na nÓg[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Abby & Scoil Eitilte na Síoga
- Ag Spraoi le Claude
- Arán Draíochta
- Béar Mór agus Gíog
- Dora
- Eachtraí Bert & Ernie
- Elmo Anseo
- Global ag Taisteal
- Igam Ogam
- Inui
- Kioka
- Loopdidoo
- Mouk
- Ni Hao, Kai-Lan
- Olivia
- Óstán Furchester
- Raa Raa an Leon Glórach
- Rith Diego Rith
- Saol faoi Shráid
- Toto i dTrioblóid
- Tractor Tom
- Traein na nDineasár
- Wonder Pets
- Wow! Wow! Wubbzy!
Cláir i Cúla 4[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Angelo Rules
- Atomic Betty
- Avatar: The Last Airbender
- Codename: Kids Next Door
- Doodlebops Rockin' Road Show
- Edgar and Ellen
- Eloise
- Firehouse Tales
- Foster's Home for Imaginary Friends
- Garfield
- I.N.K. Invisible Network of Kids
- Jay Jay The Jet Plane
- Lizzie McGuire
- Pet Alien
- Puppy in my Pocket
- Scaredy Squirrel
- The Batman
- Scéalta Tom & Jerry
- Winx Club
- Watership Down (craoladh anois ar RTEjr)
Tá Cúla 4 tar éis roinnt scannáin leanaí a chur i nGaeilge, mar Harry Potter, Jungledyret Hugo, Free Willy, Scooby Doo, Charlie and the Chocolate Factory, Thumbelina agus A Troll in Central Park.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- The Den
- Nickelodeon
- Cyw - Cainéal teilifíse do pháistí sa Bhreatnais