Uiliteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainmhí nó duine a mbíonn feoil ainmhithe is ábhair phlandúla ina chothú. Is féidir go mbeidh sainfhiacla aige chun déileáil leis na bianna éagsúla. Tá an téarma seo i gcontrárthacht le feoiliteach don ainmhí (cosúil leis an leon) a itheann feoil amháin, féiriteach don ainmhí (cosúil leis an mbó) a itheann féar amháin, agus planditeach don ainmhí a itheann ábhair phlandúla amháin. Duine nach n-itheann feoil, tugtar feoilséantóir air.