Broc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBroc
Mustelidae Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdCarnivora
ForfhineMusteloidea
FineMustelidae Cuir in eagar ar Wikidata
Fischer von Waldheim, 1817
Ainmníocht
BunlitriúMustelini Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMustela Cuir in eagar ar Wikidata

Is uiliteoirí gearrchosacha iad na broic san fhine Mustelidae (in éineacht leis na dobharchúnna, glutain, cait chrainn, minceanna, cait choille, easóga, agus firéid). Is grúpa polaifíléiteach seachas grúpa tacsanomaíoch nádúrtha iad na broic, bunaithe ar a gcorp dingthe agus buntáistí éabhlóideacha i gcomhair tochailt.

Sanasaíocht agus stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go dtagann an focal “broc” ón Phróta-Cheiltis *brokkos a chiallaíonn “liath” (cf. Breatnais broch, Sean-Bhéarla brocc, agus an t-ainm neamhchoitianta Béarla brock).[1]

Nuair a úsáidtear an téarma “broc” i nGaeilge, is tagairt don bhroc Eorpach é de ghnáth, an speiceas amháin atá dúchasach in Éirinn.[2]

Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach. Bhí meas ag Gaeil ar an mbroc chuile lá riamh. Bhaineadh na Ceiltigh leas as craicne na mbroc. Bhítí ag ithe a chuid feola i bhfad siar sa stair. Déantar tagairt i nDlí na mBreithiúna don bhroc, don fhia agus don mhuc fhiáin mar ainmhithe seilge.

Níos déanaí, chreid cuid de na daoine gur ó na muca a thug na Lochlannaigh go hÉirinn a shíolraigh na broic. Ar ndóigh bhí an broc ar oileán na hÉireann i bhfad roimhe sin.

Níos gaire ná sin sa stair bhíodh daoine bochta ag ithe feoil bhroic. D’itheadh na daoine bochta an broc muice. Bhíodh an-tóir ar a chuid feola in éineacht le cabáiste.

An bhrocaireacht, 1823

Béaloideas agus nósanna in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart scéalta san fhinscéalaíocht agus sa mbéaloideas faoi na broic. Mar shampla

  • Bhíodh Suibhne Geilt ag éisteacht le sianaíl na mbroc agus é ag imeacht roimhe tríd an bhforaois.
  • Tá trácht i gceann de na scéalta Fiannaíochta ar Chaoilte Mac Rónáin a bheith ag fiach broc.
  • Sa scéal ‘Oidheadh Chloinne hUisneach’ deir Déirdre go mbíodh sí ag ithe feoil bhroic in Albain, sin agus iasc agus fiafheoil.
  • Dúradh sa Leabhar Laighneach go raibh feoil bhroic sách maith le cur ar bhord an rí.[3]

Bhí broic go fairsing san áit a raibh Naomh Ciarán lonnaithe. Lá amháin ghoid sionnach ceann dá chuid cuarán. Chuaigh broc de rite reaite i ndiaidh an tsionnaigh, rug sé i ngreim cluaise air agus chuir sé iachall air an cuarán a thabhairt ar ais chuig Ciarán.

Ceapadh gur feoil a bhí intí a bhí thar cionn agus go dtéadh sé go mór chun sochair do bhean a bheadh tar éis páiste a thabhairt ar an saol agus a dteastaíodh cothú faoi leith uaithi lena neartú.[2] Neartódh sí go breá í a deirtí.

Lenár linn féin cuireadh milleán ar an mbroc faoi bheith ag scaipeadh eitinn bhólachta. Maraíodh go leor de na broic ar an gcúis sin. Tá eolaithe a cheapadh anois gurbh fhearr agus gur dhaonna i bhfad vacsaíniú a dhéanamh ar an mbroc mar a dhéantar ar an sionnach ar Mhór-roinn na hEorpa le confadh a chosc.[3]

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mamach oíchí feoiliteach atá ann a chónaíonn i bpoll sa talamh, an brocach .

  • De ghnáth 0.5-1 rn ar fhad, liath-dhonn, agus le dathanna dubha is bána.
  • Leathan le colainn throm, a aghaidh gobach, a smut fada go leor, a ingne géar is a fhionnadh mosach.[4]

Ceapadh i gcónaí gur ainmhí meabhrach a bhí ann. Tá an broc an-fhaiteach. Is annamh a feictear an broc. "Is brocach an t-ainm atá ar an áit a gcónaíonn sé. Bíonn féir agus cleití i mbéal an mbrocaidh."[5]

brocach

Aicmiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na cúig speiceas déag aicmithe laistigh de cheithre fhofhine:

  • seacht speiceas Melinae (géinis Meles, gaineamhbhroc (arctonyx) na hÁise, agus an broc Eorpach Meles meles san áireamh),
  • sé speiceas Helictidinae, firéadbhroc nó na broic firéid (helicitis, géineas Melogale, ),
  • an broc meala (Mellivora capensis, san fhofhine Mellivorinae), agus
  • an broc Meiriceánach (Taxidae taxus nó taxidea Mheiriceá san fhofhine Taxidae).

D'aicmítí an dá speiceas de bhroic bhréantais (géineas Mydaus) laistigh de Melinae, ach léiríonn an fhianaise ghéiniteach is déanaí gur baill den fhine Mephitidae (na scúinc) iad.[6]

  • Fine Mustelidae
    • Fofhine Melinae[7][8][9]
      • Géineas Arctonyx
        • Broc muice tuaisceartach, Arctonyx albogularis
        • Broc muice mór, Arctonyx collaris
        • Broc muice Sumatrach, Arctonyx hoevenii
      • Géineas Meles
        • Broc Seapánach, Meles anakuma
        • Broc na hÁise, Meles leucurus
        • Broc Eorpach, Meles meles
        • Broc Cugasach, Meles canescens
    • Fofhine Helictidinae[7][8][9]
      • Géineas Melogale
        • Broc firéid Burmach, Melogale personata
        • Broc firéid Iávach, Melogale orientalis
        • Broc firéid Síneach, Melogale moschata
        • Broc firéid Formósach, Melogale subaurantiaca
        • Broc firéid Boirneoch, Melogale everetti
        • Broc firéid Vítneamach, Melogale cucphuongensis
    • Fofhine Mellivorinae
    • Fofhine Taxidiinae:
      • Chamitataxus avitus
      • Pliotaxidea nevadensis
      • Pliotaxidea garberi
      • Broc Meiriceánach, Taxidea taxus
  • Fine Mephitidae
    • Fofhine Mydainae
      • Géineas Mydaus
        • Broc bréantais Indinéiseach, Mydaus javanensis
        • Broc bréantais Palawan, Mydaus marchei

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Weiner, E. S. C. (1989). "The Oxford English Dictionary". Oxford: Clarendon Press. ISBN 978-0-19-861186-8. Dáta rochtana: 30 August 2008. 
  2. 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (9 Meitheamh 2023). "Obair ghránna is ea an bhrocaireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  3. 3.0 3.1 Seosamh Ó Cuaig (27 Iúil 2021). "Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  4. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiccéim). 
  5. "Baile an Chaisil B. | The Schools’ Collection" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  6. Goswami, Anjali (2010). "Carnivoran Evolution: New Views on Phylogeny, Form and Function". Cambridge University Press. ISBN 978-0-521-73586-5. 
  7. 7.0 7.1 Koepfli (February 2008). "Multigene phylogeny of the Mustelidae: Resolving relationships, tempo and biogeographic history of a mammalian adaptive radiation". BMC Biology 6. doi:10.1186/1741-7007-6-10. PMID 18275614. 
  8. 8.0 8.1 Yu (2011). "On the phylogeny of Mustelidae subfamilies: analysis of seventeen nuclear non-coding loci and mitochondrial complete genomes". BMC Evol Biol 11 (1). doi:10.1186/1471-2148-11-92. PMID 21477367. 
  9. 9.0 9.1 Law (2018-01-01). "Lineage Diversity and Size Disparity in Musteloidea: Testing Patterns of Adaptive Radiation Using Molecular and Fossil-Based Methods". Systematic Biology 67 (1): 127–144. doi:10.1093/sysbio/syx047. PMID 28472434.