Bus Éireann
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | intercity bus company (en) ![]() ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | Feabhra 1987 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | Córas Iompair Éireann ![]() |
Suíomh gréasáin | buseireann.ie ![]() |
Is comhlacht stáit Éireannach é Bus Éireann a sholáthraíonn seirbhísí bhus in Éirinn. Is é Busáras i mBaile Átha Cliath lár-stáisiún an chomhlachta.
Cuireann Bus Éireann cúrsaí náisiúnta, áitiúla, idirchathracha agus scoile ar fáil timpeall na tíre - sa Phoblacht agus sa Tuaisceart.
Gréasán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá gréasán mór ag Bus Éireann sa tír. Mar shampla, is é cúrsa #1 an cúrsa idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus is é #12 an cúrsa idir BÁC agus Luimneach. Freisin, bíonn seirbhísí oíche agus go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionna, Aerfort Cnoc Mhuire srl.
Bíonn na busanna ar an bóthar go minic agus tá na táillí saghas saor. Mar seo, is cineál iompar coitianta é an bus sa tír.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an comhlacht mar fhochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann sa bhliain 1987.
Ar 23 Bealtaine 2005, maraíodh cúigear nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh, agus é á thiomáint timpeall cúinne.[1][2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-23). "20 bliain ó thimpiste bus scoile san Uaimh, inar maraíodh cúigear" (as ga-IE).
- ↑ "RTE News - Five schoolgirls killed in Co Meath crash". web.archive.org (2005-05-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-05-26. Dáta rochtana: 2025-05-23.