Jump to content

The Script

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThe Script

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2007, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2001 
Lipéad ceoilEpic Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPop rac, rac malartach agus popcheol Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinthescriptmusic.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: thescript X: thescript Instagram: thescriptofficial Youtube: UC_j_M2YqgSRhLUEyOle8n1Q TikTok: thescripttok Soundcloud: thescript Spotify: 3AQRLZ9PuTAozP28Skbq8V Apple Music: 277228393 Last fm: The+Script Musicbrainz: 4c98aa1b-34eb-4336-987f-5e50aa059c00 Songkick: 465363 Discogs: 1180431 Allmusic: mn0001013375 Deezer: 71569 Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa rac-cheoil é The Script ó Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh “The Script” sa bhliain 2001. Tá triúr sa ghrúpa, is iad Danny O' Donoghue, Mark Sheehan agus Glen Power. Bhuail Danny le Mark i gclub oíche. Bhí suim ag Danny sa cheol céanna le Mark. Bhí Danny agus Mark i ngrúpa eile roimh “The Script”. “MyTown” an t-ainm a bhí ar an ngrúpa. Bhí Danny agus Mark ag seinnt le “MyTown” ó 1996 go 2001.

Cúlra agus Tinfeadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí “U2”, “The Police”, “The Neptunes”, “Timbaland” agus “Van Morrison” mar thionchair orthu. Sheinn “The Script” an t-amhrán “We Cry” ar “BalconyTv”, i mBaile Átha Cliath, i mí Meán Fómhair 2007. Bhí an t-ámhran ag uimhir a 15 ar na cairteanna ceoil i Sasana agus uimhir a naoi sna cairteanna ceoil in Éirinn. Sheol siad an t-ámhran “The Man Who Can't Be Moved” bliain tar éis “We Cry” i mí Meán Fómhair 2008. Bhí an t-ámhran ag uimhir a dó sna cairteanna ceoil i Sasana, in Éirinn agus sa Danmhairg. Sheol siad a gcéad albam sa bhliain chéanna. Sheinn The Script le Paul McCartney agus U2 nuair a bhí siad ar chamchuairt sa bhliain 2009. Bhuaigh siad trí dhuais ceoil sa bhliain chéanna.

Sheol siad a dara halbam i Meán Fómhair 2010. Tá an t-albam ag uimhir a haon sna cairteanna in Éirnn agus i Sasana anois. Ar Dé hAoine, 25ú Meán Fómhair, chuaigh ticéid cheolchoirme ar díol agus díoladh amach i dtri nóiméad iad. Beidh “The Script” ag dul ar chamcuairt i Meiriceá i nDeireadh Fómhair. Scríobh The Script amhrán le haghaidh Leona Lewis freisin.

Camchuairteanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Homecoming: Live at the Aviva Stadium, Dublin[1]


  1. http://www.amazon.co.uk/Homecoming-Live-Aviva-Stadium-Dublin/dp/B005STGLNS